Is sa Chúirt Dúiche a thionscnaítear gach ionchúiseamh coiriúil seachas cionta áirithe a bpléann an Chúirt Choiriúil Speisialta leo (cionta i gcoinne an Stáit de ghnáth).

Conas is féidir liom mo cheadúnas tiomána a fháil ar ais i ndiaidh a bheith dícháilithe ag an gcúirt?

Le hiarratas a dhéanamh do cheadúnas a fháil ar ais:

  • ní mór duit tréimhse dhícháilithe níos mó ná dhá bhliain a bheith déanta agat
  • is gá leath den tréimhse dhícháilithe a bheith caite faoin am a ndéanann tú d'iarratas
  • ní mór gurb é an chead iarratas den saghas é atá déanta agat le deich mbliana.

Is féidir iarratas a dhéanamh ag an gCúirt Dúiche ina ndearnadh an t-ordú.