D’fhan na Cúirteanna gnóthach in 2019 - 670,000 ábhar pléite
Rinneadh clár Nua-aoisithe na gCúirteanna a bhrú chun cinn go mór mar fhreagairt ar ghéarchéim Covid-19
Bogadh gnó na gcúirteanna cúig bliana chun tosaigh laistigh de chúig mhí, a deir an Príomh-Bhreitheamh.
Tuarascáil Bhliantúil 2019 go hachomair:
- Fáiltíonn an Príomh-Bhreitheamh roimh thionscnaimh reachtaíochta a chuirfidh tuilleadh le nua-aoisiú na gcúirteanna
- Meallann Ionad Dlí Teaghlaigh na gCúirteanna maoiniú ceadaithe ag an Rialtas
- Bogann an smaointeoireacht maidir le nua-aoisiú na gCúirteanna cúig bliana chun tosaigh thar chúig mhí, agus deiseanna do thionscnaimh nuálacha tagtha chun cinn mar fhreagairt ar shrianta Covid-19
- Cur chuige ‘Digiteach ar dTús’ na gCúirteanna agus an tuarascáil atá ar na bacáin maidir le hathbhreithniú ar Cheartas Sibhialta – cnámh droma don deich mbliana nua-aoisithe atá romhainn
- Clár Nua-aoisithe na gCúirteanna agus an tuarascáil atá ar na bacáin maidir le hathbhreithniú ar Cheartas Sibhialta – cnámh droma don deich mbliana nua-aoisithe atá romhainn
- Méadú 30% ar Iarratais maidir le Foréigean Teaghlaigh anuraidh
- Glanadh riaráiste na gcásanna tearmainn agus bhí laghdú suntasach ar líon na gcásanna nua
- Laghdú 40% ar Fhéimheachtaí nua
- Laghdú 28% ar chásanna sealbhaithe tionscanta: Laghdú 37% ar orduithe sealbhaithe
- I gcás éignithe, tréimhse níos mó ná deich mbliana a bhí i gceist le 63% de na téarmaí príosúnachta a gearradh
- Tá 30% d’iarratais um cheadúnú le bogadh ar líne láithreach, de réir mar a dhéantar eLicensing a reáchtáil ar bhonn píolótach agus a leathadh amach.
“Shílfeá gur le ré eile a bhain 2019 agus déanfar é a úsáid mar thagarmharc don chaoi a mbíodh na cúirteanna roimh an bpaindéim”. Príomh-Bhreitheamh, Frank Clarke.
Dé Céadaoin 22 Iúil 2020; Rinne an Príomh-Bhreitheamh, an tUasal Breitheamh Frank Clarke, Tuarascáil Bhliantúil na Seirbhíse Cúirteanna, 2019, a chur i láthair don Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee, ag imeacht sa Chúirt Uachtarach inniu ag a ndearnadh scaradh fisiciúil. Dúirt sé gur “bhain an tuarascáil le 2019, bliain a shamhlófá anois, ar mhórán bealaí, le ré éagsúil. Níl aon dabht ach go mbeidh tuarascáil 2020 an-difriúil. Ach b’fhéidir go seasann an tuarascáil seo do 2019 mar thagarmharc do staid ár gcúirteanna sular bhuail an phaindéim”.
Agus é ag súil le hathruithe sa dlí a chuideoidh leis na cúirteanna nua-aoisiú a chur chun cinn, in aois seo na mear-nuálaíochta, dúirt sé, “Tá a fhios agam go bhfuiltear ag déanamh machnaimh ar roinnt bearta reachtaíochta breise. Cuirtear fáilte mhór rompu seo. Fáiltím freisin roimh an ngealltanas i gClár an Rialtais ní hamháin chun próiseas a bhunú leis an éileamh reatha agus meántéarmach ar bhreithiúna a aithint, ach chun struchtúr nua a chur chun cinn maidir le soláthar ceartais teaghlaigh chomh maith”.
