Sa rannán seo pléitear le saincheisteanna dlí a bhaineann le gnóthaí dlí teaghlaigh. Scrolláil sios i gcomhair eolais ar fhoréigean/drochíde baile, colscaradh, idirscaradh, cothabháil, eadráin, caomhnóireacht, cúram, rochtain agus tuilleadh. Tá 2 fhíseán ar fáil fosta: 'Finding Your Way' ina dtugtar eolas bunúsach do thuismitheoirí faoi na cúirteanna dlí teaghlaigh agus faoi eadráin - agus 'You Are Not Alone', intreoir do dhaoine óga faoi na cúirteanna dlí teaghlaigh agus faoi eadráin teaghlaigh agus seirbhísí tacaíochta do thuismitheoirí atá chun scaradh.

Drochíde sa Teaghlach

Drochíde sa Teaghlach

Is é is drochíde sa teaghlach ann aon chineál foréigin fhisiciúil, ghnéasaigh agus síceolaíochta lena mbagraítear sábháilteacht nó folláine baill teaghlaigh.

Cliceáil ar an nasc le haghaidh tuilleadh eolais.

Caomhnóireacht, Cúram agus Rochtain

Caomhnóireacht, Cúram agus Rochtain

Ciallaíonn caomhnóireacht cearta agus dualgais tuismitheoirí maidir le tógáil a gcuid leanaí.

Le cúram, tagraítear d'aire laethúil, cearta cónaithe agus tógáil leanaí a nglactar leo mar leanaí cleithiúnacha.

Le rochtain, tagraítear do chearta linbh teagmháil dhíreach a chothabháil le tuismitheoir nach gcónaíonn an leanbh leis/léi.

Cliceáil ar an nasc le haghaidh tuilleadh eolais.

Cothabháil

Cothabháil

Is tacaíocht airgid í cothabháil a íocann duine ar mhaithe le leas céile/páirtnéir sibhialta cleithiúnach agus/nó leanaí cleithiúnacha.

Cliceáil ar an nasc le haghaidh tuilleadh eolais.

Ceisteanna faoi Phasanna

Ceisteanna faoi Phasanna

Nuair a dhiúltaíonn nó nuair nach bhfuil duine amháin de na tuismitheoirí/caomhnóirí in ann iarratas ar phas a shíniú thar ceann linbh, is féidir iarratas a chur faoi bhráid na cúirte.

Cliceáil ar an nasc le haghaidh tuilleadh eolais.

Dul chun Cinn Cáis

Dul chun Cinn Cáis

Dul chun cinn cáis an téarma ar bhainistiú cáis sula dtosaíonn an triail.

Cliceáil ar an nasc le haghaidh tuilleadh eolais.

nasc chuig Dul chun Cinn Cáis

Colscaradh

Colscaradh

Le foraithne cholscartha, scaoiltear pósadh agus ceadaítear do gach páirtí athphósadh.

Cliceáil ar an nasc le haghaidh tuilleadh eolais.

Idirscaradh Breithiúnach

Idirscaradh Breithiúnach

Nuair nach féidir le lánúin na téarmaí trína mairfidh siad ar leithligh a chomhaontú, féadann ceachtar de na páirtithe iarratas ar fhoraithne idirscaradh breithiúnach a chur faoi bhráid na cúirte.

Cliceáil ar an nasc le haghaidh tuilleadh eolais.

Díolúine Pósta

Díolúine Pósta

Is féidir iarratas a chur faoi bhráid na cúirte an tréimhse fógra atá de dhíth maidir le pósadh a laghdú.

Cliceáil ar an nasc le haghaidh tuilleadh eolais.

Eadráin

Eadráin

Cuidíonn eadráin le lánúineacha, a bhfuil sé socraithe acu colscaradh, aon aighneas a bheadh eatarthu faoi bhuncheisteanna cúram agus rochtain leanaí a réiteach.

Cliceáil ar an nasc le haghaidh tuilleadh eolais.

Neamhniú

Neamhniú

Sa dlí teaghlaigh, baineann neamhniú le pósadh agus páirtnéireacht shibhialta a chur ar neamhní

Cliceáil ar an nasc le haghaidh tuilleadh eolais.

Atharthacht agus Dearbhú Tuismithíochta

Atharthacht agus Dearbhú Tuismithíochta

Sa dlí, baineann atharthacht leis an gcaidreamh dleathach idir athair agus a leanaí bitheolaíocha nó uchtaithe.

Cliceáil ar an nasc le haghaidh tuilleadh eolais.

Do Phríobháideacht

Do Phríobháideacht

Éistear cásanna dlí teaghlaigh go príobháideach (in camera) chun príobháideacht an teaghlaigh a chosaint. Ní bheidh i seomra na cúirte ach oifigigh na cúirte, páirtithe an cháis agus a n-ionadaithe dlí, finnéithe agus cibé daoine eile a cheadaíonn an breitheamh agus an cás á éisteacht.

Finding Your Way

Finding Your Way

Tugtar eolas bunúsach in 'Finding Your Way' do thuismitheoirí faoi chúirteanna Dúiche dlí teaghlaigh agus eadráin teaghlaigh. Tugtar seirbhísí comhairle agus tacaíochta a chuideodh leo teacht ar chomhaontú ar cheisteanna tábhachtacha a théann i bhfeidhm orthu féin agus ar a leanaí i ndiaidh idirscaradh. D'fhéadfadh sé fosta gur acmhainn úsáideach é an scannán do ghairmithe, mar shampla, aturnaetha, eadránaithe teaghlaigh agus comhairleoirí a oibríonn le tuismitheoirí atá scartha.

You Are Not Alone

You Are Not Alone

Is intreoir é 'You Are Not Alone' do dhaoine óga (13 go 15 bliana) ar chúirteanna Dúiche dlí teaghlaigh agus seirbhísí eadrána agus tacaíochta teaghlaigh do thuismitheoirí atá ag scaradh. Spreagann an scannán daoine óga chun labhairt ar conas a mhothaíonn siad agus chun tacaíocht a fháil más gá. D'fhéadfadh sé fosta tacú le tuismitheoirí labhairt lena leanaí faoi bhearta a bheadh le déanamh acu i ndiaidh an scartha agus a bheith mar acmhainn úsáideach do ghairmithe a oibríonn le daoine óga ina leithéid de chúinsí.