Bunaíodh an Coiste Sheirbhísí Taighde Dlíthiúil agus Leabharlainne i mí na Nollag 2020. Is é cuspóir an Choiste ionchur breithiúnach agus treoir a sholáthar d’fhoireann bhainistíochta na Seirbhísí Taighde Dlíthiúil agus Leabharlainne (LRLS) maidir le taighde dlíthiúil agus seirbhísí leabharlainne a sholáthar. Cuireann an Coiste tacaíocht ar fáil maidir le seirbhísí atá ann cheana a chothabháil, chomh maith le tionscnaimh nua a fhorbairt agus a chur chun cinn ar mhaithe leis na breithiúna.
Is iad seo a leanas comhaltaí an choiste:
An tOnórach an Breitheamh Brian O’Moore (Cathaoirleach);
An tOnórach an Breitheamh Brian Murray;
An tOnórach an Breitheamh Peter Charleton;
An tOnórach an Breitheamh Mark Heslin;
An tOnórach an Breitheamh Pauline Codd;
An Breitheamh Colm Roberts; agus
Eamonn Doherty, Ceann Sheirbhísí Taighde Dlíthiúil agus Leabharlainne.
Go hachomair, cumhdaítear le LRLS sainchúram leathan lena n-áirítear Leabharlann na mBreithiúna a reáchtáil, an Oifig Tacaíochta Taighde (RSO) agus Cúntóirí Breithiúnacha (JAnna) a bhainistiú, obair an Aontais Eorpaigh agus an Choiste Idirnáisiúnta, ár gcóras Bainistíochta Eolais (KM) a chur chun feidhme agus oiliúint a chur ar Chúntóirí Breithiúnacha (JAnna) agus ar Chomhlaigh Tacaíochta Taighde (RSAnna).