Is féidir le húsáideoirí fón cliste aip an Cárta JAM a íoslódáil a chuireann ar a gcumas roghanna éagsúla taispeána a léiriú ar an scáileán lena n-áirítear ‘Tá uathachas orm’, ‘tá riocht orm’ agus ‘tharla gortú inchinne dom’.
Tá cártaí JAM ar fáil freisin in Oifigí Poiblí ar fud na Seirbhíse Cúirteanna, ag Cúirt Cróinéirí Bhaile Átha Cliath agus ag dhá láthair phíolótacha (Príosún Lár na Tíre agus Príosún an Chaisleáin Riabhaigh) agus beidh siad ar fáil ar fud Sheirbhís Phríosúin na hÉireann amach anseo.
Ba thionscadal comhoibríoch é seo leis an tSeirbhís Chúirteanna, Cúirt Cróinéirí Bhaile Átha Cliath agus Seirbhís Phríosúin na hÉireann agus maoiníodh é trí Chiste Nuálaíochta na Seirbhíse Poiblí 2021. Is sampla é an tionscadal seo de nuálaíocht atá dírithe ar shaoránaigh a chuirfidh le heispéireas iomlán an tsaoránaigh leis na seirbhísí poiblí.
Tuilleadh eolais ar Chártaí JAM agus Grúpa NOW:
Suíomh Gréasáin an Ghrúpa NOW
Suíomh Gréasáin an Cárta Jam
Chun cárta JAM a iarradh