Tá gnásanna speisialta i bhfeidhm do pháirtí ar bith atá ag iarraidh iarratas a chur isteach le haghaidh rochtain ar thaifead d’imeachtaí cúirte (a thugtar taifeadadh “DAR” air chomh maith) Tá na rialacha cúirte atá rialaithe leis an ghnás a chaifear a leanúint nuair atá tú ag lorg rochtain ar thaifeadadh ar bith d’imeachtaí cúirte agus na téarmaí ina bhfuil rochtain ceadaithe leagtha síos sna hIonstraimí Reachtúla thíos:
- S.I. No. 99 den 2013 -Rialacha na Cúirte Dúiche (Taifeadadh ar na hImeachtaí) 2013
- S.I. No. 100 den 2013 -Rialacha na Cúirte Cuarda (Taifeadadh ar na hImeachtaí) 2013
- S.I. No. 101 den 2013 -Rialacha na nUaschuirteanna (Taifeadadh ar na hImeachtaí) 2013
Caithfidh aon iarratas le haghaidh an taifid ar imeachtaí cúirte a dhéanamh trí iarratas foirmiúil chuig an bhreitheamh sna himeachtaí, agus ar aird an pháirtí nó páirtithe eile do na himeachtaí.
Tá sé faoi thuairim an bhreithimh cinneadh a dhéanamh air má tá, agus i cibé foirm atá rochtain ar thaifeadadh d’imeachtaí cúirte ar fáil.
Má tá iarratas le haghaidh taifid chúirte ceadaithe ag an bhreitheamh, caithfidh an t-iarrthóir an costas den taifeadadh a íoc. Is thart ar €200 an uair de thaifeadadh fuaime an costas atá ar thras-scríbhinn taifeadta.
Má tá tú ag lorg rochtain ar Taifid chúirteanna agus tras-scríbhinní, déan teagmháil leis an oifigeach cúirte ábhartha díreach lasmuigh den SF.
Tá liosta cuimsitheach de na hoifigí cúirteanna ar fud na tíre ar fáil anseo.