Ordú 23

Freagra agus pléadálacha ina dhiaidh sin

1. Ní gá aon freagra in aon chás nach mbeidh na ráitis ábhartha fhíorais uile sa phléadáil iomchuí ach le séanadh agus le cur faoi shaincheist.

2. Seachadfaidh gearánaí a fhreagra, i gcás inar gá sin, laistigh de cheithre lá dhéag ó dháta seachadta na cosanta nó an chinn dheireanaigh de na cosaintí, mura ndéanfaidh an Chúirt an tréimhse ama a fhadú.

3. Ní phléadálfar aon phléadáil i ndiaidh freagra, seachas uamadh saincheiste, gan cead ón gCúirt, ná sa chás sin féin ach ar cibé téarmaí is cuí leis an gCúirt.

4. Faoi réir riail 3, seachadfar gach pléadáil i ndiaidh freagra laistigh de cheithre lá ó dháta seachadta na pléadála roimhe sin, mura ndéanfaidh an Chúirt an tréimhse ama a fhadú.

5. I gcás ina bpléadálfar frithéileamh, beidh freagra air faoi réir na rialacha is infheidhme maidir le cosaint.

6. A luaithe a bheidh uamadh saincheiste déanta ag aon pháirtí ar an bpléadáil a bheidh déanta roimhe sin ag an bpáirtí freasúrach, go simplí, gan aon phléadáil bhreise nó eile a chur léi, nó a luaithe a bheidh mainneachtain déanta ag aon pháirtí mar a luaitear in Ordú 27, riail 11, measfar na pléadálacha amhail idir na páirtithe sin a bheith dúnta.