Conas a thugaim gnó sibhialta ós comhair na Cúirte Dúiche?

Conas a thugaim gnó sibhialta ós comhair na Cúirte Dúiche?

Tionscnaítear imeachtaí de bhun doiciméid ar a dtugtar fógra éilimh. Ní mór duit dleacht stampála a íoc ('táillí cúirte') ar an bhfógra agus braitheann an tsuim ar luach an éilimh. Tá eolas ar an tsuim atá le híoc san  Ordú Táillí Cúirt Dúiche.

Ní mór don fhógra a bheith i bhFoirm Sceideal C  40.01, nó i  bhFoirm 40.02  in éileamh fiachais. Ní mór an fógra comhlánaithe, stampáilte a chur faoi bhráid na Cúirte Dúiche le haghaidh a eisiúna.

Ní mór an t-eolas seo a leanas a bheith san fhógra éilimh:

  • Cur síos ar na páirtithe. Ní mór ainm iomlán, seoladh, gairm bheatha, mionsonraí aturnae agus seoladh seirbheáil doiciméad an éilitheora - agus an fhreagróra (lena n-áirítear mionsonraí an aturnae má tá siad ar eolas) - a chur ar fáil.
  • Ráiteas éilimh. Ní mór go leagtar amach go soiléir agus go hachomair san fhógra na líomhaintí atá á ndéanamh ag an éilitheoir agus an tsuim nó réiteach eile atáthar a iarraidh. Ní mór liosta a bheith ann den chomhfhreagras uile agus de dhoiciméid eile ar a bhfuil an t-éileamh ag brath. Ba chóir a chur in iúl go soiléir don fhreagróir go bhfuil cás le freagairt acu.
  • An limistéar cuí Cúirt Dúiche ina bhfuiltear ag tionscnamh an éilimh.
  • Ráiteas ina maítear gur mian leis an bhfreagróir an t-éileamh a admháil, gur chóir dul i dteagmháil leis an éilitheoir faoi cheann 10 lá de sheirbheáil an fhógra chun íoc an éilimh agus costais a chomhaontú.
  • Míniúchán ar na bearta nach mór don fhreagróir a dhéanamh más mian leis/léi agóid a dhéanamh i gcoinne an éilimh agus mionsonraí na n-achar ama bainteach.
  • Síniú an éilitheora nó a (h)aturnae.

Tabhair do d'aire má aontaíonn an freagróir an t-éileamh agus costais a íoc, cuirfear stop leis na himeachtaí. Sa chás sin, ní mór don éilitheoir scéala scríofa a chur chuig cléireach na Cúirte Dúiche.

Nuair a eisíonn cléireach na Cúirte Dúiche an fógra éilimh, ní mór cóip a sheirbheáil ar an bhfreagróir, bíodh sé de phost cláraithe réamhíoctha nó de láimh (seirbhís phearsanta).