Chun dáta éisteachta a fháil, ní mór cásanna a thosaítear le toghairm iomlánach nó a scoirtear i gcomhair éisteacht iomlánach (seachas gníomhartha probháide agus aimiréalachta) a chur síos i gcomhair trialach.

 

Chun cás a chur síos i gcomhair trialach, ní mór duit fógra trialach a dhréachtú agus a sheirbheáil agus ansin cóip a chur isteach le cois duillín cur síos ag Príomh-Oifig na hArd-Chúirte. Tá rialacha na cúirte maidir le trialacha in Ordú 36 de Rialacha na nUaschúirteanna.

Ní mór duit an duillín cur síos a stampáil leis an dleacht chúirte chuí – €250.00 faoi láthair.

I gcásanna seansaireachta agus gan ghiúiré, chomh maith le fógra trialach agus duillín cur síos, ní mór duit deimhniú ullmhachta a chur isteach - is teastas é seo arna shíniú ag abhcóide a dhearbhaíonn go bhfuil do chás ullamh i gcomhair éisteachta. Ní gá dleacht chúirte i leith an deimhnithe, a chuirtear isteach i ndiaidh an fhógra trialach agus an duillín cur síos.

Tá tuilleadh eolais faoi liostaí Ard-Chúirte anseo.