Back
Back

Foirmeacha cúirte - earráid agus foirmeacha cúirte á n-íoslódáil

06th June 2019

Is oth linn go bhfuil saincheist againn leis na ceangaltáin pdf agus MSWord leis na foirmeacha i gcuid na Rialacha Cúirte den láithreán faoi láthair.

Sa chás nach bhfuil ach ceangaltán ar leathanach na foirme cúirte (mar atá i gcás na bhfoirmeacha Cúirte Dúiche as Gaeilge) táimid ag obair chun téacs a chur in áit gach iatáin. Idir an dá linn, má tá foirm ar leith a theastaíonn uait déan teagmháil leis an stiúrthóir gréasáin ag sitecomments@courts.ie.

Sa chás go bhfuil téacs na foirme ar an leathanach gréasáin, is féidir é seo a chóipeáil agus a ghreamú le doiciméad bán agus is féidir é a líonadh isteach go leictreonach.