Faigh amach cad is gá duit a dhéanamh chun foirmeacha a chur isteach sa Chúirt Achomhairc - Coiriúil agus Míleata.

An Chúirt Achomhairc - Coiriúil - Foirmeacha a Chur Isteach

An Chúirt Achomhairc - Coiriúil - Foirmeacha a Chur Isteach

Foirmeacha:

Tá gach foirm ar fáil in Aguisín U.

Ní mór foirmeacha achomhairc a chur faoi bhráid Oifig na Cúirte Achomhairc 
Ní féidir foirmeacha achomhairc a chur faoi bhráid aon oifig chúirte eile. Má sheachadtar chuig an oifig mhícheart iad, ní chuirfear na foirmeacha isteach agus ní thiocfaidh stop le teorainneacha ama.

Ní mór achomhairc a chur isteach trí úsáid na bhfoirmeacha atá ár fáil in Aguisín U. Ní féidir achomhairc a chur isteach ar fhoirmeacha stairiúla ná atá dulta i léig.

Foirm Uimh 9:  Fógra Achomhairc
Ní féidir achomharc i gcoinne Ciontuithe a áitiú ach amháin ar fhoras atá leagtha amach san fhógra. Ní féidir dul ar aghaidh le hachomharc go dtí go dtaisctear Foras. Ní mór don Achomharcóir an Fógra Achomhairc a shíniú agus ní mór an bhunchóip chrua a fháil roimh dheireadh na teorann ama 28 lá. Tá eisceachtaí ar an riachtanas seo an tAchomharcóir an Fógra a shíniú. Féach Ordú 86C 3.(4)(a)(b)(c).   Ní mór an bhunchóip le cois ceithre chóip eile a chur isteach. Cóip le seirbheáil ar an DPP.

Ní mór go leor mionsonraí a bheith san Fhógra Achomhairc chun go bpróiseálfar an tAchomharc, lena n-áirítear

1) Uimhir Bhille an cháis,
2) ainm ceart an Achomharcóra,
3) an Cion, na Cionta atá á n-achomharc,
4) áit a gcónaíonn an tAchomharcóir faoi láthair,
5) a bhfuil i gceist san achomharc (Ciontú agus/nó Pianbhreith le léiriú go soiléir)
6) Síniú an Achomharcóra,
7) Mionsonraí na Trialach: Dáta, Cúirt, Pianbhreith
8) Foras an Achomhairc

Foirm Uimh 13:  Iarratas ar Shíneadh Ama
Mura gcuirtear an tAchomharc isteach faoi cheann 28 lá, is féidir iarratas a dhéanamh ar Shíneadh ama chun achomharc a chur isteach. Ní mór go gcuimsítear san iarratas an Foras Sínte agus an Foras Achomhairc. Ní féidir dul ar aghaidh leis an iarratas ar Shíneadh go dtí go bhfaightear an Foras. Más é an síneadh an chéad doiciméad atá á chur isteach, ní mór don Achomharcóir é a shíniú. Má cuireadh an Fógra Achomhairc isteach cheana, féadann Aturnae an Síneadh a shíniú. Ní mór an bundoiciméad agus ceithre chóip a chur isteach. Cóip le seirbheáil ar an DPP.

Foirm Uimh. 10 & Foirm Uimh.11: Achomhairc Alt 2 (an tAcht um Nós Imeachta Coiriúil 1993).
Sa chás go raibh achomharc ann cheana nár éirigh leis agus tá fíoras nua anois ann nach raibh ar eolas cheana a léiríonn go raibh iomrall ceartais ann nó go raibh an bhreith a forchuireadh iomarcach, is féidir iarratas a dhéanamh ciontú nó breith a chur ar neamhní de bhun Fhoirm Uimh. 10 Fógra iarratais (an tAcht um Nós Imeachta Coiriúil 1993, Alt 2). Ní mór go ngabhfaidh leis Foirm Uimh. 11 Ráiteas Forais, ina leagtar amach go hiomlán an foras agus ní mór go ngabhfaidh Mionnscríbhinn deimhnithe leis. Ní mór na bundoiciméid agus ceithre chóip a chur isteach. Cóip le seirbheáil ar an DPP.