Ag tagairt do chlár Nua-aoisithe na Seirbhíse Cúirteanna féin agus do thuarascáil an Choiste Athbhreithnithe ar an gCeartas Sibhialta, atá le foilsiú i mí Mheán Fómhair, dúirt sé gur “gnéithe tábhachtacha iad i bhforbairt struchtúir Cúirteanna Sibhialta sna blianta romhainn a mbeidh nua-aoisiú suntasach le sonrú ann”.
Maoiniú i gcomhair Dlí Teaghlaigh faighte ag an Aire:
Dúirt sé, “Fáiltím go mór, a Aire, roimh an maoiniú breise atá faighte agat, a ligfidh do thionscadal Lána an Chrochaire dul ar aghaidh. Cuirfidh an foirgneamh sin an t-infreastruchtúr fisiciúil ar fáil i mBaile Átha Cliath ina mbeidh an struchtúr nua atá beartaithe don Chúirt Teaghlaigh in ann feidhmiú ar bharr a éifeachta”.
D’fháiltigh an tSeirbhís Cúirteanna roimh an nuacht seo is déanaí maidir leis an maoiniú, i ndiaidh ardú 30% ar iarratais maidir le foréigean teaghlaigh in 2019. Tá tionscadal Lána an Chrochaire ina chuid lárnach de phleananna nua-aoisithe na Seirbhíse Cúirteanna, a bhfuil sé mar aidhm acu seirbhís níos fearr a chur ar fáil do gach úsáideoir.
Ina réamhrá leis an tuarascáil, dúirt sé, “i mbliain inar chonaic muid 445,000 ábhar coiriúil agus 233,000 ábhar sibhialta curtha faoi bhráid na gcúirteanna, is féidir liom a rá go muiníneach go bhfuil na cúirteanna agus an tSeirbhís Cúirteanna tar éis forbairt agus freagairt ar athruithe i líon agus cineál na gcásanna, chun freastal ar riachtanais na n-úsáideoirí cúirte”.
Mar fhreagairt ar mhíonna na paindéime, dúirt an Príomh-Bhreitheamh go bhfuil smaointeoireacht, pleanáil agus gníomhartha na Seirbhíse Cúirteanna tar éis cúig bliana d’fhorbairt a dhéanamh thar chúig mhí
Cásanna Cúirte agus Gnó na Cúirte
Is féidir le leibhéal agus cineál na gcásanna agus an ghnó a thagann faoi bhráid ár gcúirteanna gach bliain léargas a thabhairt ar an tsochaí agus ar fhreagairt na hearnála dlí agus cirt uirthi. Tharla neart athruithe in 2019;
CÁSANNA SIBHIALTA
- Uachtanna: Rinneadh 17,716 uacht a riar tríd an bpróiseas probháide – chomh maith leis an 3,542 eastát gan uacht (gan tiomna).
- A bhuíochas de Threoracha Cleachtais san Ard-Chúirt, fuarthas réidh le riaráiste na gcásanna tearmainn; tá liosta níos éifeachtúla ann i gcás achomhairc maidir le dócmhainneacht phearsanta, agus ní bhíonn moill ar bith ar éisteacht cásanna tráchtála.
- Tosaíodh ar éisteachtaí gan pháipéar ar bhonn píolótach i gcásanna tráchtála. Bíonn liosta Dócmhainneachta Pearsanta na hArd-Chúirte nach mór gan pháipéar. Éisteadh leis an gcéad chás as Gaeilge gan pháipéar in 2019.
- Díobháil Phearsanta: Cé go raibh laghdú beag ar líon na n-éileamh maidir le díobháil phearsanta, bhí ardú 75% ar luach na ndámhachtainí a bhain le faillí míochaine. Tá sé nach mór cinnte go léiríonn sé seo líon na gcásanna sa bhliain inar pléadh le mórghortú tubaisteach – cásanna ina ndéantar foráil do chúram fad saoil agus ina mbíonn suimeanna níos mó ag teastáil chun an cúram sin a sholáthar, mar gheall ar thorthaí níos ísle ar infheistíocht, agus bíonn dámhachtainí níos airde i gceist dá réir sin.
