Is féidir breithiúnas a fháil maidir le breithiúnas loiceadh láithris, breithiúnas de bhun Ordú de chuid Mháistir na hArd-Chúirte nó breithiúnas loiceadh cosanta

Ní mór duit roinnt doiciméad a thaisceadh ar a dtugtar 'Sraith Bhreithiúnais' de phost nó thar an gcuntar ag Rannóg Breithiúnas Phríomh-Oifig na hArd-Chúirte. Bíonn difríochtaí beaga sna doiciméid, ag brath ar an gcineál breithiúnais.

Seiceálann foireann na Rannóige Breithiúnais na doiciméid chun a chinntiú go gcomhlíonann siad Rialacha na nUaschúirteanna. Má tá aon doiciméad ann nach gcomhlíonann, ceisteofar an tsraith bhreithiúnais. Mionsonraítear na ceisteanna ar bhileog ceisteanna chun go n-athbhreithneoidh an t-aturnae cuí iad. Ba chóir an bhileog ceisteanna a chuimsiú leis na páipéir nuair a bhíonn na páipéir bhreithiúnais á n-ataisceadh.

Féach thíos an bhileog ceisteanna shamplach a leanas:

Rannóg Breithiúnas, An Phríomh-Oifig, An Ard-Chúirt

Tag: Gearánaí   - v  -   Cosantóir

Réitigh na ceisteanna seo a leanas:

  1. Níor síníodh an praecipe
  2. Ba chóir ús faoi mar atá éilithe san Fhormhuiniú Éilimh ar an Toghairm Achomair a áireamh agus a léiriú ar an Mionnscríbhinn Fiachais, nó a tharscaoileadh
  3. Níor cuireadh aon Teastas Aturnae ar fáil.

Tá an cheist seo á réiteach ag:

Teil:

R-phost:

Aturnaetha ar taifead:


Cuirtear breithiúnais chruinne chuig an gCláraitheoir le haghaidh a sínithe.

Breithiúnas loiceadh láithris

Is féidir an cineál seo breithiúnais a fháil de bhun toghairm achomair, nó éileamh eachtaithe i dtoghairm iomlánach, nuair nach n-iontrálann an/na cosantóir(í) aon láithreas ar an toghairm. Ní mór na doiciméid seo a leanas a thaisceadh:

An toghairm achomair bhunaidh shéalaithe agus seirbhís formhuinithe uirthi

  • Mionnscríbhinn seirbhíse
  • Mionnscríbhinn fiach
  • Foirm Bhreithiúnais
  • Teastas sínithe aturnae
  • Order of Fieri Facias  (FIFA) (má tá sé beartaithe agat an breithiúnas a fhorfheidhmiú) 
  • Praecipe Fieri Facias (sínithe) 

 

Má éilítear ús i bhformhuiniú éilimh ar an toghairm ba chóir é a áireamh agus a thaispeáint sa mhionnscríbhinn fiachais nó a tharscaoileadh de litir.

 

Breithiúnas de bhun ordú de chuid an Mháistir

Is féidir an cineál seo breithiúnais a fháil de bhun ordú de chuid Mháistir na hArd-Chúirte mar a dtugtar cead iontrála ar bhreithiúnas deiridh i ngníomh. Ní mór na doiciméid seo a leanas a thaisceadh:

 

  • Cóip d'ordú an Mháistir
  • Cóip den toghairm
  • Mionnscríbhinn fiachais (má bhronntar ús in ordú an Mháistir)
  • Foirm Bhreithiúnais
  • Teastas sínithe an aturnae

 

Breithiúnas loiceadh cosanta

Is féidir an cineál seo breithiúnais a fháil nuair a bhaineann éileamh an ghearánaí le fiach nó éileamh leachtaithe i ngnó iomlánach agus ní thugann an cosantóir aon chosaint laistigh den achar ama a ceadaíodh.

 

 (Ordú 27 Riail 2, RSC).

