Is próiseas trí chéim é an próiseas clárúcháin:
N.B. Ní mór Google Chrome a úsáid chun sonraí a iontráil agus teacht ar fhaisnéis ar CSOL.
Céim 1 - Cuntas a Chruthú
Ní mór cuntas a chruthú ar dtús ach sonraí a iontráil go leictreonach ar www.csol.ie
Ní mór na sonraí seo a leanas a chur isteach.
- Cineál cuntais (Roghnaigh ‘Cuntasóir Cuntas Dlíthiúil’ nó ‘Cuntas do Ghnólacht Dlí’)
- Céadainm
- Sloinne (Ba chóir gurbh é seo an teagmhálaí a cheap an gnólacht nó an oifig maidir le CSOL. ‘Riarthóir’)
- Seoladh ríomhphoist
- Ainm an Ghnólachta nó na hOifige (Tá cuid den fhaisnéis seo ann roimh ré ó bhunachar sonraí a chuireann ILCA nó an Dlí-Chumann ar fáil)
- Sonraí an tSainordaithe Dochair Dhírigh - Ainm an Chuntais, IBAN agus BIC
Céim 2- Doiciméid láimhe chun clárú
Íoslódálann an cuntasóir costas dlíthiúil nó riarthóir cláraitheora dlí doiciméid CSOL atá ag teastáil chun clárú.
Ba chóir na doiciméid seo a chomhlánú i gcruachóip, in éineacht le doiciméid tacaíochta eile, mar a leagtar amach ar CSOL, agus a sheoladh ar ais chuig;
An Lár-Aonad um Thacaíocht Iarratais,
An tSeirbhís Chúirteanna,
Oibríochtaí na gCúirteanna Cuarda agus Dúiche,
Teach an Fhionnuisce,
Margadh na Feirme,
Baile Átha Cliath 7
Céim 3 – Cuntas Gnólachta/Oifige a Ghníomhachtú
Nuair a fhaigheann an tSeirbhís Chúirteanna na doiciméid láimhe, cuirtear ríomhphost ina mbíonn nasc gníomhachtaithe chuig an seoladh ríomhphoist a cuireadh ar fáil.
Leanann an riarthóir sa ghnólacht/san oifig na treoracha sa ríomhphost agus gníomhachtaíonn sé/sí cuntas gnólachta/oifige ar CSOL.
Is féidir leis an riarthóir teacht ar CSOL anois agus úsáideoirí breise ón ngnólacht a chlárú ar CSOL.
Tá tacaíocht maidir le clárú nó úsáid ghinearálta CSOL ar fáil ach ríomhphost a chur chuig casu@courts.ie
Tá treoracha ar líne ar fáil ag na naisc seo a leanas:
Próiseas Riaracháin do Chleachtóirí Dlí
Próiseas Riaracháin do Chuntasóir Costas Dlíthiúil
Cuntais úsáideora bhreise a chruthú agus a bhainistiú don ghnólacht
Cuntais úsáideora a ghníomhachtú ar CSOL
Tabhair do d’aire gur treoirthionscadal é seo i dtosach báire atá ar fáil do chleachtóirí dlí agus do chuntasóirí costas dlíthiúil.