Is féidir eastát (maoin) daoine a bhásaigh a bheith ina ábhar d’imeachtaí Ard-Chúirte.

neasghaolta.

Is féidir eastát (maoin) daoine a bhásaigh a bheith ina ábhar d’imeachtaí Ard-Chúirte sa chás ina dtagann ceisteanna chun cinn maidir le haon cheann nó gach ceann díobh seo a leanas:

(a) an dóigh a ndearnadh an t-eastát a riar go dáta
(b) an méid atá san eastát
(c) cé atá i dteideal leas a bhaint as an eastát
(d) cé atá ina chreidiúnaí ar an eastát

Tosach urghaire riaracháin/fiosrúcháin maidir le neasghaol

Is iondúil go gcuirtear tús le himeachtaí den sórt sin san Ard-Chúirt trí thoghairm speisialta. Eisítear toghairm speisialta i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte agus liostaítear i dtosach iad os comhair Mháistir na hArd-Chúirte. Nuair a bhíonn siad réidh le héisteacht aistrítear iad chuig liosta tairiscintí de chuid na Cúirte Seansaireachta.

Imeachtaí os comhair an Scrúdaitheora

Tar éis an t-ordú cúirte a dhéanamh ina dtarchuirtear an t-ábhar chuig Oifig na Scrúdaitheoirí leis an treoir cuntais áirithe a thógáil agus fiosrúcháin áirithe a dhéanamh, téann an t-ábhar ar aghaidh in Oifig na Scrúdaitheoirí.

Chun téarmaí an ordaithe a chur i bhfeidhm ní mór don pháirtí a bhfuil an urghaire á hiompar aige, de ghnáth ar an ngearánaí, Fógra Imeachta a eisiúint os comhair an Scrúdaitheora.

Agus cuntais den chineál sin a thógáil agus fiosrúcháin den chineál sin a dhéanamh, is gnách go n-ordaíonn an Scrúdaitheoir:

- comhdú mionnscríbhinní (doiciméid faoi mhionn) a phléann le

(i) maoin an eastáit a leagtar amach de réir cineáil de réir na dtreoracha a thugtar in ordú na cúirte agus

(ii) baill teaghlaigh aitheanta duine marbh áirithe inar ordaíodh Fiosrúchán maidir le neasghaol - tugtar mionnscríbhinn ginealaigh ar an mionnscríbhinn seo

- cuntais a chur i dtaisce a bhaineann le hidirbhearta airgeadais eastát an duine mhairbh

- fógraí do chreidiúnaithe agus do thairbhithe, de réir mar a d’fhéadfaí a bheith éilithe sa chás;

Cuimsítear torthaí an Scrúdaitheora i ndoiciméad foirmiúil ar a dtugtar Deimhniú Riaracháin / Neasghaoil.

Tar éis teastas riaracháin a chomhdú de ghnáth déantar iarratas ar liosta cúirte an Scrúdaitheora chun breithniú breise a dhéanamh ar ábhair a nochtar sa teastas sin nó ar bhealach eile lena gcumasaítear riarachán an eastáit a chríochnú.

In ainneoin gur féidir le horduithe eatramhacha ón gcúirt foráil a dhéanamh chun cistí a bhaineann leis an eastát a chur i dtaisce sa chúirt, is gnách go ndéantar na cistí sin a chur i dtaisce de bhun ordaithe a dhéantar ag an éisteacht ar bhreithniú breise.

Urghaire Riaracháin a chríochnú

Leithdháiltear na cistí a chuirtear i dtaisce sa chúirt (chomh fairsing agus is féidir iad a leithdháileadh) ar na cistí a fhaightear a bheith i dteideal de réir fhionnachtana dheimhniú an Scrúdaitheora agus de réir mar a chinntear le dlí de réir Sceideal Leithdháilte agus Íocaíochta nach mór don Scrúdaitheoir a shocrú.

Ní féidir na cistí sa chúirt a íoc gan ordú ón gcúirt agus is gnách go ndéantar an t-iarratas sin tar éis an sceideal leithdháilte agus íocaíochta a shocrú.

Nós imeachta malartach chun eastát duine a fuair bás agus é dócmhainneach a riar

De réir an Achta Féimheachta 1988 Cuid VI Alt 115 go 122 tá cead eastát duine a fhaigheann bás agus é dócmhainneach, a riaradh i bhféimheacht. ar achainí a thíolacadh don chúirt trí:

(a) aon chreidiúnaí a mbeadh a fhiach leordhóthanach chun tacú le hachainí féimheachta in aghaidh an duine a bhásaigh i gcás é bheith beo, agus

 (b) ionadaí pearsanta an duine a bhásaigh.

Ar achainí den sórt sin a chur i láthair dílsíonn maoin an duine a bhásaigh sa Sannaí Oifigiúil, mar atá i bhféimheacht.

Ní cosúil gur tíolacadh aon Achainíocha den sórt sin don Chúirt ó achtaíodh an Chuid sin.

Urghaire riaracháin: an reachtaíocht ábhartha

An tAcht Dlíthíochta 1931
An tAcht Uchtála, 1952
An tAcht um Riaradh Eastát, 1959
An tAcht Comharbais, 1965
An tAcht um Stádas Leanaí 1987
Rialacha na nUaschúirteanna (S.I. Uimh. 15 de 1986)

Léitheoireacht bhreise

Practice and Procedure in Administration and Mortgage Suits in Ireland - Scanlon