** Nuashonrú: **
12.09:
Tá sé deimhnithe ag an nGarda Síochána go bhfuil foláireamh slándála Dhún Dealgan ar maidin thart anois.
Tá cead ag baill foirne filleadh ar an Teach Cúirte atá oscailte don phobal anois.
Tá tús curtha arís le suíonna na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche araon.
Scaoileadh an giúiré agus iarrtar orthu freastal ar Theach Cúirte Dhún Dealgan ag 10.00r.n maidin amárach, Céadaoin, 15 Eanáir 2025.
** Nuashonrú: **
Aslonnaíodh Teach Cúirte Dhún Dealgan agus na foirgnimh máguaird agus atreoraíodh trácht mar gheall ar fholáireamh slándála ar maidin.
Tá na Gardaí i gceannas ar an gcás.
Ar ordú ón mBreitheamh Hayes, scaoileadh an giúiré don lá inniu agus iarrtar orthu filleadh ar 10.00 maidin amárach.
Beidh nuashonruithe breise ar courts.ie agus ar ár gcainéil meán sóisialta.