Tá gnásanna speisialta i bhfeidhm do pháirtí ar bith atá ag iarraidh iarratas a chur isteach le haghaidh rochtain ar thaifead d’imeachtaí cúirte (a thugtar taifeadadh “DAR” air chomh maith) Tá na rialacha cúirte atá rialaithe leis an ghnás a chaifear a leanúint nuair atá tú ag lorg rochtain ar thaifeadadh ar bith d’imeachtaí cúirte agus na téarmaí ina bhfuil rochtain ceadaithe leagtha síos sna hIonstraimí Reachtúla thíos:

Caithfidh aon iarratas le haghaidh an taifid ar imeachtaí cúirte a dhéanamh trí iarratas foirmiúil chuig an bhreitheamh sna himeachtaí, agus ar aird an pháirtí nó páirtithe eile do na himeachtaí.

Tá sé faoi  thuairim an bhreithimh cinneadh a dhéanamh air má tá, agus i cibé foirm atá rochtain ar thaifeadadh d’imeachtaí cúirte ar fáil.

Má tá iarratas le haghaidh taifid chúirte ceadaithe ag an bhreitheamh, caithfidh an t-iarrthóir an costas den taifeadadh a íoc. Is thart ar €200 an uair de thaifeadadh fuaime an costas atá ar thras-scríbhinn taifeadta.

Má tá tú ag lorg rochtain  ar Taifid chúirteanna agus tras-scríbhinní, déan teagmháil leis an oifigeach cúirte ábhartha díreach lasmuigh den SF.

Tá liosta cuimsitheach de na hoifigí cúirteanna ar fud  na tíre ar fáil anseo.

Gaeilge
FAQS Category: 
Data Protection Access to Court Records