Inniu, Máirt 14 Eanáir, 2025, d’fhoilsigh an cúigear Uachtarán Cúirte 'Plean Straitéiseach Chúirteanna na hÉireann 2024-2027', straitéis fhadtéarmach ina leagtar amach dearcadh straitéiseach do gach dlínse cúirte sna trí bliana amach romhainn.
Tá creat uileghabhálach sa doiciméad do gach dlínse, mar aon le straitéisí aonair ina leagtar amach príomhchuspóirí agus gníomhaíochtaí tosaíochta a bhaineann go sonrach le gach dlínse. Ullmhaíodh an Plean Straitéiseach i gcomhréir le caibidil 4, moladh 19 den Tuarascáil ón Meitheal um Pleanáil Bhreithiúnach. Cliceáil anseo, le do thoil, chun teacht ar an bPlean Straitéiseach.
"Tá na breithiúna ag comhoibriú linn le roinnt blianta anuas ar ár gClár Nuachóirithe agus tá an Plean Straitéiseach 2024-2027 seo ag teacht go dlúth le Clár na Seirbhíse Cúirteanna atá againn." Angela Denning, POF na Seirbhíse Cúirteanna