- Fiachas Pearsanta: laghdú 37% ar na horduithe sealbhaithe a rinneadh agus laghdú 28% ar chásanna nua sealbhaithe a cuireadh isteach. Is léiriú é seo ar gheilleagar atá ag téarnamh, ar líon níos lú d’fhiachas pearsanta agus ar rannpháirtíocht níos mó thar na blianta i meicníochtaí dócmhainneachta pearsanta. Tháinig laghdú 27% ar líon na mbreithiúnas a cláraíodh i dtaobh fiach, ó 2,673 in 2018 go 1,953 in 2019. Tháinig laghdú 40% ar líon na n-achainíocha ar fhéimheacht, ó 382 go 230.
- Seansaireacht: Bhí laghdú 15% ar ábhair Sheansaireachta a cuireadh isteach i réimsí na gconarthaí, díthiomnachtaí agus caingne iontaobhais.
- Coimircithe Cúirte: Rinneadh Coimircí Cúirte de 385 dhuine: 45 mar thoradh ar ghortú inchinne; 218 mar gheall ar néaltrú nó tinneas a bhain le haois; 53 mar thoradh ar mhíchumas foghlama nó intleachta; 21 toisc gur mhionaoisigh iad; agus 48 mar gheall ar thinneas síciatrach. Bhí ardú 35% ar líon na n-iarratas ar Chumhacht Mharthanach Aturnae – rud a theastaíonn i gcásanna nuair nach bhfuil daoine in ann cinntí a ghlacadh a thuilleadh i dtaca lena gcúram féin.
- Maidir le cásanna Fostaíochta (seachas éilimh a bhain le dífhostú), chonacthas dúbailt ar líon na gcásanna nua a cuireadh isteach anuraidh. Ardú go 113 ó 50.
- Éilimh Bheaga: Ardú 33% ar éilimh bheaga nua, ó 3,476 go 4,267.
- Tearmann: Bhí laghdú 30% ar líon na gcásanna nua tearmainn a cuireadh isteach (ó 530 go 368). Bhí ardú 94% ar líon na gcásanna a socraíodh nó a réitíodh sa chúirt ag an Ard-Chúirt. Is athrú iomlán é seo ar an mbliain roimhe, nuair ba mhó cás a réitíodh lasmuigh d’éisteachtaí cúirte.
- Habeus Corpus : Tháinig laghdú 25% ar líon na gcásanna Habeas Corpus – ina ndéanann daoine tástáil ar dhlíthiúlacht a gcoinneála - ó 97 go 73.
COIREACHT
- Coireacht agus Cionta sa Chúirt Dúiche: Cúirt Dúiche: 226,000 cionta tráchta bóthair; 33,000 cúrsaí drugaí; 3,600 cionta gnéis; 37,500 ábhair a bhain le goid/robáil/calaois; 46,000 ord poiblí /ionsaithe.
- Ar an iomlán, tháinig os cionn 406,000 cion nua faoi bhráid na Cúirte Dúiche anuraidh, a raibh baint ag 241,000 duine leo.
- Coireacht níos Tromchúisí: Cuireadh 18,500 cion níos tromchúisí chuig an gCúirt Chuarda, chuig an bPríomh-Chúirt Choiriúil agus chuig an gCúirt Choiriúil Speisialta.
- Pianbhreitheanna i gcás Éignithe: Tugadh 154 phianbhreith i gcásanna éignithe, ina raibh 36% (55) díobh idir 5-10 mbliana; 63% (97) díobh a bhí os cionn deich mbliana. Níor tugadh aon phianbhreith a bhí faoi bhun dhá bhliain agus ní raibh ach dhá cheann ann (1.3%) a bhí idir 2 agus 5 bliana.
Dlí Teaghlaigh
- Colscaradh: Fuarthas 4,073 iarratas nua ar cholscaradh: 1,806 a cuireadh isteach ag fir agus 2,267 a cuireadh isteach ag mná.
