Ainmniú Páirtithe Fógra

Leagtar amach in I.R. 196/1996 agus sa chéad sceideal d’Acht 1996 na riachtanais maidir le páirtithe fógra.

Ní féidir le duine atá ainmnithe mar aturnae a bheith ina p(h)áirtí fógra. Is é a bheidh sa pháirtí fógra:

(i) An céile, má tá sé/sí ina chónaí leis an deontóir, nó
(ii) Mura bhfuil feidhm ag clásal (i), páiste deontóra, nó
(ii) Mura bhfuil feidhm ag clásal (i) agus clásal (ii), gaol deontóra (más ann dó)

Is é an chiall atá le “gaol” tuismitheoir, deartháir nó deirfiúr, garpháiste, baintreach nó baintreach páiste deontóra, nó nia nó neacht an deontóra.

Tabhair faoi deara: Má ainmnítear céile an deontóra mar aturnae ba chóir an chéad chatagóir de ghaol eile, de réir tosaíochta, a ainmniú mar pháirtí fógra.

Leasaíodh codanna áirithe den Acht chun comhpháirtithe sibhialta a áireamh mar pháirtithe fógra nó aturnaetha le hAlt 104 den tAcht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010.

Cad é a tharlaíonn mura féidir teagmháil a dhéanamh le cuid de na gaolta nó leis na gaolta uile?

Sa chéad sceideal d’Acht 1996 tá faisnéis maidir le conas dul ar aghaidh nuair nach féidir fáil amach ‘go réasúnta’ an áit a bhfuil duine.

Cad a tharlaíonn má tá cúis bhailí ag an gcleachtóir, tar éis dó treoir a fháil ón deontóir, gan a bheith ag iarraidh an gaol / na gaolta a chur ar fhógra faoin iarratas?

Má tá clárú ag teastáil, féadfaidh an t-aturnae (mar rogha dheiridh), ordú cúirte a lorg trína gceadófar clárú in ainneoin fógartha páirtí “mícheart” a roghnú. Ní mór Fógra Rúin a eisiúint ina lorgaítear na faoisimh seo a leanas:

  1. Ordú faoi alt 10 (5) (b) d’Acht 1996 trína gceadaítear clárú d’ainneoin nár comhlíonadh ceanglais I.R. 196 de 1996.
  2. Ordú faoi Alt 4 (2) den Chéad Sceideal den Acht um Chumhachtaí Aturnae á ordú nach mbeadh sé inmhianaithe nó praiticiúil fógra a thabhairt do dhuine atá i dteideal a mhalairt nó nach bhfuil aon aidhm úsáideach ann is dóigh go seirbheálfar é trí fhógra den sórt sin a thabhairt.
     

Aturnaetha a ainmniú mar Pháirtithe Fógra

Ní féidir le páirtí fógra a bheith ina aturnae. Bíonn earráidí ann leis an míniú a thugtar ar an Meabhrán Míniúcháin Cuid A Rialachán 7 de I.R. 196 de 1996, sa chás ina n-ainmnítear an t-aturnae (atá mar chéile ag an deontóir) mar pháirtí fógra nó má léirmhínítear nach mór céile a bheith ina p(h)áirtí fógra agus dá bhrí sin nach féidir é a ainmniú mar aturnae. 

Má ainmnítear páirtí fógra mar aturnae ionaid agus páirtithe fógra freisin iarrfaidh Oifig na gCoimircithe Cúirte mionnscríbhinn ó na páirtithe fógra / aturnaetha ionaid ina ndeimhnítear go bhfuil siad ar an eolas faoin ‘dé-cheapachán’ agus ina ngeallann siad gan gníomhú anois nó feasta mar aturnaetha.

Mura gCeaptar Céile mar Fhógra Páirtí nó Aturnae

Mura n-ainmnítear céile an deontóra mar aturnae ná mar pháirtí fógra, éileoidh Oifig na gCoimircithe Cúirte Fógra Rúin a thabhairt do chéile an deontóra iarratas a dhéanamh ar Chlárú chomh maith le Fógra Iarratais (Foirm Uimh. 1).

