Leagtar amach ar an leathanach seo conas a úsáideann an tSeirbhís Chúirteanna Twitter.

Ag tvuíteáil

Ag tvuíteáil

Déanfaimid tvuíteanna a phostáil ar ábhair éagsúla, lena n-áirítear na hábhair seo a leanas:

  • athruithe ar shuíonna cúirte;
  • fógraí giúiré;
  • iaimh agus fógraí riaracháin eile;
  • fógraí maidir le breithiúnais nó cinntí ar leith;
  • athruithe ar rialacha, ar threoracha cleachtais agus ar tháillí;
  • ceapacháin bhreithiúnacha, daoine atá ag éirí as agus ócáidí eile;
  • fógraí poist;
  • foilseacháin, óráidí agus eisiúintí chuig na meáin.

Tá ról na Seirbhíse Cúirteanna éagsúil ó ról na mbreithiúna. Ní féidir linn comhairle dlí a chur ar fáil ná freagra a thabhairt ar cheisteanna ar leith maidir le do chúinsí nó do chás pearsanta. Ní dhéanfaimid riamh trácht ar chásanna cúirte reatha ná ar chásanna cúirte atá thart, ar chúrsaí pianbhreithe nó ar bhreithiúnais.

Iarraimid oraibh gan faisnéis phearsanta a phostáil chuig ár leathanach Twitter chun bhur bpríobháideachas pearsanta agus príobháideachas daoine eile a chosaint.

Ní mheasfar teachtaireachtaí a sheolfar chuig ár gcuntas Twitter mar theagmháil leis na cúirteanna chun críoch oifigiúil. Má tá fadhb ar leith nó fadhb a bhaineann le cás agat, is féidir leat sonraí teagmhála na hoifige cúirte ábhartha a fháil ar ár leathanach Teacht Orainn.

Má fhaightear tvuíteanna maslacha nó turscair, déanfar na leantóirí sin a bhlocáil agus déanfar gearán fúthu go díreach le Twitter.

Atvuíteáil & Cé a Leanfaimid

Féadfaidh an tSeirbhís Chúirteanna eagraíochtaí nó daoine aonair a bhaineann linn 'a leanúint' nó tvuíteanna dá gcuid a atvuíteáil. Ní thugann sé sin moladh ar bith le fios.

Ní leanfaimid ár leantóirí go huathoibríoch.

@Freagraí agus Teachtaireachtaí Díreacha

Cuirimid fáilte roimh aiseolas agus léimid teachtaireachtaí díreacha agus @freagraí. É sin ráite, níl na hacmhainní againn freagra aonair a thabhairt ar na teachtaireachtaí go léir a fhaighimid ar Twitter.

Infhaighteacht
Déanfaimid súil a choinneáil ar ár gcuntas Twitter chomh minic agus is féidir, go háirithe le linn uaireanta gnó na seachtaine oibre.

D'fhéadfadh nach mbeadh Twitter ar fáil ó am go chéile agus ní ghlacaimid aon fhreagracht as easpa seirbhíse mar gheall ar aga neamhfhónaimh Twitter.