- Foréigean Teaghlaigh: Ardú iomlán de 10% ar iarratais maidir le Foréigean Teaghlaigh (20,500) – le hardú 30% ar iarratais ar orduithe urchoisc eatramhacha (1,643).
- Leas Leanaí: Bhí laghdú 22% ar líon na n-iarratas ar orduithe cosanta nó maoirseachta sa réimse cúraim leanaí. Ó 13,200 go 10,300.
- Tá na cúirteanna ag tabhairt chun críche nó ag réiteach / socrú 38% níos mó iarratas maidir le cúram leanaí ná mar a bhí in 2016 (ardú ó 6,950 go 9,600), arna éascú ag cúirteanna breise, éifeachtúlachtaí agus spás breise a cuireadh ar fáil.
Cúirteanna Achomhairc:
- Bhí ardú 10% ar líon na n-iarratas ar chead achomhairc a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí
- Bhí ardú 56% ar líon na n-iarratas ar phléigh an Chúirt leo, agus tugadh 131 bhreithiúnas forchoimeádta – méadú 30%
- Maidir le tréimhsí feithimh, is gá fanacht ceithre seachtaine anois le haghaidh cinneadh sa Chúirt Uachtarach faoi chead achomhairc, agus 55 seachtaine le haghaidh éisteacht iomlán.
- Bhí ardú 8%, go 499, ar líon na n-achomharc nua a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Achomhairc. An tréimhse feithimh le haghaidh achomharc ná 22 mhí – (ísliú ar an tréimhse cúig bliana a bhíodh i gceist sular cuireadh an chúirt ar bun). D’éist an Chúirt le 499 achomharc anuraidh. Dlíthí tuata a rinne 29% de na hachomhairc sin.
I bhFómhar 2019, ardaíodh líon na mbreithiúná sa Chúirt Achomhairc ó 10 go 16, agus tá tionchar dearfach le sonrú cheana féin ar na tréimhsí feithimh, toisc gurbh fhéidir leis an gCúirt líon na ranna a shuíonn ag an am céanna a ardú go buan.
Éifeachtúlachtaí & Athruithe sa tSeirbhís Cúirteanna in 2019
- Deich mBliana ag Athrú : Ag í ag freastal ar agus ag freagairt do chásanna agus d’athruithe i gcineál agus líon na gcásanna, léiríonn an tSeirbhís Cúirteanna gur féidir léi a bheith an-solúbtha agus réamhghníomhach. In 2019, thosaigh an tSeirbhís Cúirteanna ar thréimhse deich mbliana d’athrú straitéiseach, trínár bplean ‘Fís Straitéiseach 2030’. Tá fís fhadtéarmach choiteann ag an mBord agus ag an bhFeidhmeannas maidir le todhchaí na Seirbhíse Cúirteanna, fís a leagann amach Seirbhís Cúirteanna dhigiteach agus nua-aimseartha, le seirbhísí atá athdheartha le bheith dírithe ar an úsáideoir, ar mhaithe le rochtain ar cheartas a éascú agus a fheabhsú. Tá cás gnó forbartha againn chun maoiniú a mhealladh don chéad dá bhliain den phlean um nua-aoisiú.
- Inbhuanaitheacht: Don chéad uair riamh, tá oifig ar leith ag an tSeirbhís atá dírithe ar inbhuanaitheacht agus a chuideoidh linn spriocanna maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach, úsáid fuinnimh a bhainistiú agus riachtanais a shárú. Tá oifigeach lán-aimseartha fostaithe againn chun cuidiú linn leis an dtasc seo.