Codanna B, C, D agus E den CMA a shíniú

Ba chóir gurbh é an deontóir an chéad duine leis an CMA a shíniú.  Ba chóir do gach páirtí eile síniú ar an lá céanna nó chomh luath agus ab fhéidir ina dhiaidh. I gcásanna áirithe, síníonn an cleachtóir leighis a shíníonn Cuid E é sin sula síníonn an deontóir Cuid B den CMA.  Léirítear san fhoclaíocht i gCuid E "... an tráth a forghníomhaíodh an doiciméad seo ...." go soiléir go bhfuil Cuid E le síniú tar éis don deontóir Cuid B den EPA a fhorghníomhú. Má tá aon amhras ann faoi chumas an deontóra, is stuama dul i gcomhairle le dochtúir sula ndéantar é a fhorghníomhú, ach caithfidh an dochtúir sin Cuid E a shíniú ar an lá nó go han-luath tar éis don deontóir Cuid B a fhorghníomhú.

Más rud é go ndearnadh Cuid E roimh Chuid B, éileoidh Oifig na gCoimircithe Cúirte deimhniú breise ón gcleachtóir leighis ina ndeimhnítear go raibh sé de chumas ag an deontóir éifeacht na cumhachta a chruthú ar dháta an fhorghníomhaithe. Mura bhfuil an dochtúir ar fáil a thuilleadh nó mura féidir leis an deimhniú atá ag teastáil a thabhairt. Chun é seo a dhéanamh éileofar iarratas chun na cúirte faoi alt 10 (5) (b) d'Acht 1996, trí fhógra foriarratais agus mionnscríbhinn bunaithe. 

Cuid B Ráitis Thábhachtacha a Fhágáil ar Lár

Má fhágtar aon chuid de na ráitis seo amach as Cuid B:

  • Na focail lena ndeimhnítear ceapachán Aturnae "chun gníomhú mar aturnae(tha) chun críche Chuid II den Acht um Chumhachtaí Aturnae 1996"
  • "Tá sé beartaithe agam go mbeidh an chumhacht seo éifeachtach le linn aon éagumas meabhrach agam"
  • "Tá an fhaisnéis i míreanna 1 go 13 de Chuid A den doiciméad seo léite agam nó léite dom"

Is samplaí iad seo go léir de dhearbhuithe tábhachtacha a chaithfear a áireamh in CMA. Má fhágtar aon cheann díobh seo ar lár, beidh sé dodhéanta clárú gan ordú cúirte faoi Alt 10 (5) (b).

Codanna C, D agus E Eolas fágtha ar lár nó Earráidí

De bhua Alt 10 (5) (a) i gcás nach bhfuil eolas fágtha ar lár san ionstraim ábhartha, is féidir an ionstraim sin a chlárú gan í a tharchur chuig an gcúirt. Ar dtús, ciallaíonn sé seo má tá an Ionstraim, ar a bhfuil Codanna A go E, i gcomhréir go mór le I.R. 196 de 1996, tá sé inghlactha.

Is féidir le heolas fágtha ar lár i gCuid C (sínithe ag an aturnae/na haturnaethe), Cuid D (sínithe ag dlíodóir), nó Cuid E (sínithe ag cleachtóir leighis) i mbunús na gcásanna a leasú nó a mhíniú trí mhionnscríbhinn ag an aturnae, dlíodóir nó dochtúir de réir mar is gá gan aon riachtanas iarratas cúirte a bheith ann.

Cuid C

Má fhágtar ar lár an deimhneas ‘nach mionaoiseach é an tAturnae nó go bhfuil sé/sí dícháilithe ar shlí eile chun gníomhú mar aturnae’, glacfar le mionnscríbhinn leis an dearbhú ceart curtha isteach.

