Tarlaíonn cásanna dócmhainneachta pearsanta sa Chúirt Chuarda agus san Ard-Chúirt.
Is féidir leis an gCúirt Chuarda cásanna a éisteacht ina bhfuil na fiacha níos lú ná €2.5 milliún.
Éisteann an Ard-Chúirt cásanna ina bhfuil na fiacha níos mó ná €2.5 milliún.
Baineann formhór na gcásanna dócmhainneachta pearsanta le méideanna fiachais níos lú ná €2.5 milliún agus éistear iad sa Chúirt Chuarda.
An áit a bhfuil d'iarratas á dhéanamh
Tá oifig chúirte amháin ann in aghaidh an chuaird a dhéileálann le cúrsaí dócmhainneachta pearsanta don chuaird sin . Féadfaidh cuaird roinnt contaetha a chlúdach.
- Má tá cónaí ort i gCorcaigh, déanfar d'iarratas in oifig Chorcaí
- Má tá cónaí ort i mBaile Átha Cliath, déanfar d'iarratas in oifig Bhaile Átha Cliath
- Má tá cónaí ort i gCabhán, i nDún na nGall, i Liatroim nó i Muineachán, déanfar d'iarratas in oifig Mhuineacháin
- Má tá cónaí ort i Laois, in Uíbh Fhailí, san Iarmhí, i Ros Comáin, sa Longfort nó i Sligeach, déanfar d'iarratas in oifig Thulach Mhór
- Má tá cónaí ort i gCill Dara, sa Mhí, i Lú nó i gCill Mhantáin, déanfar d'iarratas in oifig Bhaile Átha Troim
- Má tá cónaí ort i nGaillimh nó i Maigh Eo, déanfar d'iarratas in oifig Chaisleán an Bharraigh
- Má tá cónaí ort i sa Chlár, i gCiarraí nó i Luimneach, déanfar d'iarratas in oifig na hInse
- Má tá cónaí ort i gCeatharlach, i gCill Chainnigh, i dTiobraid Árann, i bPort Láirge nó i Loch Garman, déanfar d'iarratas in oifig Chill Chainnigh
Is féidir liosta de shonraí teagmhála d'oifigí na Cúirte Cuarda agus do Phríomh-Oifig na hArd-Chúirte a fháil ar ár leathanach teacht orainn .