Home Home
The Courts Service of Ireland
This is a site slogan
Teanga
  • English
  • Gaeilge
Teacht Orainn
  • Gníomhaíocht a Ghlacadh
    • Cuir coinní in áirithe ar líne
    • Ár Seirbhísí A-Z
    • Cuardaigh Ar Líne
    • Seirbhísí ar Líne
    • Ag Ullmhú don Chúirt Dlí Teaghlaigh
    • Seirbhís ghiúiré
    • Probháid
    • An Chúirt Cóireála Drugaí
    • Téarmaí agus Coinníollacha
  • Dlí Teaghlaigh
    • Baile an Dlí Teaghlaigh
    • Scaradh agus Colscaradh
    • Cothabháil
    • Socruithe do Pháistí
    • Foréigean teaghlaigh
    • Tuilleadh Cúrsaí Dlí Teaghlaigh
    • Ullmhú don Chúirt Dlí Teaghlaigh
    • Seirbhísí Tacaíochta
  • Cuairt & Foghlaim
    • Oideachas agus Scoileanna
    • Conas a Oibríonn na Cúirteanna?
    • Ár dTithe Cúirte
    • Ag Cuimhneamh ar an Am atá Caite
    • 360 Virtual Tours
    • Podcasts
  • Féilire & Cinntí
    • An Dialann Dhleathach
    • Breithiúnais
    • Téarmaí & Suíonna
    • Cinntí
    • Na Ceithre Cúirteanna – 100 bliain
  • Rialacha & Nósanna Imeachta
    • Rialacha Cúirte
    • Foirmeacha Cúirte
    • Treoracha Cleachtais
    • Nos Imeachta sa Chúirt Uachtarach
    • Nós Imeachta sa Chúirt Achomhairc
    • Nós Imeachta san Ard Chúirt
    • Nós Imeachta sa Chúirt Chuarda
    • Nós imeachta sa Chúirt Dúiche
    • Táillí Cúirte
    • Cúirteanna Cianda
    • Cúnamh Dlí
    • Clár na nIdirghabhálaithe Cláraithe
  • An tSeirbhís Chúirteanna
    • Eolas Fúinn
    • Seirbhís do Chustaiméirí
    • Tuarascáil Bhliantúil
    • Gairmeacha
    • Nuacht
    • Meáin
    • Foilseacháin
    • Open Data Portal
Teacht Orainn
Teanga
  • English
  • Gaeilge

An Ard-Chúirt - Fógra ón Uachtarán - Liostaí Foriarratais faoin Dlí Coiteann

Léigh eolas maidir le Cinnteoireacht Chuidithe
Léigh eolas maidir le Cinnteoireacht Chuidithe

Courts Service Menu

  • Eolas fúinn
    • Bord na Seirbhíse Cúirteanna
    • Struchtúr Eagraíochtaí agus Rialachas
    • Seirbhís do Chustaiméirí
  • Tuarascáil Bhliantúil
  • Gairmeacha
  • Nuacht
  • Meáin
  • Foilseacháin
  • Open Data Portal
Back
Back
An Ard-Chúirt - Fógra ón Uachtarán - Liostaí Foriarratais faoin Dlí Coiteann
Monday 16th December 2024
Presidents' Announcements
144 Days ago

Beidh feidhm ag na socruithe seo a leanas maidir leis na Liostaí Foriarratais faoin Dlí Coiteann san Ard-Chúirt le héifeacht ón 13 Eanáir 2025. 

 

Taisceadh Páipéir d’Fhoriarratais

  1. Ní mór páipéir foriarratais le haghaidh na bhforiarratas go léir atá le héisteacht sna Liostaí Foriarratais faoin Dlí Coiteann a thaisceadh sula n-éistfear an liosta ábhartha.
     
  2. Ní mór leabhrán páipéar foriarratais, a bhfuil leathanaigh agus innéacsú déanta air, maidir le gach foriarratas sna Liostaí Foriarratais faoin Dlí Coiteann, a thaisceadh sa Seomra Liosta (atá in aice leis an bPríomh-Oifig) tráth nach déanaí ná 4:30 i.n. ar an Déardaoin roimh an Luan ar a liostaítear an foriarratas. Ní mór ‘Liostaí Foriarratais faoin Dlí Coiteann’ a mharcáil ar an leabhrán. Mura dtaiscfear an leabhrán faoin spriocdháta, cuirfear an foriarratas ar atráth nó scriosfar amach é, de rogha an bhreithimh.
     
  3. Is iad na huaireanta oscailte don Seomra Liosta ná 10r.n go 4.30i.n Luan go hAoine agus ní gá aon choinne a dhéanamh chun na páipéir foriarratais a thaisceadh sa Seomra Liosta.
     
  4. Sa chás gur déileáladh le foriarratas trí ordú a dhéanamh nó sa chás gur cuireadh ar atráth í, ní mór na páipéir a bhailiú ón Seomra Liosta faoi 12i.n ar Aoine na seachtaine sin agus socruithe maidir le bailiú a sheoladh roimh ré trí ríomhphost chuig listroomhighcourt@courts.ie

 

Éisteacht Foriarratas

  1. Le héifeacht ó 13 Eanáir, 2025, is féidir, faoi réir éilimh an liosta an lá sin, foriarratais suas le uair an chloig ar fad a éisteacht sna Liostaí Foriarratais faoin Dlí Coiteann ar Luan. Más gá, is féidir foriarratais den sórt sin a chur ar ais go dtí deireadh an liosta nó éisteacht a fháil ag 2i.n ar an Luan.
     
  2. Ní mór do chleachtóirí agus do dhlíthithe atá ar an láthair meastachán dílis réalaíoch a sholáthar ar fhad éisteacht an fhoriarratais chun a chur ar chumas an bhreithimh atá ag déileáil leis an liosta a mheas i gceart an féidir déileáil leis an bhforiarratas ar an Luan nó ar cheart í a aistriú chuig an Liosta Neamhghiúiré chun dáta éisteachta a fháil ar an liosta sin. Scrúdóidh na breithiúna a éisteann na Liostaí Foriarratais faoin Dlí Coiteann go grinn na meastacháin ama a thugann cleachtóirí agus dlíthithe atá ar an láthair chun a dheimhniú dóibh féin an féidir déileáil leis an bhforiarratas ar an Luan. Is é cuspóir an athraithe seo brú suntasach a mhaolú sa Liosta Neamhghiúiré ar aistríodh go leor foriarratas chuige ó Liostaí Foriarratais faoin Dlí Coiteann le blianta beaga anuas.  Tar éis tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar an Liosta Neamhghiúiré, tháinig sé chun solais go bhféadfaí déileáil le go leor de na foriarratais sin sna Liostaí Foriarratais faoin Dlí Coiteann ar an Luan.

 

An Breitheamh David Barniville
Uachtarán na hArd-Chúirte
16 Nollaig 2024


FooterMenu

  • Aiseolas
  • Cosaint sonraí
  • Rochtain
  • Iarratas ar Chárta Ceada Cúirte

FooterMenu2

  • Saoráil Faisnéise
  • Athúsáid Eolais
  • An tAcht um Brústocaireacht
  • Déan Teagmháil Linn

FooterMenu3

  • Mapa an tSúimh
  • Príobháideachas & Fianáin
Lean orainn facebook twitter linkedin youtube
ejustice jam