Aguisín B: Formhuiní & Pléadálacha
Cuid I |
Carachtar na bPáirtithe a Fhormhuiniú |
Cuid II | |
Cuid III | |
Cuid III (1) |
|
Cuid III (2) |
|
Cuid IV | |
Cuid V | |
Cuid VI |
CUID I: Carachtar na bPáirtithe a Fhormhuiniú
O. 4, r. 9 Seiceadóirí. Is é éileamh an ghearánaí éileamh in aghaidh an chosantóra A.B., mar sheiceadóir [nó &c.] C.D., éagach, ar &c. Is é éileamh an ghearánaí éileamh in aghaidh an chosantóra A.B., mar sheiceadóir X.Y., éagach, ar &c., agus in aghaidh an chosantóra C.D., ina cháil phearsanta, ar &c.
Sannaí i bhféimheacht. Is é éileamh an ghearánaí éileamh mar shannaí faoi fhéimheacht A.B., ar
Iontaobhaí. Is é éileamh an ghearánaí éileamh mar [nó Is é éileamh an ghearánaí éileamh in aghaidh an chosantóra mar] iontaobhaí faoi uacht A.B. [nó faoin tsocraíocht ar phósadh A.B. agus X.Y., a bhean chéile].
Is é éileamh an ghearánaí éileamh in aghaidh an chosantóra mar oidhre ginearálta ar A.B., éagach. Is é éileamh an ghearánaí éileamh in aghaidh an chosantóra, C.D., mar oidhre ginearálta, agus in aghaidh an chosantóra E.F., mar réadtiomnaí tailte faoi
Caingean chosanta sonraí ag comhlacht a bhfuil sainordú tugtha dó ag ábhar sonraí: alt 117(7) nó 120(2), an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018. Is é éileamh an ghearánaí caingean chosanta sonraí thar ceann ábhar sonraí, A.B., ag comhlacht, eagraíocht nó comhlachas neamhbhrabúis lena mbaineann alt [117(7)] [120(2)] den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, is comhlacht, eagraíocht nó comhlachas a bhfuil sainordú tugtha dó nó di ag an ábhar sonraí déanamh amhlaidh. Téacs arna ionadú ag I.R. Uimh. 223 de 2019 i bhfeidhm ón 19ú lá de Mheitheamh, 2019
|