Má fhaigheann tú fógra éilimh agus socraíonn tú gurb é an t-éilitheoir a rinne an éagóir, féadann tú éileamh a thionscnamh i gcoinne an éilitheora ar a dtugtar frithéileamh.

Ní mór go gcuimsítear i bhfrithéileamh 'fógra agus ráiteas frithéilimh' sa láithreas agus cosaint a chuirtear faoi bhráid chléireach na Cúirte Dúiche agus go seirbheáiltear ar an éilitheoir é.

Maidir leis an bhfrithéileamh, ní mór:

  • A mhaíomh go bhfuil tú ag frithéileamh i gcoinne an éilitheora
  • Na líomhaintí atá tú a dhéanamh agus an tsuim nó réiteach eile atá tú a iarraidh a leagan amach go soiléir agus go hachomair
  • An comhfhreagras agus doiciméid uile ar a bhfuil an frithéileamh ag brath a liostú, lena n-áirítear dátaí bainteacha
  • É a bheith leagtha amach ina pharagraif uimhrithe.


Ní mór duit dleacht stampála a íoc as an bhfrithéileamh ar aon dul leis an Ordú Táillí Cúirt Dúiche.