Má sheirbheáiltear fógra éilimh ort, ní mór duit a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil tú ag dul a chosaint an cháis.

Má shocraíonn tú gan an cás a chosaint (.i. glacadh leis go raibh tú contráilte), ba chóir duit dul i dteagmháil leis an éilitheoir nó lena (h)aturnae faoi cheann 10 lá d'fháil an fhógra éilimh chun socrú a chomhaontú agus ionas nach rachaidh an gnó os comhair na Cúirt Dúiche.

Má shocraíonn tú an cás a chosaint, ní mór duit doiciméad ar a dtugtar  ‘láithreas agus cosaint’ a sheirbheáil ar an éilitheoir nó ar a (h)aturnae tráth nach déanaí ná 28 lá i ndiaidh sheirbheáil an fhógra éilimh. Ní mór é a sheirbheáil ar chléireach na Cúirt Dúiche fosta.

Ní mór a lua sa láithreas agus cosaint:

  • Limistéar na Cúirte Dúiche
  • Ainmneacha an éilitheora agus an fhreagróra
  • Sonraí an fhreagróra
  • Go mbeartaíonn an freagróir an fógra éilimh a chosaint
  • Ráiteas ar fhoras na cosanta, leagtha amach ina bparagraif uimhrithe.

Ní mór go luaitear san fhoras cosanta:

  • Ce acu atá nó nach bhfuil na fíricí i ráiteas an éilitheora á n-admháil nó nach bhfuil nó á séanadh agus ná fáthanna as na fíricí a shéanadh
  • Liosta den chomhfhreagras agus doiciméid eile uile ar a mbeidh an freagróir ag brath i dtriail, dátaí bainteacha san áireamh
  • Má tá frithéileamh á dhéanamh, ní mór go gcuimseofar fosta fógra agus ráiteas frithéilimh.

Ní mór dáta a bheith leis an láithreas agus cosaint agus é sínithe ag an bhfreagróir/aturnae an fhreagróra.

Má mheasann tú nach leor an t-eolas atá san fhógra éilimh, féadann tú iarratas a chur chuig an éilitheoir (ar fógra) am ar bith roimh nó le linn seirbheáil láithris agus cosanta, le haghaidh cóipeanna de dhoiciméid a liostaítear sa ráiteas éilimh nó mionsonraí breise ar ghnóthaí atá sa ráiteas éilimh.

Má iarrtar mionsonraí breise, is féidir cosaint leasaithe a sheirbheáil agus a chur isteach tráth nach déanaí na 28 lá i ndiaidh na mionsonraí breise a fháil.

Ar an gcaoi chéanna, má mheasann an t-éilitheoir nach leor an t-eolas atá i do chosaint, féadann siad iarratas a chur chugat le haghaidh cóipeanna d'aon doiciméid nó díobh uile a liostaítear sa chosaint le cois mionsonraí breise faoi cheann 28 lá i ndiaidh an chosaint a fháil.