Back
Back

Ar mhaithe le héascaíocht tagartha, taispeánann an tábla thíos na táillí cúirte is coitianta. Tabhair faoi deara nach bhfuil aon táillí cúirte ann do chásanna dlí teaghlaigh.

Táillí Coitinne Cúirte

 

Cáipéis An Chúirt Uachtarach An Ard-Chúirt An Chúirt Chuarda An Chúirt Dúiche
Toghairmeacha, bille sibhialta nó doiciméad tionscnaimh eile N/A €150 - €400 dag brath ar chineál na n-imeachtaí agus luach an éilimh leachtaithe. €90 - €130 ag brath ar chineál na n-imeachtaí agus ar luach an éilimh leachtaithe. €25 - €80 ag brath ar chineál na n-imeachtaí agus ar luach an éilimh leachtaithe
Ceadúnú N/A N/A €330 €150
Láithreas N/A €60 N/A N/A
Foriarratas €60 €60 €60 €15
Foriarratas (le cur isteach ar liosta tráchtála san Ard-Chúirt) N/A €5,000 N/A N/A
Foriarratas (glacadh le cás ar an liosta tráchtála roimh 10 Aibreán 2012) N/A €60 N/A N/A
Mionnscríbhinn €20 €20 €15 €15
Cás sonraithe €70 €70 €60 €60
Cás a shocrú le haghaidh trialach N/A €250 €120 N/A
Toghairm finné (subpoena san Ard-Chúirt) N/A €20 €15 €15
Fógra achomhairc €250 €130 N/A €25
Iarratas ar chead agus fógra achomhairc €250 N/A N/A N/A
Achomharc trí fhoriarratas (ón Máistir/Cláraitheoir Contae) N/A €60 €60 N/A
An breithiúnas a leagadh síos N/A * €120 €25 - €80 ag brath ar an tsuim a bhfuarthas breithiúnas ina leith  **
Meabhrán clárúcháin breithiúnais N/A €25 €15 *** €15 ***
Meabhrán sásaimh breithiúnais N/A €25 €15 €15
Cúis dlí ar feitheamh N/A €25 €25 N/A
Clárú breithiúnais morgáiste san Údarás Clárúcháin Maoine N/A €20 €20 €20

n/a = níl sé infheidhme maidir leis an gcúirt nó leis an dlínse sin

* Foirm bhreithiúnais €85 agus gach mionnscríbhinn €20.

** táillí is iníoctha ar mhionnscríbhinní san áireamh

*** móide €25 sa bhreis má tá tú cláraithe san Ard-Chúirt.

Tá sonraí iomlána faoi na táillí cúirte go léir leagtha amach i dTáillí na Cúirte Uachtaraí, na Cúirte Achomhairc agus na hArd-Chúirte, Táillí na Cúirte Cuarda agus Táillí na Cúirte Dúiche