Cuid D

Is féidir earráidí i dtaca le dréachtú sa chlásal "Níl aon chúis agam a chreidiúint go bhfuil an doiciméad seo á fhorghníomhú ag an deontóir mar thoradh ar chalaois nó brú míchuí" a mhíniú trí mhionnscríbhinn.

Cuid E

Sínítear Cuid E ó am go chéile roimh Chuid B agus is féidir é seo a cheartú le deimhniú eile ón dochtúir maidir leis an gcumas ar an dáta ar cruthaíodh an CMA.

Leasuithe ar an Ionstraim.

Is minic a fheiceann Oifig na gCoimircithe Cúirte athruithe atá curtha isteach i dtéacs CMA, cé acu atá siad i gCuid B nó i gCuid eile, agus mholfaimis d’aturnaetha a bheith an-chúramach roimh athruithe ar bith den chineál sin a dhéanamh.

Ba cheart go gcuirfeadh an deontóir agus an t-aturnae atá mar fhinnéithe ag síniú an deontóra tús le haon athrú ábhartha, cé acu atá sé lámhscríofa nó faoi “cló” difriúil. Má tá aon athrú ábhartha ann beidh Oifig na gCoimircithe Cúirte ag iarraidh a chinntiú go ndearnadh aon athrú air sular fhorghníomhaigh an deontóir é.

Sa chás go scriostar codanna de Chuid B is tábhachtach a chinntiú nár scriosadh aon deimhnisc amach (msh. "Tá sé beartaithe agam go mbeidh an chumhacht seo éifeachtach le linn aon éagumas meabhrach agam”). Mar atá luaite thuas beidh gá le hiarratas cúirte faoi Alt 10 (5) (b) den Acht Cumhachtaí Aturnae 1996 de bharr earráide den chineál sin.

Aturnaetha a Cheapadh, Méid an údaráis agus na Sócmhainní atá faoina Stiúir

Is féidir aturnaetha a cheapadh ‘i gcomhpháirt nó i gcomhpháirt agus go leithleach’. Mura bhfuil sé soiléir cad atá beartaithe, meastar gur ceapachán comhpháirteach iad. Má bhíonn an dá rogha “i gcomhpháirt / i gcomhpháirt agus go leithleach” taobh le taobh agus nach ndéantar ceachtar acu a bhaint amach nó a scriosadh meastar go bhfuil an té atá ceaptha i gcomhpháirt, cé acu má bhí sé ar intinn ag an deontóir nó nach raibh.

Má tá sé beartaithe go mbeidh údarás ginearálta ag an aturnae / na haturnaetha gníomhú thar ceann an deontóra agus go mbeidh údarás ag an aturnae / na haturnaetha ar mhaoin agus ar ghnóthaí uile an deontóra ansin, lena chinntiú nach mbeidh aon deacracht ann ag am ar bith amach anseo, gur chóir go mbeadh an méid seo a leanas sa cheapachán:

(a) ceapachán bailí .i. "... ceapachán .... gníomhú mar aturnae (í) chun críche Chuid II den Acht Cumhachtaí Aturnae 1996"

(b) méid an údaráis .i. "le húdarás ginearálta gníomhú thar mo cheann:"

(c) na sócmhainní .i.. "i ndáil le mo mhaoin agus mo ghnóthaí go léir"

Má fhágtar (a) ar lár, tá ceist ann faoi bhailíocht an cheapacháin agus tá gá le hiarratas cúirte faoi Alt 10 (5) (b).

Má thagraítear do Chuid II mar Chuid 11 glactar le mionnscríbhinn a mhíníonn an earráid maidir le dréachtú. Mura ndéantar tagairt in (b) do ‘údarás ginearálta’ agus má tá an rún sin soiléir ón CMA glactar le mionnscríbhinn a mhíníonn an earráid maidir le dréachtú.  

