Cad is Coimircíocht Daoine Fásta ann?

Is é is cúis le coimircíocht ná duine agus maoin duine a chosaint nuair nach bhfuil an cumas acu é sin a dhéanamh iad féin.

Nuair a thógtar duine fásta faoi choimircíocht is ionann sin agus go bhfuil Uachtarán na hArd-Chúirte sásta ar bhonn na fianaise míochaine atá ar fáil gur chóir go meastar go bhfuil easpa cumais ag an duine agus nach bhfuil sé ar a chumas a g(h)nóthaí féin a bhainistiú.

Conas a dhéantar coimircí cúirte de dhuine?
Má tá cúis imní ann nach bhfuil an cumas ag duine fásta a ngnóthaí féin a bhainistiú is féidir treoir a thabhairt d’aturnae iarratas a dhéanamh chun coimircí cúirte a dhéanamh den duine sin. Is féidir leis an té a bhfuil imní air, ball teaghlaigh nó cara de ghnáth, treoir a thabhairt d’aturnae an t-iarratas a dhéanamh.

Beidh na sonraí go léir atá ar fáil ag teastáil ón aturnae maidir le riocht míochaine, neasghaol, sócmhainní agus ioncam an choimircí cúirte atá molta chun cuidiú leo an t-iarratas a dhéanamh. Ullmhóidh an t-aturnae achainí agus dhá mhionnscríbhinn míochaine de réir Ordú 67 de Rialacha na nUaschúirteanna. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil faoin gceannteideal Coimircíocht Daoine Fásta.

Féach ar shreabhchairt ina gclúdaítear Alt 15 Iarratas ar Choimircíocht.

Cé is féidir leis nó léi iarratas a dhéanamh coimircí cúirte a dhéanamh de dhuine?

Níl aon srianta ar cé aige a bhfuil an cead iarratas a dhéanamh ach is ball teaghlaigh, áfach, a dhéanann an chuid is mó d’iarratais chun coimircí cúirte a dhéanamh de dhuine. Mura bhfuil aon neasghaolta ann, is féidir le cara nó aon pháirtí leasmhar eile treoir a thabhairt d’aturnae iarratas a dhéanamh.

An féidir coimircí cúirte a dhéanamh de dhuine a chónaíonn lasmuigh d’Éirinn?

Is féidir. Ní bheadh sé riachtanach é sin a dhéanamh, áfach, ach amháin sa chás gur gá maoin dhochorraithe a dhíol e.g. talamh nó teach cónaithe atá suite laistigh den dlínse. Níl sé riachtanach tús a chur le himeachtaí coimircíochta sa dlínse seo más sócmhainní sochorraithe mar chuntas bainc na sócmhainní amháin atá anseo.

An bhfuil aon rogha eile ann seachas coimircí cúirte a dhéanamh de dhuine chun déileáil lena mhaoin?

Níl aon rogha eile ann seachas coimircíocht má tá maoin réadach ag an duine is gá a dhíol. Ach amháin sa chás go bhfuil socruithe malartacha déanta ag an duine sular chaill sé acmhainn, mar shampla trí bhíthin Cumhacht Mharthanach Aturnae.

Má tá sócmhainní airgid faoi bhun € 50,000 ag duine déan teagmháil leis an oifig chun faisnéis a fháil faoi rogha eile seachas Coimircíocht. 
 
An bhfuil sé riachtanach fógra faoin iarratas a sheirbheáil go pearsanta ar gach coimircí atá beartaithe?

Tá, fiú má tá an coimircí i gcóma Is riachtanas reachtúil é seo agus is i gcúinsí an-eisceachtúil amháin a cheadaítear seirbhís ionaid, tar éis iarratas a dhéanamh chun na Cúirte.

An bhfuil sé de cheart ag an gcoimircí beartaithe achomharc a dhéanamh?

Tá. Ní mór an t-achomharc a chur isteach chuig Oifig na gCoimircí Cúirte laistigh de 7 lá ón dáta a seirbheáladh an fógra. Ní mór agóid a dhéanamh i scríbhinn chuig Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte agus ansin ceadófar tréimhse ama chun fianaise mhíochaine a chur isteach chun tacú leis an achomharc.

An bhfuil costas i gceist chun duine a thabhairt faoi choimircíocht?

I mbunús na gcásanna, íoctar costais dhlíthiúla a bhaineann le hiarratas ar choimircíocht as cistí an choimircí féin tar éis iad a chur isteach sa Chúirt.

Cad a tharlaíonn do mhaoin coimircí?

I ndiaidh d’Uachtarán na hArd-Chúirte an tOrdú Dearbhaithe a dhéanamh trína dtugtar duine faoi choimircíocht ceaptar Coiste chun gníomhú thar ceann an choimircí. Go hiondúil déantar fáltais na gcuntas a choinnítear in institiúidí airgeadais a chur isteach sa Chúirt. Iarrtar ar an gCoiste tograí a chur isteach maidir le teach cónaithe nó tailte (más ann dóibh).

Cad is Coiste ann?

Is é is Coiste ann an duine nó na daoine (Comhchoistí) a cheaptar trí Ordú Cúirte chun oibriú i gcomhar le hOifig na gCoimircí Cúirte chun a bheith ag plé le gnóthaí an choimircí.

Dá bhrí sin is é an Coiste an duine a bheidh ceaptha ag Uachtarán na hArd-Chúirte chun gníomhú thar ceann an choimircí.