Foirm Uimh. 14: Iarratais maidir le Boige gan Ghá ag Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí. Iarratas ag Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí leis an gCúirt Achomhairc faoi alt 2 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil 1993. Leagfar amach san fhógra an foras ar a líomhnaítear go raibh an phianbhreith a ghearr an chúirt bhreithe róbhog.

Foirm Uimh. 15:   Achomharc i gcoinne Díbhe Cúisimh ag Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí. (An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil 1967).
Achomharc ag Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí leis an gCúirt Achomhairc faoi alt 4E(7) d'Acht 1967 (arna ionsá ag alt 9 den Acht um Cheartas Coiriúil 1999) i gcoinne Díbhe Cúisimh ag an gcúirt trialach faoi alt 4E(4) d'Acht 1967. Leagfar amach foras an achomhairc san fhógra.

 

Foirm Uimh. 29: Cur ar ceal Achomhairc.
Ní mór don Achomharcóir an cur ar ceal a shíniú agus maireann an t-achomharc go dtí go bhfaightear é seo. Ní mór an Fógra Cur ar Ceal a chur isteach tráth nach déanaí ná deich lá roimh an dáta a socraíodh chun an t-achomharc nó an t-iarratas a éisteacht. Ní mór don Achomharcóir an t-iarratas a dhéanamh leis an gCúirt. Ní mór an bundoiciméad agus ceithre chóip a chur isteach. Cóip le seirbheáil ar an DPP.

Cúnamh Dlí:

Cúnamh Dlí i gcomhair Teastas Achomhairc:
I gcásanna ina bhfuil Cúnamh Dlí de dhíth ar an Achomharcóir, tabhair do d'aire nach gá go leanfadh Cúnamh Dlí ón gcás atá á achomharc. Féadann an Chúirt Trialach Cúnamh Dlí a thabhairt i leith Achomhairc má dhéantar iarratas nuair atáthar ag gearradh pianbhreithe. Mura dtugann an Chúirt Trialach Cúnamh Dlí go sainiúil i leith Achomhairc, ní mór iarratas nua a dhéanamh leis an gCúirt Achomhairc. Déantar iarratas trí bhunchóip chrua a chur isteach. Ní mór fosta  Ráiteas Acmhainne, sínithe ag an Achomharcóir (le cois 2 chóip) a chur faoi bhráid oifig na Cúirte Achomhairc, agus tá cóip le seirbheáil ar an DPP. Glactar leis go bhfuil Cúnamh Dlí á thabhairt más amhlaidh go bhfuair freagróir ar iarratas/achomharc DPP cúnamh dlí le linn na trialach.

Iarratas ar dheimhniú achomhairc (Cúirt Uachtarach) i gcomhair Cúnamh Dlí:
Nuair a bhaineann an t-iarratas leis an gCúirt Uachtarach le cead achomharc ordú de chuid na Cúirte Achomhairc. Is é an chéad chéim go gcuirfeadh aturnae isteach iarratas sa Chúirt Uachtarach agus go ndéanfadh an Chúirt Uachtarach Ordú cinnidh. Aithriseofar san Ordú Cinnidh cinneadh na Cúirte Uachtaraí maidir leis an iarratas. Ansin, féadann an t-aturnae an tOrdú Cinnidh a chur isteach in oifig na Cúirte Achomhairc - Coiriúil agus liostófar an gnó i mBainistíocht Cásanna i leith iarratas ar theastas achomhairc chúnamh dlí (Cúirt Uachtarach).

Ilchineálach:

Fógra faoi Athrú Aturnae
Nuair nach ionann an tAturnae atá in Achomharc agus a bhí sa chúirt Trialach nó nuair a bhíonn Aturnae nua i gceist le linn achomhairc, ní mór Fógra faoi Athrú Aturnae a chur faoi bhráid na cúirte achomhairc agus cóip a sheirbheáil ar an DPP agus ar na hAturnaetha eile a bhí i gceist. Ansin, cuirfear an gnó ar liosta Bainistíocht Cáis.

Iarratas ar éirí as cás
Nuair is mian le hAturnae éirí as cás le linn achomhairc, ní mór Iarratas ar Éirí as Cás a chur faoi bhráid na Cúirte Achomhairc agus cóip a sheirbheáil ar an DPP agus ar an Achomharcóir. Ansin, cuirfear an gnó ar liosta Bainistíocht Cáis.