I gcásanna achoimre conspóide ar thoiliú, féadann an Máistir an cás a chur ar atráth i gcomhair éisteacht iomlánach agus achair ama shainiúla a thabhairt chun ráitis éilimh agus chosanta a chur ar fáil. Mura gcloífear leis na hachair ama seo, is féidir breithiúnas a fháil i loiceadh cosanta.

 

 (Ordú 37 Riail 6) Ní mór duit na doiciméid seo a leanas a thaisceadh:

  • Cóip den toghairm
  • Ordú a chuireann an gnó ar atráth i gcomhair éisteacht iomlánach (más infheidhme)
  • Mionnscríbhinn fiachais
  • Teastas sínithe an aturnae
  • Order of Fieri Facias (FIFA) (má tá sé beartaithe agat an breithiúnas a fhorfheidhmiú)
  • Praecipe for Fieri Facias (sínithe)

 

Má éilítear ús i bhformhuiniú éilimh ar an toghairm ba chóir é a áireamh agus a thaispeáint sa mhionnscríbhinn fiachais nó a tharscaoileadh de litir.

Tabhair do d'aird ar na nithe seo a leanas roimh thaisceadh do dhoiciméad:

Gach mionnscríbhinn

  • Ní mór mionnscríbhinní a chuirtear faoi bhráid na hArd-Chúirte a mhionnú seachas a dheimhniú
  • Ní mór giúráid a chomhlánú go hiomlán agus go soiléir
  • Ní mór dáta agus láthair mhionnú na mionnscríbhinne a leagan amach go hiomlán
  • Ná húsáid giorrúcháin ar na míonna, laethanta - m.sh. “Déar 4ú Ean”
  • Ní mór gurb é an t-ainm céanna atá ar an té a ghlacann an mionn (an t-aturnae cleachtais nó coimisinéir mionn) agus atá i gcorp an ghiúráid agus faoina síniú
  • Ba chóir go mbeadh ainm an té a ghlacann an mionn inléite sa ghiúrád. Mura bhfuil sé iomlán inléite ba chóir dóibh a stampa ainm a úsáid thíos faoina síniú. Mura bhfuil stampa ainm ar fáil, is féidir an t-ainm a phriontáil faoina síniú
  • Ní mór paragraif uimhrithe a bheith i mionnscríbhinní, in ord seicheamhach
  • Is gá dleacht stampála chúirte i leith mionnscríbhinní – €20.00 faoi láthair
  • Ba chóir dleacht stampála a fhrainceáil ar chúl na mionnscríbhinne agus ní ar chlúdach an doiciméid. Déantar é seo chun a chinntiú nach bhfolaítear aon fhoclaíocht i gcorp na mionnscríbhinne
  • Níor chóir giúráid a bheith ar leathanaigh scartha .i. ba chóir go mbeadh níos mó foclaíochta ar an leathanach deiridh ná ar an ngiúrád féin - ba chóir an giúrád a bheith go díreach faoi pharagraf deiridh na mionnscríbhinne
  • Is gá clásal comhdaithe i leith gach mionnscríbhinne ina léirítear cé ar a shon a bhfuil sí á comhdú - ba chóir an dáta comhdaithe a fhágáil bán.

 

Mionnscríbhinní Seirbhíse

Ba chóir go leanfadh Mionnscríbhinní Seirbhíse fasach díobh seo a leanas:

  •  
     
    • mionnscríbhinn seirbhíse a bhaineann le seirbhís phearsanta nó seirbhís de phost cláraithe réamh-íoctha (nuair is duine/daoine aonair an Cosantóir) nó
    • mionnscríbhinn seirbhíse a bhaineann le seirbhís ar chuideachta faoi dhliteanas teoranta (tagtha i bhfeidhm de ghnáthphost réamhíoctha)
       
