Ordú 12

Láithreas

1. Déanfar laithris a thaifeadadh sa Phríomh-Oifig, na Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath, ach amháin i gcás ábhar maidir le gealtacht agus mionaoisigh, nuair is in Oifig na gCoimircithe Cúirte, na Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath, a dhéanfar an láithreas a thaifeadadh, nó ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt sna Rialacha seo.

2. (i) Déanfar láithreas de réir aon toghairme iomlánaí nó toghairme achoimre a thaifeadadh laistigh d’ocht lá tar éis an toghairm a sheirbheáil, gan lá na seirbheála a áireamh, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

(ii) Féadfaidh cosantóir in imeachtaí arna dtionscnamh le toghairm speisialta láithreas a thaifeadadh dá réir tráth ar bith, ach ní bheidh sé i dteideal, gan cead ón gCúirt, éisteacht a fháil sna himeachtaí sin mura mbeidh láithreas taifeadta aige.

3. Déanfaidh cosantóir a láithreas a thaifeadadh de réir toghairme tionscnaimh trí mheabhrán i scríbhinn, arna dhátú lá a sheachadta agus ina mbeidh ainm aturnae an chosantóra, nó ina luafar cosaint a bheith á déanamh ag an gcosantóir i bpearsa, a sheachadadh ar an oifigeach cuí. San am céanna seachadfaidh sé dúblach den mheabhrán ar an oifigeach agus déanfaidh an t-oifigeach an dúblach a mharcáil le stampa oifigiúil, lena dtaispeánfar dáta taifeadta an láithris, agus ansin tabharfaidh sé ar ais é don duine a mbeidh an láithreas á thaifeadadh aige, agus beidh an meabhrán dúblach arna mharcáil amhlaidh ina dheimhniú ar thaifeadadh an láithris ar an lá a bheidh curtha in iúl leis an stampa oifigiúil.

4. I gcás cosantóra ar mian leis láithreas a thaifeadadh i bpearsa, féadfaidh sé, in ionad an meabhrán láithris agus a dhúblach a sheachadadh ar an oifigeach cuí, an láithreas a thaifeadadh tríd an bpost, trí na nithe seo a leanas a chur le litir chláraithe réamhíoctha chuig an oifigeach cuí:—

(a) meabhrán láithris agus dhá dhúblach de, agus iad araon arna gcomhlánú go cuí;
(b) ordú poist ar an táille fhorordaithe is iníoctha ar láithreas a thaifeadadh;

(c) dhá chlúdach agus gach ceann acu leorstampáilte, ceann amháin dírithe chun aturnae an ghearánaí (nó chun an ghearánaí má tá sé ag agairt i bpearsa) ag an seoladh le haghaidh seirbheála, agus an ceann eile dírithe chun an chosantóra a mbeidh an láithreas á thaifeadadh aige.

Ar na nithe sin roimhe seo a fháil déanfaidh an t-oifigeach cuí an láithreas a thaifeadadh láithreach amhail an dáta a mbeidh an meabhrán faighte aige, agus marcálfaidh sé na dúblaigh leis an stampa oifigiúil, lena dtaispeánfar an dáta a mbeidh an láithreas taifeadta, agus cuirfidh sé dúblach amháin leis an bpost chuig an ngearánaí nó chuig a aturnae, agus an dúblach eile leis an bpost chuig an gcosantóir.


5. (i) Déanfaidh cosantóir, an lá ar a dtaifeadfaidh sé láithreas de réir toghairme tionscnaimh, fógra faoina láithreas a thabhairt d’aturnae an ghearánaí, nó, má tá an gearánaí ag agairt i bpearsa, don ghearánaí féin, tríd an meabhrán dúblach marcáilte a sheirbheáil. Féadfar é sin a sheirbheáil sa ghnáthshlí ag an seoladh le haghaidh seirbheála, nó trí litir réamhíoctha arna díriú chuig an seoladh sin, agus a chuirfear leis an bpost lá taifeadta an láithris i gcúrsa cuí an phoist. I gcás toghairme iomlánaí, beidh fógra sa mheabhrán ina luafar ráiteas éilimh a bheith nó gan a bheith ag teastáil ón gcosantóir.

(ii) Ní bheidh feidhm ag an riail seo maidir le cosantóir a mbeidh láithreas á thaifeadadh aige tríd an bpost faoi riail 4, ach amháin a mhéid a fhoráiltear sa riail sin.

6. Déanfaidh aturnae cosantóra a áit chláraithe ghnó a lua sa mheabhrán láithris.

7. Cosantóir a bheidh ag láithriú i bpearsa, luafaidh sé sa mheabhrán láithris seoladh le haghaidh seirbheála laistigh den dlínse ag a bhféadfar toghairmeacha, fógraí, pléadálacha, achainíocha, orduithe, barántais agus doiciméid eile a fhágáil ina chomhair.

