Mholfaimis i gcónaí do dhaoine comhairle dlí a iarraidh ó aturnae/cleachtóir dlí má fhaigheann siad aon doiciméad dleathach.

Mar 'fhreagróir' is gá duit a shocrú cé acu atá tú ag dul a chosaint an cháis nó nach bhfuil. Má tá an freagróir ag dul a admháil go raibh sé/sí contráilte.

  • Ní mór teagmháil a dhéanamh leis an éilitheoir/aturnae an éilitheora faoi cheann 10 lá ó fháil an Bhille Shibhialta chun socrú a chomhaontú ionas nach rachaidh an gnó ós comhair na Cúirte.

 

Mura bhfuil an freagróir ag dul a chosaint an cháis:

  • Nuair a fhaigheann an cosantóir an Bille Sibhialta, ba chóir doibh láithreas a iontráil faoi cheann 10 lá.
  • Is céim an-tábhachtach é láithreas a iontráil óir léirítear i scríbhinn go bhfuil sé beartaithe ag an gcosantóir na himeachtaí a chosaint. Níl an teorainn ama go dian agus, i mbunús na gcásanna, is féidir láithreas a iontráil i ndiaidh don am a bheith caite.

Chun láithreas a iontráil, ní mór don chosantóir foirm iontráil láithris a thaisceadh in oifig na Cúirte. Ní mór fosta cóip den fhoirm a thabhairt d'aturnae an ghearánaí.

Ní mór don chosantóir cosaint a thabhairt don ghearánaí faoi cheann 10 lá de láithreas a iontráil. Ciallaíonn sé seo nach mór don chosantóir fógra dar teideal Cosaint a chur chuig aturnae an ghearánaí. Níl an teorainn ama go dian agus, i mbunús na gcásanna, is féidir láithreas a iontráil i ndiaidh don am a bheith caite.

Cosaint

Faoin gcosantóir atá sé na líomhaintí a dhéanann an gearánaí ina B(h)ille Sibhialta a admháil nó a shéanadh. Faoin gcosantóir atá sé fosta aon chosaint ar leith atá sé/sí ag brath uirthi a lua.

Má tá líomhain ar leith déanta ag an ngearánaí agus mura séanann an cosantóir an líomhain sin san fhógra Cosanta, glacfar leis go bhfuil an cosantóir ag admháil gur fíor an líomhain.

Nuair a shéanann an cosantóir éileamh atá déanta ag an ngearánaí go sonrach, is faoin ngearánaí atá sé an líomhain a chruthú. Ciallaíonn sé seo nach mór don ghearánaí a chruthú gur fíor an t-éileamh. Mar shampla, má shéanann an cosantóir go sonrach gur tharla an timpiste trácht bóthair, ní mór don ghearanaí é a chruthú trí fhianaise a thabhairt os comhair na cúirte.

 

 

Frithéileamh

Nuair a fhaigheann cosantóir Bille Sibhialta, féadann siad a shocrú ní hé amháin nach bhfuil aon rud éagórach déanta acu agus nár chóir an t-éileamh a thabhairt ina gcoinne ach go bhfuil éileamh aige/aici féin i gcoinne an ghearánaí. Sna cúinsí seo, d'fhéadfadh sé gur mhian leis/léi frithéileamh a chuimsiú ina gcosaint.

Chun éileamh a dhéanamh i gcoinne an ghearánaí, cuirtear mír dar teideal Frithéileamh leis an bhfógra Cosanta. Is gá go leagtar amach go soiléir ann na líomhaintí atá á ndéanamh ag an gcosantóir i gcoinne an ghearánaí agus cad atá an cosantóir ag iarraidh ón gcúirt.

Ní mór don chosantóir an fógra Cosanta a thaisceadh leis an bhfrithéileamh ag oifig na Cúirte. Ní mór cóip den fhoirm a thabhairt d'aturnae an ghearánaí fosta.

Fógra sonraí

Féadann cosantóir, ag aon am i ndiaidh seirbheáil Bille Sibhialta air/uirthi agus roimh sheachadadh cosanta, nó féadann gearánaí, ag aon am i ndiaidh seachadadh cosanta nó frithéilimh, iarratas a chur chuig an bpáirtí eile i bhfoirm fógra scríofa le haghaidh sonraí. Níl i gceist le fógra sonraí ach iarratas foirmiúil ar thuilleadh faisnéise faoin gcás. Bíonn ceisteanna nó iarratais shainiúla ann.

Déantar iarratas ar chóipeanna de gach doiciméad nó aon doiciméad ar a bhfuil gníomh, cosaint nó frithéileamh bunaithe ar Fhógra ina n-iarrtar cóipeanna de dhoiciméid. Déantar iarratas ar fhaisnéis ar Fhógra ina n-iarrtar tuilleadh faisnéise. Ba chóir na mionsonraí a iarrtar a sheachadadh faoi cheann 7 lá d'fháil an fhógra.

 

Dul chun cinn cásanna

Is córas bainistithe cásanna é dul chun cinn cásanna ina n-aithnítear saincheisteanna i ndíospóid agus a ndéantar iarrachtaí na ceisteanna seo a réiteach nó a mhaolú roimh an triail.

Is é feidhm dul chun cinn cásanna a chinntiú go n-ullmhaítear imeachtaí trialach go cothrom agus go héifeachtach agus chun costais a choinneáil chomh híseal agus is féidir.

Féadann an Cláraitheoir Contae nó an breitheamh treoir a thabhairt go mbeadh imeachtaí faoi réir dul chun cinn cásanna má tá siad sásta gur cuí é a dhéanamh. Féadann an gearánaí nó an cosantóir foriarratas dul chun cinn cáis a eisiúint más mian leo dul i mbun an phróisis.

Eisíonn an Cláraitheoir Contae toghairm chun freastal ar éisteacht dul chun cinn cáis leis an gCláraitheoir. Tugtar fógra 21 lá ar a laghad.

Tráth nach déanaí ná 7 lá roimh an éisteacht, ní mór don ghearánaí leabhar innéacsaithe de phléadálacha a thaisceadh in oifig na Cúirte Cuarda a mhalartaítear idir na páirtithe agus cóip den innéacs a sheirbheáil ar an gcosantóir.

Ag an éisteacht dul chun cinn cáis, socróidh an Cláraitheoir Contae cé na bearta atá le déanamh fós chun an cás a ullmhú i gcomhair trialach agus socrófar amchlár chun ullmhúchán an cháis i gcomhair trialach a chomhlánú.

Féadann an Cláraitheoir orduithe a dhéanamh nó treoracha a thabhairt maidir le pléadálacha agus gnóthaí eile.