  • Ní mór go meaitseálfaidh na mionsonraí ar fad a bhaineann le suíomh agus dáta na seirbhíse a dtagraítear dóibh sa mhionnscríbhinn seirbhíse leis an bhformhuiniú seirbhíse ar an toghairm
  • Ní mór dáta eisiúna na toghairme agus an uimhir thaifid cáis a chur in iúl go cruinn i gcorp na mionnscríbhinne
  • Ní mór seirbhís a fhormhuiniú ar an toghairm faoi cheann trí lá dá leithéid de sheirbhís a bheith i bhfeidhm   – Féach Ordú 9 Riail 12 de Rialacha na nUaschúirteanna i gcomhair tuilleadh eolais ar fhormhuiniú seirbhíse

 

Mionnscríbhinní Fiachais

  • Ní mór do dhuine a bhfuil eolas aige/aici ar chuntais na cuideachta an mhionnscríbhinn fiachais a mhionnú m.sh. an stiúrthóir airgeadais, leabharchoimeádaí nó, i gcás gearánaí aonair, an duine féin
  • Ní féidir le haturnae an ghearánaí an mhionnscríbhinn fiachais a mhionnú
  • Má tá ús á éileamh, cinntigh go bhfuil na háirimh ceart agus go luaitear an phríomhshuim, líon laethanta, ráta(í) úis srl (de réir mar is infheidhme)
  • Má éilítear ús i bhformhuiniú speisialta éilimh ar an toghairm agus níor áiríodh an t-ús seo a thuilleadh agus é ar taispeáint sa mhionnscríbhinn fiachais, ní mór a leithéid d'ús a tharscaoileadh, bíodh sé de litir ón aturnae thar ceann an chliaint nó laistigh de chorp na mionnscríbhinne fiachais féin.

 

Foirm Bhreithiúnais

  • Is doiciméad é seo a shíníonn an Cláraitheoir a dheimhníonn fíoras an Bhreithiúnais. Tá dleacht stampála cúirte – €85.00 faoi láthair - de dhíth i leith na foirme breithiúnais
  • Bíonn formáid agus foclaíocht éagsúil ar an bhfoirm bhreithiúnais ag brath ar cé acu is breithiúnas ar loiceadh láithris é nó breithiúnas de bhun ordú de chuid Mháistir na hArd-Chúirte é nó breithiúnas ar loiceadh cosanta
  • Ní mór go n-aithrisítear ar fhoirmeacha breithiúnais de bhun ordú na mionsonraí ábhartha ó ordú an Mháistir .i. "Ordaítear..."
  • Ba chóir an spás ar an bhfoirm bhreithiúnais chun suim na gcostas a iontráil a fhágáil bán óir líonfar isteach í nuair a bheidh breithiúnas á mharcáil
  • Is féidir fasaigh i gcomhair Foirmeacha Breithiúnais éagsúla a fháil in Aguisín E de Rialacha na nUaschúirteanna.  

Teastas Aturnae

  • Ní mór go luaitear ar theastas an aturnae seoladh agus cur síos ar gach páirtí sa chás
  • Ní mór go síneoidh an t-aturnae teastas an aturnae agus go gceanglófar é de chúl na foirme breithiúnais
  • Níl aon dleacht stampála chúirte le híoc ar theastas aturnae.

 

Praecipe FIFA agus FIFA (Fieri Facias)

  • Tá fasaigh ar praecipe FIFA and FIFA le fáil in Aguisín F de Rialacha na nUaschúirteanna  
  • Ní mór go síneoidh an t-aturnae an praecipe
  • Níl aon dleacht stampála chúirte le híoc ar an praecipe FIFA ná ar an FIFA 

 

Dleacht Stampála Chúirte

  • Ní féidir dleacht stampála a athúsáid ná a aistriú ó dhoiciméad go chéile
  • Níor chóir dleacht stampála ar mhionnscríbhinn teacht roimh mhionnú na mionnscríbhinne
  • Ba chóir dleacht stampála a bheith stampáilte ar chúl na ndoiciméad bainteach agus gan a bheith ceangailte mar chárta táille.