Home Home
The Courts Service of Ireland
This is a site slogan
Teanga
  • English
  • Gaeilge
Teacht Orainn
  • Gníomhaíocht a Ghlacadh
    • Cuir coinní in áirithe ar líne
    • Ár Seirbhísí A-Z
    • Cuardaigh Ar Líne
    • Seirbhísí ar Líne
    • Ag Ullmhú don Chúirt Dlí Teaghlaigh
    • Seirbhís ghiúiré
    • Probháid
    • An Chúirt Cóireála Drugaí
    • Téarmaí agus Coinníollacha
  • Dlí Teaghlaigh
    • Baile an Dlí Teaghlaigh
    • Scaradh agus Colscaradh
    • Cothabháil
    • Socruithe do Pháistí
    • Foréigean teaghlaigh
    • Tuilleadh Cúrsaí Dlí Teaghlaigh
    • Ullmhú don Chúirt Dlí Teaghlaigh
    • Seirbhísí Tacaíochta
  • Cuairt & Foghlaim
    • Oideachas agus Scoileanna
    • Conas a Oibríonn na Cúirteanna?
    • Ár dTithe Cúirte
    • Ag Cuimhneamh ar an Am atá Caite
    • 360 Virtual Tours
    • Podcasts
  • Féilire & Cinntí
    • An Dialann Dhleathach
    • Breithiúnais
    • Téarmaí & Suíonna
    • Cinntí
    • Na Ceithre Cúirteanna – 100 bliain
  • Rialacha & Nósanna Imeachta
    • Rialacha Cúirte
    • Foirmeacha Cúirte
    • Treoracha Cleachtais
    • Nos Imeachta sa Chúirt Uachtarach
    • Nós Imeachta sa Chúirt Achomhairc
    • Nós Imeachta san Ard Chúirt
    • Nós Imeachta sa Chúirt Chuarda
    • Nós imeachta sa Chúirt Dúiche
    • Táillí Cúirte
    • Cúirteanna Cianda
    • Cúnamh Dlí
    • Clár na nIdirghabhálaithe Cláraithe
  • An tSeirbhís Chúirteanna
    • Eolas Fúinn
    • Seirbhís do Chustaiméirí
    • Tuarascáil Bhliantúil
    • Gairmeacha
    • Nuacht
    • Meáin
    • Foilseacháin
    • Open Data Portal
Teacht Orainn
Teanga
  • English
  • Gaeilge

Fógra Toghcháin Dála - Dáilcheantar Cheatharlach Chill Chainnigh

Léigh eolas maidir le Cinnteoireacht Chuidithe
Léigh eolas maidir le Cinnteoireacht Chuidithe

Courts Service Menu

  • Eolas fúinn
    • Bord na Seirbhíse Cúirteanna
    • Struchtúr Eagraíochtaí agus Rialachas
    • Seirbhís do Chustaiméirí
  • Tuarascáil Bhliantúil
  • Gairmeacha
  • Nuacht
  • Meáin
  • Foilseacháin
  • Open Data Portal
Back
Back
Fógra Toghcháin Dála - Dáilcheantar Cheatharlach Chill Chainnigh
Wednesday 13th November 2024
General News
191 Days ago

De bhun eascaire a d'eisigh Cléireach Dháil Éireann dom táim ar tí dul i mbun toghadh 5 Teachta Dála don dáilcheantar seo.

Féadfar páipéir ainmniúcháin a fháil ón seoladh thíos le linn na ngnáthuaireanta oifige nó féadfar iad a íoslódáil ón suíomh gréasáin mar a shonraítear thíos.

Féadfaidh duine iad féin a ainmniú mar iarrthóir nó féadfaidh moltóir atá cláraithe mar thoghthóir Dála sa dáilcheantar iad a ainmniú, lena gcead.

Ní mór deimhniú cleamhnachta polaitíochta a bheith ag gabháil le páipéar ainmniúcháin iarrthóra de chuid pháirtí polaitíochta cláraithe, agus caithfear an deimhniú sin a thabhairt ar aird dom in éineacht leis an bpáipéar ainmniúcháin chomhlánaithe.

Mura bhfuil aon deimhniú ag gabháil leis, ní mór don iarrthóir ceachtar den dá ní seo a leanas a chomhlíonadh, roimh an tráth is déanaí chun ainmniúcháin a fháil -

  • 30 aontú le haghaidh ainmniúcháin a fháil trí dhearbhuithe reachtúla ó thoghthóirí Dála atá cláraithe sa dáilcheantar (foirmeacha ar fáil ó m'oifig nó ón suíomh gréasáin nó ón údarás clárúcháin), nó
  • éarlais de €500 a íoc (is féidir éarlais a íoc ar son an iarrthóra chomh maith).

Leagtar sonraí faoi na ceanglais seo amach san Acht Toghcháin (Leasú) 2007.

Is é an tráth is déanaí chun ainmniúcháin a fháil ná 12 meán lae an 16 Samhain 2024.

Féadfaidh an t-iarrthóir nó a m(h)oltóir páipéir ainmniúcháin chomhlánaithe a sheachadadh dom go pearsanta am ar bith agus mé i m'oifig, óna 10am ar an 14 Samhain 2024 go dtí 12 meán lae ar an lá deiridh le haghaidh ainmniúcháin a fháil. Déan teagmháil le m'oifig ag 087 6544737 chun am coinne a shocrú.

Éilítear orm de réir an dlí a bheith i láthair chun ainmniúcháin a fháil idir 10am agus 12 meán lae agus idir 2pm agus 5pm ar an 15 Samhain 2024, agus idir 10am agus 12 meán lae ar an 16 Samhain 2024. Chun na críche sin, beidh mé i láthair ag m'oifig in Loch Garman ag an seoladh seo a leanas amháin: Teach na Cúirte, Bóthar Belvedere, Páirceanna an Bhaile, Loch Garman Y35 Y867.

Tabhair faoi deara le do thoil, go mbeidh mé i láthair ag m'oifig i Loch Garman ag an seoladh a shonraítear thuas go dtí 12 meán lae ar an 18 Samhain 2024 freisin, chun críche seachadta fógra aistarraingthe ainmniúcháin ag aon iarrthóir nó a m(h)oltóir.

Má théitear in iomaíocht sa toghchán, beidh vótáil ann ar an 29 Samhain 2024 idir 7 am agus 10 pm.

 

DEIRDRE BURKE
Ceann Comhairimh
Teach na Cúirte, Sráid na Parlaiminte,
Cill Chainnigh, R95 TYF2
Teil: 087 6544737
Ríomhphost: kilkenny@carlowkilkennyro.ie
Suíomh Gréasáin: www.carlowkilkennyro.ie
11 Samhain 2024


FooterMenu

  • Aiseolas
  • Cosaint sonraí
  • Rochtain
  • Iarratas ar Chárta Ceada Cúirte

FooterMenu2

  • Saoráil Faisnéise
  • Athúsáid Eolais
  • An tAcht um Brústocaireacht
  • Déan Teagmháil Linn

FooterMenu3

  • Mapa an tSúimh
  • Príobháideachas & Fianáin
Lean orainn facebook twitter linkedin youtube
ejustice jam