Practice Directions

Practice Directions set out the procedures to be followed when bringing proceedings before the courts. There are separate practice directions for each jurisdiction.

BACK

Circuit Court

Liosta chun dátaí a shocrú

CC04

Caithfidh litir lena ndeimhnítear an méid seo a leanas a bheith le gach iarratas ar chúrsaí a bheidh le cur i liosta chun dátaí a shocrú, más infheidhme:

  • Go bhfuil luachálacha faighte agus malartaithe nó, mar mhalairt air sin, go bhfuil ceantálaí neamhspleách ainmnithe ag na páirtithe agus go bhfuil tuarascáil faighte.
  • Go bhfuil mionnscríbhinní acmhainne atá go hiomlán dearbhaithe agus cothrom le dáta malartaithe. Maidir leis sin, meabhraítear do chleachtóirí gur chóir go leagfaí amach sa sceideal a ghabhann leis an mionnscríbhinn acmhainne sonraí faoi gach ioncam, sócmhainní, fiacha agus dliteanais eile. De bhrí gur dliteanas iad costais dlí, tá sonraí faoi na costais dlí sin a tabhaíodh cheana féin agus meastachán réasúnach ar chostais is dóigh a thabhófar amach anseo le leagan amach i litir arna síniú ag an iarratasóir/freagróir agus arna cur ar fáil don bhreitheamh ag tús na héisteachta.
  • Tá fógra(í) d'iontaobhaithe seirbheáilte agus tá ráitis sochar faighte agus curtha ar fáil.
  • Tá gach tuarascáil de chuid cuntasóirí agus gach tuarascáil riachtanach eile de chuid saineolaithe faighte.
  • Comhlíonadh go hiomlán leis an bhfollasú.

I ngach cás ba chóir go dtabharfadh an teastas meastachán réadúil ar fad na héisteachta.

I gcás nach bhfuil páirtí in ann deimhniú san fhoirm riachtanach mar gheall ar mhainneachtain ar bith ag an bpáirtí eile, féadfar foriarratas ar threoracha a eisiúint ar fhógra don pháirtí mainneachtana.

Ba chóir do chleachtóirí a thabhairt faoi deara freisin go ndéanfar foriarratais i gcomhair treoruithe a liostú leis an liosta chun dátaí a shocrú chun cur ar chumas na cúirte cabhrú le bainistíocht cásanna agus chun dul i ngleic le haon saincheisteanna a eascraíonn as feidhmiú an treoraithe.

I gcás ina socrófar cás tar éis dáta a bheith socraithe le haghaidh éisteachta ba chóir an chúirt a chur ar an eolas ag an gcéad liosta eile chun dátaí a shocrú gur féidir an dáta atá socraithe a dhíchur. Chun bainistíocht liosta a éascú, ba chóir duillín ex parte a chur ar fáil don chúirt lena leagfar amach ainmneacha na bpáirtithe, uimhir an taifid agus an dáta atá le díchur.

I gcás imeachtaí neamhnithe, meabhraítear do chleachtóirí nach mór don chúirt an cigire leighis a cheapadh.

Arna dhátú an 15ú lá seo d'Eanáir 2004.

Uachtarán na Cúirte Cuarda

Circuit Court