8. Mura mbeidh an seoladh sin a fhorordaítear leis an Ordú seo sa mheabhrán ní ghlacfar é; agus más seoladh meabhlach nó cumtha a bheidh sa seoladh sin, féadfaidh an Chúirt nó an Máistir an láithreas a chur ar ceal ar an ngearánaí dá iarraidh sin.

9. Is i bhFoirm Uimh. 1 i bhFoscríbhinn A, Cuid II, a bheidh an meabhrán láithris.

10. Ar mheabhrán láithris arna thaifeadadh ag aon pháirtí nó duine de bhun fhorálacha an Ordaithe seo a fháil, déanfaidh an t-oifigeach cuí an láithreas a thaifeadadh láithreach i Leabhar cuí na gCúiseanna.

11. Má láithríonn beirt chosantóir nó níos mó sa chaingean chéanna tríd an aturnae céanna san am céanna, cuirfear ainmneacha na gcosantóirí go léir a bheidh ag láithriú amhlaidh isteach i meabhrán amháin.

12. Aturnae nach mbeidh láithreas á thaifeadadh aige de bhun gealltanais i scríbhinn uaidh déanamh amhlaidh dlífear é a astú.

13. Ach amháin i gcaingne chun talamh a aisghabháil, féadfaidh cosantóir láithriú tráth ar bith sula dtabharfar breithiúnas. Má láithríonn sé tráth ar bith i ndiaidh na tréimhse ama a bheidh ceaptha le haghaidh láithris, ní bheidh sé i dteideal, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, aon ama breise chun a chosaint a sheachadadh nó chun críche ar bith eile thar mar a bheadh dá mbeadh sé tar éis láithriú laistigh den tréimhse ama a bheidh ceaptha le haghaidh láithris.

14. I gcaingne probháide féadfaidh aon duine nach mbeidh ainmnithe sa toghairm idiragairt agus láithriú sa chaingean ar mhionnscríbhinn a chomhdú sa Phríomh-Oifig lena dtaispeánfar cén chaoi a bhfuil leas aige in eastát an éagaigh.

15. Ní cheadófar d’aon duine a mbeidh toghairm seirbheáilte air in imeacht chun talamh a aisghabháil láithriú i ndiaidh na tréimhse ama a bheidh lamháilte le haghaidh láithris gan cead ón gCúirt.

16. Beidh de chead ag aon duine a mbeidh toghairm chun talamh a aisghabháil seirbheáilte air, bíodh nach mbeidh sé ainmnithe mar chosantóir inti, an t-imeacht a chosaint agus láithreas a thaifeadadh, de réir na rialacha sin roimhe seo den Ordú seo, dar teideal maidir leis an imeacht i gcoinne an pháirtí a bheidh ainmnithe sa toghairm mar chosantóir, agus tabharfaidh sé fógra láithreach faoin láithreas sin d’aturnae an ghearánaí, nó don ghearánaí má tá sé ag agairt i bpearsa, agus ainmneofar é i ngach imeacht ina dhiaidh sin mar chosantóir páirtí san imeacht.

17. Beidh láithreas a thaifeadfar gan chead, in imeacht chun talamh a aisghabháil, tar éis don tréimhse ama a bheidh lamháilte le haghaidh láithris a bheith dulta in éag, ar neamhní.

18. Aon duine nach mbeidh ainmnithe mar chosantóir i dtoghairm chun talamh a aisghabháil agus nach mbeidh toghairm seirbheáilte air féadfaidh sé, le cead ón gCúirt, láithriú agus cosaint a dhéanamh, ar mhionnscríbhinn a chomhdú lena dtaispeánfar é a bheith i seilbh na talún tríd féin nó trína thionónta.

19. Aon duine a bheidh ag láithriú chun imeacht a chosaint chun talamh a aisghabháil mar thiarna talún, i leith maoine nach mbeidh sé ina seilbh ach trína thionónta, luafaidh sé ina láithreas é a bheith ag láithriú mar thiarna talún.

20. I gcás duine nach mbeidh ainmnithe mar chosantóir in aon toghairm chun talamh a aisghabháil, agus nach mbeidh an toghairm seirbheáilte air, d’fháil ceada ón gCúirt chun láithriú agus cosaint a dhéanamh, déanfaidh sé láithreas a thaifeadadh, de réir na rialacha sin roimhe seo den Ordú seo, dar teideal maidir leis an imeacht i gcoinne an pháirtí a bheidh ainmnithe sa toghairm mar chosantóir, agus tabharfaidh sé fógra láithreach faoin láithreas sin d’aturnae an ghearánaí, nó don ghearánaí má tá sé ag agairt i bpearsa, agus ainmneofar é i ngach imeacht ina dhiaidh sin mar chosantóir páirtí san imeacht.

21. Aon duine a bheidh ag láithriú de réir toghairme chun talamh a aisghabháil, ach amháin i gcás ina mbeidh an t-imeacht á thionscnamh mar gheall ar neamhíoc cíosa, beidh de chead aige a chosaint a theorannú do chuid nó do scair neamhroinnte den mhaoin a bheidh luaite sa toghairm agus di sin amháin, ag tabhairt thuairisc na coda nó na scaire sin le cinnteacht réasúnach ina mheabhrán láithris, a bheidh i bhFoirm Uimh. 2 i bhFoscríbhinn A, Cuid II. Láithreas nach mbeidh an chosaint teorannaithe mar a luaitear thuas ann, measfar é a bheith ina láithreas chun cosaint a dhéanamh i leith an iomláin.