Bíonn an duine atá ceaptha ag an gCoiste ina ghaol de ghnáth, áfach,  ach sa chás nach mbíonn aon ghaol oiriúnach ann atá toilteanach gníomhú nó sa chás ina bhfuil easaontas i measc ghaolta an choimircí faoin dóigh ar cheart gnóthaí na gcoimircithe a bhainistiú, féadfaidh an Chúirt Aturnae Ginearálta do Mhionaoisigh agus do Choimircithe Cúirte a cheapadh chun feidhmiú mar choiste.

Tá Coiste cuntasach d’Oifig na gCoimircithe Cúirte as an airgead go léir a fhaightear agus as na híocaíochtaí a dhéantar thar ceann Coimircí.

Ar bhás, éirí as oifig nó athsholáthar coiste ceapann an Chúirt coiste nua.

Tá tuilleadh fianaise ar fáil ar róil agus dualgais Choiste.

Cé hé an tAturnae Ginearálta?

Aturnae cáilithe atá san Aturnae Ginearálta do Mhionaoisigh agus Coimircithe na gCúirteanna i seirbhís an Stáit atá ceaptha ag Uachtarán na hArd-Chúirte chun gníomhú mar Choiste i gcúinsí áirithe. Níl baint ag an Aturnae Ginearálta ach leis na cásanna sin ina n-ordaíonn an chúirt go sonrach don Aturnae Ginearálta an t-iarratas ar choimircíocht a thabhairt nó a cheapann an tAturnae Ginearálta chun gníomhú mar choiste.

In ainneoin go bhfuil Oifig an Aturnae Ginearálta lonnaithe san fhoirgneamh céanna le hOifig na gCoimircithe Cúirte, is eintiteas go hiomlán ar leithligh í agus gníomhaíonn an tAturnae Ginearálta ar an dóigh chéanna le coistí eile - is é sin an tAturnae Ginearálta nach bhfuil aige ach na cumhachtaí atá tugtha ag an gcúirt dó. Ar nós coistí eile, tá an tAturnae Ginearálta faoi bhanna agus éilítear air cuntas a thabhairt don chúirt gach bliain ar airgead a fhaightear agus a íoctar amach.

Déan teagmháil le hOifig an Aturnae Ghinearálta.

An bhfuil an coimircí faoi dhliteanas cáin ioncaim?

Bíonn coimircí Cúirte faoin dliteanas céanna agus bíonn siad i dteideal na bhfaoiseamh céanna agus a bhíonn ag saoránaigh eile. Ní mór don choiste aon tuairisceán cánach a chomhlánú thar ceann an choimircí.

I gcásanna áirithe d’fhéadfadh sé go mbeadh an Coimircí Cúirte, a fuair dámhachtain díobhála pearsanta agus nach bhfuil in inmhe a bheith ag obair, i dteideal díolúine faoi alt 189 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.

Cúram leighis le haghaidh coimircí cúirte.

Má bhíonn cóir leighis ag teastáil ó choimircí agus má bhíonn toiliú ón ospidéal ag teastáil ba cheart cead a fháil ó Uachtarán na hArd-Chúirte. Ba cheart don dochtúir cóireála foirm toilithe leighis a chomhlánú agus a sheoladh chuig an oifig chun toiliú a thabhairt.

I gcás éigeandála b’fhéidir nach mbeadh sé indéanta toiliú na Cúirte a fháil agus sna cúiseanna sin ba cheart go mbeadh gnáthchúinsí leighis i bhfeidhm, agus ba chóir go leanfaí den chóir leighis.

An bhfuil cead ag coimircí taisteal thar lear?

Níl cead ag coimircí Cúirte an dlínse (Poblacht na hÉireann) a fhágáil gan toiliú Oifig na gCoimircithe Cúirte.

An féidir le coimircí dul i mbun bainistíochta ar a chuid gnóthaí féin in athuair?

Is féidir. Is gá aon iarratas ó choimircí a urscaoileadh ó choimircíocht a dhéanamh i scríbhinn ag an gcoimircí nó ag aturnae le treoir ón mbarda chuig Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte. Ba chóir go mbeadh an t-iarratas bunaithe ar fhianaise leighis a léiríonn go bhfuil an coimircí ar a c(h)iall agus in ann a c(h)uid gnóthaí a bhainistiú. Breithneoidh Uachtarán na hArd-Chúirte an t-iarratas bunaithe ar an bhfianaise leighis atá ar fáil.

 

Cad a tharlaíonn nuair a fhaigheann coimircí bás?

Pléitear le maoin coimircí a bhásaigh de réir na riachtanas a bhaineann le  Probháid.

Nuair a fhaigheann Coimircí Cúirte bás déantar teagmháil le hAturnae an Choiste chun doiciméad ar a dtugtar Ráiteas Fíoras a chur isteach agus ansin déantar Ordú Díbhe chun deireadh a chur leis an gcoimircíocht. Go dtí seo, cuireann an chúirt cistí ar fáil chun costais mar chostais sochraide, táillí tí altranais srl. a íoc.

Nuair a eisítear Deontas Probháide nó Riaracháin seoltar an bhunchóip chuig Oifig na gCoimircithe Cúirte agus íoctar aon chistí atá fágtha sa Chúirt leis an Ionadaí Pearsanta Dlíthiúil a ainmnítear ar an Deontas.

Nós imeachta.

Ordú 67

Foscríbhinn K  

Faisnéis chuí eile

Róil agus Dualgais Choiste