Tagraíonn Achomharc Reachtúil d'achomharc i gcoinne cinneadh de chuid comhlachta arna bhunú ag reacht chun cumhachtaí ar leith a fheidhmiú. Is é Ordú 84C de Rialacha na nUaschúirteanna a phléann le hAchomhairc Reachtúla.

Baineann achomhairc choitianta le cinntí a dhéanann:

  • An Coimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil
  • Ombudsman Seirbhísí Airgeadais
  • An Coimisinéir Faisnéise (Saoráil Faisnéise)
  • An Chúirt Oibreachais
  • Ombudsman na bPinsean
  • An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha
  • An tÚdarás Clárúcháin Maoine
  • An Bord Achomhairc um Shlándáil Príobháideach

 

Mura leagtar amach a mhalairt sa reachtaíocht, ní mór achomhairc a eisiúint tráth nach déanaí ná 21 lá ón dáta a bhfuarthas an cinneadh. D'fhéadfadh sé gur tríd an gcinneadh a fuarthas ón gcomhlacht Stáit a shocrófar creat ama an achomhairc.

Déantar achomharc trí fhoriarratas bunaidh a dhéanamh le mionnscríbhinn forais i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte. Ní mór an foriarratas bunaidh agus an mhionnscríbhinn a bheith stampáilte leis an táille cúirte chuí.

Nuair a bheidh an fhoriarratas bunaidh curtha isteach agus eisithe, tabharfar dáta fillte duit (an chéad dáta eile le teacht chun na Cúirte). Ní mór cóip den tionscnamh réamhordaithe agus den mhionnscríbhinn a sheirbheáil ar an bhfreagróir (an páirtí eile atá san himeachtaí).