Mura bhfreagraíonn an freagróir d'fhógra éilimh faoi cheann 28 lá lena mhaíomh go bhfuil sé/sí ag beartú an cás a chosaint, féadann an t-éilitheoir iarratas a chur faoi bhráid chléireach na Cúirte Dúiche i gcomhair breithiúnais d'éagmais.

Éileamh Fiachais

Is ordú é breithiúnas d'éagmais le go ndéantar breithiúnas i gcoinne an fhreagróra gan éisteacht chúirte.

Ní mór na doiciméid seo a leanas a chur faoi bhráid chléireach na Cúirte Dúiche chun breithiúnas in éagmais a fháil:

  • Mionnscríbhinn nó dearbhú reachtúil (Foirm 41.0141.02 nó 41.03, Sceideal C, de réir mar is cuí) nó seirbheáil an fhógra éilimh
  • Teastas (Foirm 47.01, Sceideal C) ar féidir é a fhormhuiniú ar an mionnscríbhinn fiachais arna shíniú ag aturnae an éilitheora nó ag an éilitheoir (más ag gníomhú go pearsanta) nach bhfuarthas aon láithreas, fógra lenar gá mionsonraí cosanta ón bhfreagróir.
  • Mionnscríbhinn fiachais a dheimhníonn éileamh an éilitheora.