Tugtar an Phríomh-Chúirt Choiriúil ar an Ard-Chúirt a fheidhmíonn a dlínse coiriúil. Is é a bhíonn i gceist leis ná breitheamh nó breithiúna Ard-Chúirte. Suíonn an chúirt ag an tráth agus in áiteanna a bhféadfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte cásanna coiriúla atá lasmuigh de dhlínse na Cúirte Cuarda a ordú agus a thriail.

Éisteann an chúirt go príomha le trialacha dúnmharaithe agus éignithe agus ó rinneadh an tAcht Iomaíochta, 2002 trialacha coiriúla faoin Acht sin freisin. Go traidisiúnta, is i mBaile Átha Cliath amháin a shuigh an chúirt.  Le blianta beaga anuas shuigh an chúirt i Luimneach, Sligeach, Inis, Corcaigh agus Caisleán an Bharraigh.j

De ghnáth is é breitheamh aonair a shuíonn le giúiré dháréag a dhéanann trialacha ach féadfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte a ordú do bheirt bhreithiúna nó níos mó suí le chéile chun críche trialach áirithe.

Féadfaidh an Phríomh-Chúirt Choiriúil achomharc i gcoinne ciontú nó pianbhreithe a thabhairt chun na Cúirte Achomhairc.