Is sa Chúirt Dúiche a thionscnaítear gach ionchúiseamh coiriúil seachas cionta áirithe a bpléann an Chúirt Choiriúil Speisialta leo (cionta i gcoinne an Stáit de ghnáth).

Is é is fíneáil ann suim airgid a shocraíonn breitheamh atá le híoc mar phionós as cion. Socraíonn an chúirt an méid atá le híoc agus an líon laethanta atá ceadaithe chun é a íoc. Eisíonn oifig na cúirte an fógra fíneála i ndiaidh na héisteachta cúirte.

Roghanna íoctha fíneála

Is féidir fíneáil a íoc ina hiomláine nó ina tráthchodanna. Is féidir í a íoc ina hiomláine ag aon oifig chúirte, ag An Post nó ar líne laistigh den am a cheadaíonn an breitheamh.

Ní féidir íoc ina tráthchodanna ag An Post ach amháin:

  • má tá an fhíneáil níos mó ná €100.00
  • go n-íoctar an chéad sciar faoi cheann 42 lá den chúirt an fhíneáil a ghearradh
  • má tá an chéad íocaíocht mar an gcéanna le nó níos mó ná 10% den fhíneáil.

 

Má roghnaíonn tú íoc ina thráthchodanna, tá bliain agus 42 lá agat chun an fhíneáil iomlán a íoc. I ndiaidh na chéad íocaíochta, tá gach sciar eile le híoc faoi cheann 30 lá den sciar roimhe (faoi réir íosmhéid €5.00). Gheobhaidh tú plean íocaíochta i ndiaidh an chéad sciar a íoc.

Ní mór an chead tráthchuid a íoc faoi cheann 6 seachtaine de chinneadh na cúirte. Mura n-íoctar é, ní mór duit suim iomlán na fíneála a íoc agus ní ceadmhach íoc ina thráthchodanna a roghnú.

Áiteanna chun fíneáil a íoc

Is féidir fíneáil a íoc trí:

  • rogha  Íocaíocht Fíneálacha Ar Líne  ar an suíomh gréasáin seo
  • bualadh isteach chuig aon oifig de chuid An Post
  • glaoch ar 01 7057600 (nó rogha gheografach 065 9080208)
  • d'íocaíocht a sheoladh le cois d'fhógra fíneála sa chlúdach réamhíoctha ar a bhfuil seoladh a tháinig le d'fhógra fíneálacha.

Ba chóir íocaíocht phoist a thabhairt don tSeirbhís Cúirteanna. Ná seol airgead tirim sa phost. Ní ghlacfaimid seiceanna iardhátaithe.

Conas fíneáil a íoc

Braitheann an dóigh a n-íocann tú ar conas agus cén áit a roghnaíonn tú an fhíneáil a íoc. Is féidir íoc le hairgead tirim (Euro), seic (de chuid bainc as Éirinn), cárta creidmheasa(Visa/ Mastercard srl), cárta dochair (Visa/ Mastercard/ Maestro), ordú poist/airgid nó dréacht bainc.

Cad a tharlóidh mura n-íocfaidh mé m'fhíneáil?

Mura n-íocfaidh tú d'fhíneáil nó mura n-íocfaidh tú tráthchuid faoin dáta dlite, gheobhaidh tú fógra forfheidhmithe fíneála. Déarfar leat an dáta agus an t-am is gá duit freastal ar éisteacht eile. Ag an éisteacht sin, tabharfar deis duit an fhíneáil nár íocadh fós a íoc ina hiomláine nó féadann an breitheamh rogha acu seo a leanas a dhéanamh (in ord):

  • astú tuillimh
  • ordú aisghabhála – d'fhíneálacha breis agus €500 nó fíneálacha corparáideacha amháin
  • seirbhís sa phobal
  • príosúnacht.