Déantar achomharc ón gCúirt Chuarda faoi Ordú 61 de Rialacha na nUaschúirteanna.  Ní mór Fógra Achomhairc a chur isteach faoi cheann 10 lá d'ordú nó de bhreith na Cúirte Cuarda. Ní mór an fógra a sheirbheáil agus an tseirbheáil formhuinithe ar chúl an fhógra sula dtaiscfear/gcuirfear isteach é. Ní gá cóip den ordú Cúirte Cuarda a bheith agat chun iarratas ar achomharc a chur faoi bhráid na hArd-Chúirte.

Ní mór an fógra achomhairc a bheith stampáilte leis an táille cúirte chuí.

Tá an áit a gcuireann tú isteach d'fhógra achomhairc ag brath ar cé acu atá nó nach bhfuil fianaise bhéil sa chás.

Más ann d'fhianaise bhéil, cuirtear an t-achomharc isteach in Oifig na Cúirte Cuarda. Murar ann d'fhianaise bhéil, cuirtear an t-achomharc isteach sa Phríomh-Oifig agus éistear an t-achomharc i mBaile Átha Cliath.

Má éisteadh an cás i mBaile Átha Cliath ar dtús, cuirtear an t-achomharc faoi bhráid Phríomh-Oifig na hArd-Chúirte.

Le hOrdú 61 Riail 3 ceadaítear 10 lá chun an t-achomharc a sheirbheáil agus a chur faoi bhráid na Príomh-Oifige. Más de phost atá tú ag seirbheáil, ní mór an t-achomharc a sheoladh ar an 9ú lá.

Ní mór an t-achomharc a sheirbheáil ar an bpáirtí eile nó ar a n-aturnae roimh a chur chun na hoifige.

Ní bac é ar ordú na Cúirte Cuarda fógra achomhairc a chur isteach. Cuireann an bac stop le hOrdú na Cúirte Cuarda agus tú ag fanacht go n-éistfear an t-achomharc. Is gá gur sa Chúirt Chuarda a dhéantar an t-iarratas ar bhac ar an Ordú. Má dhiúltaítear an t-iarratas, is féidir achomharc a dhéanamh in aghaidh an diúltaithe trí fhógra a sheirbheáil agus a chur isteach sa Phríomh-Oifig (Ordú 61 Riail 6) faoi cheann ceithre lá. Is féidir, dá thoradh seo, go gcuirtear dhá achomharc a chur isteach, i dhá n-áit, ó chás amháin de chuid na Cúirte Cuarda.

Má bhíonn tú lasmuigh de na teorainneacha ama, féadann tú cur isteach ar shíneadh ama a gcaithfear cloí leis chun an t-achomharc a dhéanamh. Chuige seo, ba chóir duit tionscnamh réamhordaithe agus mionnscríbhinn forais a chur isteach chun na Príomh-Oifige chun síneadh ama a iarraidh ar Mháistir na hArd-Chúirte a gcaithfear cloí leis chun an t-achomharc a dhéanamh. Má thugtar an síneadh ama, ba chóir an fógra achomhairc le cois Ordú an Mháistir a sheirbheáil. Ba chóir an fógra a fhormhuiniú agus a thaisceadh san oifig chúirte bhainteach.