Uaireanta fágtar ar lár (c) agus bíonn sé oscailte don pháirtí faoi réir, msh. banc nó ceannaitheoir a d’fhéadfaí a bheith ann, a fhiafraí an raibh sé i gceist go gcuirfí gach sócmhainn, maoin agus gnó san áireamh sa CMA.

Faigheann Oifig na gCoimircithe Cúirte CMAnna le roghanna priontáilte orthu cheana féin a bhaineann le húdarás agus / nó sócmhainní an deontóra agus gan ceachtar den dá rogha scriosta (e.g. "maidir le mo mhaoin agus mo ghnóthaí uile / an mhaoin agus na gnóthaí seo a leanas". Ní mór do chleachtóirí agus CMA á dhréachtú machnamh a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil aon fhéidearthacht débhríochta ann maidir le ceapadh an aturnae, méid a (h)údaráis nó na sócmhainní ina mbeidh údarás aige/aici.

Agus í ag breathnú ar easnaimh nó earráidí, ní mór d’Oifig na gCoimircithe Cúirte a bheith sásta gur CMA bailí an ionstraim. Ní feidhm de chuid Oifig na gCoimircithe Cúirte é léirmhíniú a thabhairt ar na téarmaí a cuireadh isteach i gCuid B ina leagtar amach méid (agus teorainneacha) chumhachtaí na n-aturnaetha. Má bhíonn treoracha nó cinneadh údarásach ag teastáil maidir le brí na bhfocal sin, caithfear iarratas a dhéanamh chun na cúirte trí fhoriarratas agus mionnscríbhinn. Féach Cuid 12 d’Acht 1996.

Cinntí i leith Maoine agus Gnóthaí nó Cúram Pearsanta amháin

Leagtar amach in I.R 196 de 1996 an dá fhoirm fhorordaithe de CMA. Leagtar amach sa Chéad Sceideal an fhoirm fhorordaithe le haghaidh CMAnna “Maoin agus Gnóthaí” agus is sa Dara Sceideal atá an fhoirm fhorordaithe le haghaidh CMAnna “Cúram Pearsanta” amháin.

I gcás CMAnna atá forghníomhaithe tríd an bhfoirm Cúraim Phearsanta a úsáid, nuair a bhí an deontóir le fírinne ag iarraidh maoin agus gnóthaí a bheith san áireamh ann, beidh iarratas chun na cúirte ag teastáil ina leith go léifí an ionstraim amhail is dá mbeadh na focail “le húdarás ginearálta ag gníomhú thar mo cheann i ndáil le bhí mo chuid maoine agus gnóthaí uile ” san áireamh.

Ní chuimsítear sna CMAnna ina gcuimsítear cinntí maoine agus gnóthaí agus cúraim phearsanta a thugann “údarás ginearálta gníomhú” d’aturnae cinntí a dhéanamh maidir le cúram pearsanta.

In Cuid 6 (6) de chuid Acht 1996 deirtear go bhféadfaidh CMA údarás a thabhairt d’aturnae chun aon chinntí / cinntí cúraim phearsanta faoi leith a dhéanamh.

In Cuid (4) leagtar amach na 7 gcinneadh cúraim phearsanta is féidir a chuimsiú in CMA. Is féidir dúshlán a thabhairt d’abairt ghinearálta ar nós “Tugaim údarás do m’aturnae cinntí cúraim phearsanta a dhéanamh thar mo cheann”. Ba chóir a bheith cúramach gan iarracht a dhéanamh údarás a thabhairt don aturnae cinntí leighis a dhéanamh toisc nach bhfuil sé ceadaithe sin a dhéanamh de réir Acht 1992.

Naisc Úsáideacha

An tAcht um Chumhachtaí Aturnae, 1996

I.R.Uimh. 196/1996 (Údarás Ginearálta maidir le Maoin & Gnóthaí)

I.R. Uimh. 287/1996 (Cinntí Cúraim Phearsanta amháin)

I.R. Uimh. 66/2000

Dlí-Chumann

Faisnéis do Shaoránaigh