- Ó Bhrící go Córas Digiteach : De réir an phlean seo, bogfaimid, nuair is féidir, ó pháipéar go córas digiteach, ó fhoirgnimh go córas fíorúil, ó chur i láthair fisiciúil go córas ar líne. Ar ndóigh, déanfar na forbairtí seo a mheas i gcónaí ar an mbunús gur gá go gcuirfidís feabhas ar riar cothrom, tráthúil agus cost-éifeachtúil an cheartais, seachas cur isteach air. Beidh siad ag teacht le hathrú nós imeachta, ionas go mbeidh digitiú á dhéanamh ar chóras atá nua-aimseartha cheana féin. Déanfaimid próisis a shimpliú agus a chaighdeánú, chun na buntáistí a bhaineann le digitiú a uasmhéadú.
- eLicensing: Réimse amháin ina raibh torthaí le feiceáil láithreach agus seirbhísí á mbogadh ar líne againn ná réimse an Cheadúnaithe – áit a ndearnadh ár dtionscadal eLicensing a reáchtáil ar bhonn píolótach agus a leathadh amach i rith na bliana. Cé nach raibh sé ar fáil ach i réimsí áirithe faoi dheireadh na bliana, faoin am sin bhí os cionn 30% d’iarratais um cheadúnú á ndéanamh ar líne cheana féin.
- Saineolas agus Éifeachtúlachtaí de bharr Lárúcháin: Mar thoradh ar lárú na seirbhísí sin a bhaineann le seirbheáil cáipéisí cúirteanna coigríche agus eisiúint toghairmeacha giúiré – lasmuigh de Bhaile Átha Cliath –bhí éifeachtúlachtaí le sonrú, bhí baill foirne in oifigí áitiúla in ann cúraimí eile a ghlacadh orthu féin, agus is féidir saineolaithe a thabhairt le chéile chun déileáil le fiosruithe, le hábhair sainiúla etc. Cruthaíodh poist bhreise sa tseirbhís phoiblí timpeall na tíre agus i gCaisleán an Bharraigh tá tacaíocht ann do phoist réigiúnacha.
- Bealach Nua le Costais Dlí a Mheas: Rinneadh acmhainní a shannadh chun tacú le hoifig nua na mBreithneoirí Costas Dlíthiúil – lena n-áirítear ríomhchomhdú agus tuilleadh spáis le haghaidh oifigí agus éisteachtaí.
Seirbhís Cúirteanna de réir Uimhreacha:
- Rinneadh €2 bhilliún de chistí cúirte a bhainistiú ar son mionaoiseach agus coimircithe cúirte.
- D’eisigh an tSeirbhís Cúirteanna 120,000 toghairm ghiúire
- 3.2 milliún cuairt ar ár suíomh gréasáin courts.ie
- Trí thionscnaimh for-rochtana, thug 6,000 scoláire cuairt ar na Cúirteanna Coiriúla – ó 247 scoil.
- Tugadh tacaíocht do 1,500 duine agus rinneadh iad a thionlacan agus iad ag dul chun na cúirte i 629 dtriail / n-éisteacht i rith na bliana, ag grúpaí deonacha a mbímid ag obair leo.
- Sa chás go gcuirimid eolas ar fáil i dtithe cúirte maidir le hidirghabháil teaghlaigh, is féidir go mbíonn méadú 400% ar idirghabháil agus comhaontú.
- D’eisigh an Ard-Chúirt 947 mbreithiúnas scríofa.
- Tugadh breithiúnas ar chostais nó rinneadh iad a fhómhas i 1,292 chás.
- Éisteadh le 5,369 n-éisteacht maidir le dul chun cinn cáis i gcúrsaí Dlí Teaghlaigh ag leibhéal na Cúirte Cuarda.
- Buiséad de €140 milliún – 64% ón státchiste agus 34% cruinnithe trí tháillí.
- An glanchostas don stát a bhaineann le feidhmiú na gcúirteanna timpeall na tíre ná €93 mhilliún.
- Bhailigh an tSeirbhís Cúirteanna €10.4 milliún i bhfíneálacha anuraidh.
- Bhailigh an tSeirbhís Cúirteanna €44 mhilliún i dtáillí don státchiste in 2019.
- Rinne an tSeirbhís Cúirteanna €1.7 milliún d’íocaíochtaí bosca déirce a riar in 2019.