Oifig Cúirte Chorcaí, Sibhialta agus Teaghlaigh

Is féidir coinne a sceidealú ar líne chun cuairt a thabhairt ar an oifig seo le haghaidh:

  • Stampáil (Sibhialta)
  • Caomhnóireacht Leanaí
  • Cothabháil Céilí agus Leanaí
  • Riaráistí maidir le hIarratais Cothabhála
  • Nithe a bhaineann le hIarratais ar Phasanna
  • Fiosrúcháin maidir le hIdirscaradh Breithiúnach/Imeachtaí Colscartha a eisiúint
  • Tairiscintí Dlí Teaghlaigh

 

Maidir le nithe práinneacha, nuair nach féidir áirithint a dhéanamh ar líne, seol ríomhphost chuig corkwashingtonstreet@courts.ie chun coinne a dhéanamh.

 

Is féidir leat coinne a dhéanamh freisin chun cuairt a thabhairt ar ár nOifig in Eochaill atá ar oscailt gach dara agus ceathrú Céadaoin de gach mí ó 10.00am – 13.00pm agus atá lonnaithe in Ionad Ealaíon an Mheall, Eochaill, P36 FR96.

 

Ní gá coinne a dhéanamh chun iarratas a dhéanamh faoin reachtaíocht maidir le Foréigean Baile - is seirbhís siúil isteach é seo.

 

MÁ TÁ IARRATAS AR FHORÉIGEAN BAILE Á DHÉANAMH AGAT MOLTAR DUIT FREASTAL AR AN BHFOIRGNEAMH AR MAIDIN TOISC NACH MBÍONN BREITHEAMH DEN CHÚIRT DÚICHE AGAINN I GCÓNAÍ A BHAINEANN LEAS AS NA HIARRATAIS SEO SAN IARNÓIN.

 

Tabhair do d’aire, le do thoil, mar gheall ar a phráinní agus atá nithe áirithe nach mór tús áite a thabhairt dóibh, d’fhéadfadh sé go mbeadh moill bheag ar am tosaithe do choinne.

Book Appointment