Ní mór achomhairc ó chinntí de chuid na hArd-Chúirte i gcásanna sibhialta a thabhairt faoi cheann 28 lá de chomhlánú (síniú ag cláraitheoir na cúirte) an ordaithe atá le hachomharc.

Fógra achomhairc a thaisceadh

Fógra achomhairc a thaisceadh

In amanna, bíonn srian ar an gceart achomhairc, mar shampla b'fhéidir gur ghá don Ard-Chúirt cead achomhairc a thabhairt sula bhféadann an Chúirt Achomhairc plé leis an gcás. Is iad cásanna Barántas Gabhála Eorpach agus cineálacha áirithe cásanna pleanála na samplaí is coitianta de seo.

Is féidir fógra achomhairc a thaisceadh lasmuigh den teorainn 28 lá má thugann an freagróir (an páirtí ar an taobh eile) litir duit ina dtoilítear cur isteach déanach d'achomhairc. Mura dtoilíonn siad, is féidir iarratas a chur faoi bhráid na Cúirte Achomhairc trí fhógra foriarratais ar shíneadh ama.

Ní mór duit dleacht stampála cúirte   (court stamp duty)a íoc ar dhoiciméid a bhaineann le hachomharc ach amháin go bhfuil siad díolmhaithe ar dhleacht.  Is iad na príomhchineálacha cásanna nach gá dleacht stampála a íoc ina leith: eiseachadadh, dlí teaghlaigh, cásanna sibhialta ag éirí as imeachtaí coiriúla (.i.e. bannaí agus athbhreithniú breithiúnach), féimheacht agus tearmann.

Ní féidir ordú a dhéantar in imeachtaí ar achomharc ón gCúirt Chuarda chun na hArd-Chúirte a achomharc sa Chúirt Achomhairc

Tá  foirm an fhógra achomhairc (form of notice of appeal) i rialacha na cúirte.  Má tá rannán san fhoirm nach mbaineann le d'achomharc, ná scrios an rannán - ach iontráil 'Ní/Bh'. Ní mór duit an t-eolas seo a leanas a chur ar fáil:

  • Teideal an cháis mar atá sé ar an ordú Ard-Chúirte
  • Cinneadh is mian leat a achomharc (m.sh. Ordú Ard-Chúirte dar dáta ….)
  • Foras achomhairc (na fáthanna ar mian leat achomharc)
  • Ordú is mian leat an Chúirt Achomhairc a dhéanamh
  • Doiciméid a mbeidh tú ag brath orthu
  • Sonraí teagmhála duit féin agus freagróir an achomhairc - lena n-áirítear seoltaí r-phoist agus uimhreacha gutháin

 

Más breithiúnas scríofa a thug an Ard-Chúirt i do chás, ní mór duit cóip den bhreithiúnas a thaisceadh. Murab é, is féidir/ní mór tras-scríbhinn den bhreithiúnas a iarraidh. Tabharfaidh an oifig eolas duit ar conas cur isteach ar thras-scríbhinn.

Ní mór duit an fhoirm fógra achomhairc a shíniú agus dáta a chur leis .  Ní mór duit dleacht stampála cúirte (court stamp duty) a íoc - €250.00 faoi láthair - ar an bhfógra ach amháin má tá d'achomharc díolmhaithe ar íoc dleachta.

Ba chóir duit d'fhógra achomhairc agus dhá chóip ar a laghad a thabhairt chuig Oifig Shibhialta na Cúirte Achomhairc, Áras Uí Dhálaigh, Cé na nÓstaí, Baile Átha Cliath 7. Beidh cóip fhianaithe de dhíth ort fosta de chóip na hArd-Chúirte. Ní mór duit an chóip fhianaithe a iarraidh ó Phríomh-Oifig na hArd-Chúirte. Ciallaíonn 'fianaithe' go bhfuil foirm theastais inti a dtugtar suntas di ar an gcóip den ordú. Ní mór duit dleacht stampála cúirte a íoc - €250.00 faoi láthair - ar chóip fhianaithe.

Is féidir fógra achomhairc a chur sa phost ach ní de r-phost.

Ag oifig na cúirte, seiceálfaidh an fhoireann d'fhógra achomhairc chun a chinntiú go gcomhlíonann sé rialacha na cúirte. Má tá d'fhoirm in ord, sannfar dáta don achomharc i gcomhair liostú cúirte 6 go 8 seachtaine níos moille (dáta 'treoracha'). Seo é an dáta a mbeidh an t-achomharc sa chúirt i leith treorach maidir le taisceadh aighneachtaí scríofa dlí agus sannadh dáta éisteachta.

Tabharfaidh an oifig duit cóipeanna agus dáta stampáilte orthu de d'fhógra achomhairc. Ní mór duit cóip a sheirbheáil ar an bhfreagróir (páirtí eile an achomhairc) faoi cheann 7 lá agus cóip a choinneáil duit féin.

Tá 21 lá ag an bhfreagróir chun fógra Freagróra (a Respondent's notice) a thaisceadh agus a sheirbheáil ina leagfar amach foras freasúra an achomhairc.

Más ó ordú a rinneadh sa Chúirt Tráchtála atá an t-achomharc, tabharfar dáta don achomharc don chéad Liosta Treoracha i ndiaidh thaisceadh an achomhairc agus cuimseofar am d'Fhógra an Fhreagróra sna treoracha a thabharfaidh an Chúirt.

Más ó chatagóir na n-achomharc sibhialta a thagann an t-achomharc, ag éirí as imeachtaí a bhfuil gné choinneála nó choiriúil acu (m.sh. eiseachadadh, bannaí, Airteagal 40/ habeas corpus, agus athbhreithniú breithiúnach in imeachtaí coiriúla, tabharfar an dáta treoracha is luaithe agus is féidir don achomharc don liosta bainistíocht cásanna coiriúla a thógtar Dé hAoine i bhFoirgneamh na gCúirteanna Breithiúnais Coiriúla.