Ár nGealltanais i dtaca le Seirbhís do Chustaiméirí

Má bhaineann dfhiosrúchán le cás cúirte ábhartha, ba cheart dul i dteagmháil leis an oifig cúirte ábhartha.  Is féidir liosta cuimsitheach d’Oifigí Cúirte ar fud na tíre a fháil anseo

Cosaint Sonraí

Tá muidne (an tSeirbhís Cúirteanna) ag bailiú do shonraí pearsanta chun déileáil le do ghearán i gcomhréir le Cairteacha na Seirbhíse do Chustaiméirí agus an Polasaí ar Bhainistíocht ar Ghníomhartha Do-Ghlactha.

Láimhseálfaidh do shonraí pearsanta i gcomhréir lenár n-oibleagáidí atá leagtha amach inár Ráiteas Polasaí.

Moltaí, Tráchtanna agus Gearáin

Táimid ag iarraidh d’aiseolas a chloisteáil- maith nó olc- chun cuidiú linn bheith cinnte go bhfuilimid ag cuir seirbhís d’ardchaighdeán ar fáil d’ár úsáideoirí.

Moltaí

Tá eolas thíos chun moladh a thabhairt dúinn más rud é gur éirigh go maith linn:

Gearáin

Déanann an tSeirbhís Cúirteanna gach iarracht le bheith cinnte go bhfuil gach custaiméir sásta amach is amach leis na seirbhísí a chuirimid ar fáil dóibh agus go raibh sé ar an chaighdeán a raibh siad ag súil le, agus go ndearna é ar bhealach cairdiúil, cúirtéiseach agus éifeachtúil.

Mar sin féin, ó am go chéile, teipeann orainn agus b’fhéidir ní raibh an tseirbhís a churtha ar fáil chomh maith is a shíl sibh a bheadh.

Mura bhfuil tú iomlán sásta leis an seirbhís a fhuair tú ón tSeirbhís Cúirteanna, ba cheart duit do ghearán a dhéanamh chomh luath agus is féidir trí theagmháil a dhéanamh leis an bhainisteoir oifige den Oifig Seirbhíse Cúirteanna ábhartha. Nuair is féidir, cuirfidh an fear nó bean an scéal ina cheart gan a thuilleadh moille.

Mura fhaigheann tú toradh sásúil, nó má tharlaíonn sé nach bhfuil tú ag iarraidh gearán a dhéanamh ag an am, líon an fhoirm ar líne isteach le do thoil.

Dhéileáil leis na gearáin go léir go gasta agus ar bhealach oibiachtúil agus cúirtéiseach

De rogha air sin, is fédir scríobh chuig: 

 

An Oifig Comhordaithe Tráchtanna na gCustaméirí
An tSeirbhís Cuirteanna
An 6ú hUrlár
15/24 Sráid an Fhionnuisce Thuaidh
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7

 

Ceangaltas na Seirbhíse Cúirteanna nuair atá duine ag déileáil le gearáin fhoirmiúla

Réiteoimid na gearáin go léir ar an chéad ásc, nuair is féidir.

Aithneoimid na gearáin go léir taobh istigh de 3 lá oibreacha agus cuirfimid ainm agus sonraí teaghmhála na n-oifigeach atá ag fiosrú ar do ghearán.

Déanaimid fiosrú ar na gearáin agus tabharfaimid freagair ar do chuid gearán taobh istigh de 15 lá oibreacha nó, nuair a theipeann orainn seo a dhéanamh tabharfaidh freagair eatramhach duit ag míniú an cás agus cén uair a cheaptar go mbeidh freagair substainteach acu.

Déanfaidh an tSeirbhís Cúirteanna athbhreithniú ar na gearáin chun réimse ar bith sa tseirbhís ghinearálta atá ag lorg feabhsuithe a aithint.

Caitheadh go gasta, go réasúnta, go neamhchlaonta agus le lánmhuinín leis na gearáin ar fad.

Má tá tú míshásta le toradh an ghearáin

Má cheapann tu nar réitíodh do ghearán go hardchaighdeán, tar éis an cinnte a fháil, is féidir leat achainí a dhéanamh chuig Oifig an Ombudsman ag;

 

Oifig an Ombudsman
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliatha 2
D02 W773
Fón (01) 6395600
Ríomhphost na nGearáin  https://www.ombudsman.ie/making-a-complaint/make-a-complaint/                  
Suíomh gréasáin: https://www.ombudsman.ie/

 

Cad é nach bhfuil san áireamh i ngás an ghearáin

Faoi Bhunreacht na hÉireann, tá na breithiúna go hiomlán neamhspleách lena bhfeidhmeanna breithiúnacha.

Is é an breitheamh amháin atá freagrach as stiúradh agus cinneadh an cháis chúirte agus níl cead ag an tSeirbhís Cúirteanna idirghabháil a dhéanamh ar aon bhealach.

Is trí na cúirte amháin is féidir aon chinneadh, breithiúnas nó rialú a dhéanamh.

Is tríd na cúirte amháin is féidir achainí a dhéanamh ar chinntí Gar-Bhreithiúnacha atá déanta ag oifigigh.  Beadh idir cinntí na Cláraitheoirí Contaetha agus a gcuid róil mar Fo- Sirriamaí san áireamh, Máistir na hArd-Chúirte, Breithneoirí Costas Dlíhiúil agus oifigigh na Ard Chúirte eile atá ag cur feidhmeanna gar- bhreithiunacha i bhfeidhm. Faoi Bhunreacht na hÉireann, tá na breithiúna go hiomlán neamhspleách lena bhfeidhmeanna gar- breithiúnacha.

Caithfear dul i ngleic le heagraíocht ábhartha leis na gearáin ar gharimithe dlí.

Gearáin faoin Acht um Míchumas 2005

Gearáin faoin Acht um Míchumas 2005

Forbhreathnú

Féadfaidh duine gearán a dhéanamh linn má mheasann siad nár chloígh muid le míreanna ó Alt 25 go hAlt 28 den Acht um Míchumas 2005, a bhaineann le rochtain ar fhoirgnimh, ar sheirbhísí agus ar fhaisnéis a chuir muid ar fáil.  

Cé atá in ann gearán a dhéanamh?

Is féidir leatsa, nó duine ag gníomhú ar do shon, gearán a dhéanamh. Is iad seo a leanas na daoine ar féidir leo gearán a dhéanamh ar do shon:

  • Céile, páirtí, tuismitheoir nó gaol
  • Caomhnóir nó duine atá ag gníomhú in loco parentis don duine sin
  • Ionadaí dlíthiúil
  • Abhcóide ag gníomhú le do thoil ar do shon

Conas is féidir gearán a dhéanamh?

Is féidir leat gearán a dhéanamh trí scríobh chugainn agus a chur in iúl dúinn gur gearán é faoi Alt 38 den Acht um Míchumas 2005 (Ba cheart gach gearán eile a sheoladh chuig Customer Comments Coordination Office.)

Chun cabhrú linn do ghearán a fhiosrú ba cheart duit an t-eolas seo a leanas a sholáthar dúinn:

D’ainm, do sheoladh, d’uimhir theagmhála agus do sheoladh ríomhphoist

Cibé an raibh tú ag iarraidh rochtain a fháil ar

  • Fhaisnéis
  • Ar sheirbhís
  • Ar Fhoirgneamh poiblí

Sonraí an ghearáin maidir leis an mainneachtain atá déanta againn rochtain a sholáthar faoi Alt 25 go hAlt 28 den Acht

Cén áit ar cheart gearán a sheoladh?

Ba cheart duit do ghearán scríofa a sheoladh tríd an bpost, de láimh nó trí ríomhphost chuig na seoltaí thíos

 Trí ríomhphost:

Chuig OfficeoftheCEO@courts.ie agus “Gearán Alt a 38 den Acht um Míchumas 2005” ar an líne gearáin

Sa phost nó de láimh:

Gearán faoi Alt 38 den Acht um Míchumas 2005
Oifig an Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin
Teach an Fhionnuisce
15-24 Sráid an Fhionnuisce Thuaidh
Baile Átha Cliath 7

Cad a tharlaíonn nuair a dhéantar gearán?

Tá Oifigeach Fiosrúcháin againn a dhéanfaidh imscrúdú ar ghearáin a dhéantar faoin Acht um Míchumas 2005.

  • Admhóidh an tOifigeach Fiosrúcháin go bhfuarthas do ghearán tráth nach déanaí ná 5 lá oibre tar éis é a fháil.
  • Soláthróidh an tOifigeach Fiosrúcháin tuarascáil ina leagfar amach:
    • an bhfuil gearán bailí agat
    • cibé ar theip ar an tSeirbhís Chúirteanna forálacha ábhartha an Achta um Míchumas a chomhlíonadh nó nár theip

agus

  • i gcás ina ndearnadh mainnfeachtain, leagfar amach na rudaí atá le déanamh chun é sin a chur ina cheart
  • Sa chás go gcreideann an tOifigeach Fiosrúcháin nach bhfuil gearán bailí, cuirfidh sé nó sí an cinneadh sin in iúl duit, nó don duine a dhéanann an gearán ar do shon, agus don Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin.

 

Freagra agus tuairisc an Oifigigh Fiosrúcháin

Tabharfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin

  • freagra ort laistigh de 21 lá oibre. Murar féidir freagra a thabhairt ort laistigh de 21 lá oibre, rachaidh siad i dteagmháil leat nó leis an duine a rinne an gearán ar do shon agus cuirfidh siad in iúl duit go mbeidh an tuairisc ar fáil.
  • tuairisc i scríbhinn a ullmhú ar thoradh an imscrúdaithe, ina leagfar amach a gcuid cinntí. Leagfaidh siad amach freisin ar theip orainn an tAcht um Míchumas a chomhlíonadh
  • má tharla teip tabharfar breac-chuntas ar na céimeanna is gá a ghlacadh chun an scéal a chur ina cheart  
  • seolfar cóip den tuarascáil chugat agus chuig an bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin
  • inseofar duit faoin gceart atá agat achomharc a dhéanamh chuig Oifig an Ombudsman

 

Oifig an Ombudsman
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Cárta JAM

Cárta JAM

Cad is Cárta JAM ann?

Tugann Cárta JAM deis do dhaoine a bhfuil deacracht foghlama acu, uathachas nó aon bhac cumarsáide acu a rá le daoine eile go discréideach agus go héasca go bhfuil ‘Nóiméad amháin’  riachtanach dóibh. Chun tuilleadh a fhoghlaim cliceáil anseo