22. Maidir le haon duine a mbeidh láithreas á thaifeadadh aige i gcaingean chun gabháltas nó tailte ar a mbeidh gabháltas talmhaíochta nó gabháltas féaraigh, nó gabháltas is gabháltas talmhaíochta cuid de agus gabháltas féaraigh an chuid eile, de réir a chineáil, a aisghabháil, mar gheall ar neamhíoc cíosa, i gcás ina mbeidh an duine sin ag áitiú an ghabháltais sin mar fhothionónta air, agus nach mbeidh á éileamh aige ach é a bheith i dteideal, faoin Land Law (Ireland) Act, 1896 (59 7 60 Vic., c. 47), alt 12, d’ainneoin breithiúnas a bheith tugtha i bhfabhar an ghearánaí sa chaingean, seilbh a choimeád ar an ngabháltas sin mar neastionónta don ghearánaí, agus gan an breithiúnas sin a fhorghníomhú ina choinne, beidh de chead aige a mheabhrán láithris a theorannú dá réir sin. Luafar sa mheabhrán an duine sin a bheith ag cosaint amhlaidh i leith na n-áitreabh go léir a mbeifear ag iarraidh iad a aisghabháil nó gan a bheith ag cosaint ach i leith coda de na háitribh sin, agus sa chás deiridh sin tabharfaidh sé tuairisc na coda sin le cinnteacht réasúnach. Luafar ann, freisin, sonraí iomlána faoina fhothionóntacht, lena n-áireofar an cíos is iníoctha ina leith, na laethanta gála, agus an méid a bheidh dlite an uair sin i leith riaráistí an chíosa sin anuas go dtí an lá gála deiridh, agus ainm a neastiarna talún. Láithreas nach mbeidh an meabhrán teorannaithe mar a luaitear thuas ann, nó nach mbeidh na ráitis a fhorordaítear leis an riail seo ann, measfar é a bheith ina láithreas chun cosaint i gcoitinne a dhéanamh, agus i leith na n-áitreabh go léir a mbeifear ag iarraidh iad a aisghabháil.

23. I gcás ina mbeidh láithreas teorannaithe de réir riail 22 beidh de chead ag an ngearánaí, trí fhógra, ceart, faoin Land Law (Ireland) Act, 1896, alt 12, an duine a mbeidh a láithreas á theorannú aige amhlaidh a admháil, d’ainneoin breithiúnas a bheith tugtha i bhfabhar an ghearánaí sa chaingean, chun seilbh a choimeád mar neastionónta don ghearánaí ar an ngabháltas a mbeidh a thuairisc tugtha ina mheabhrán láithris. Déanfar an fógra sin a sheirbheáil agus a chomhdú sa Phríomh-Oifig laistigh de lá is fiche i ndiaidh an láithris. Déanfaidh an duine a mbeidh a cheart admhaithe amhlaidh, i gcás nach séanfaidh an formhuiniú speisialta ar an toghairm an ceart sin, a chostais láithris féin a sheasamh, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

24. Ach amháin mar a luaitear i riail 22, beidh cosaint ar thoghairm chun talamh a aisghabháil mar gheall ar neamhíoc cíosa ina cosaint i leith na dtailte agus na n-áitreabh go léir a bheidh á n-éileamh leis an bhformhuiniú uirthi; agus i gcás nach mian le cosantóir ach cosaint a dhéanamh i leith coda de na tailte agus de na háitribh, ar an bhforas an chuid sin gan a bheith ar áireamh sa tionóntacht a mbeifear ag iarraidh í a dhíshealbhú, déanfaidh sé iarratas speisialta chun na Cúirte chun na críche sin. Is ar fhógra dar foras mionnscríbhinn a dhéanfar iarratais faoin riail seo, agus féadfar iad a dhéanamh roimh láithriú nó laistigh de cheithre lá i ndiaidh an láithris.

25. Déanfaidh páirtí a mbeidh ordú faighte aige faoi riail 24 tuairisc na coda de na tailte dá mbeidh an chosaint teorannaithe a thabhairt sa láithreas nó i bhfógra mar a fhorordaítear i riail 21.

26. Beidh de chead ag cosantóir, sula láithreoidh sé, fógra foriarratais a sheirbheáil chun seirbheáil na toghairme, nó fógra faoin toghairm, air a chur ar ceal, nó chun an t-ordú ag údarú na seirbheála sin a urscaoileadh.

27. I gcaingne probháide déanfaidh an gearánaí agus an cosantóir, faoi seach, laistigh d’ocht lá tar éis láithreas a thaifeadadh ar thaobh an chosantóra, a mionnscríbhinní i dtaobh scríbhinní a chomhdú sa Phríomh-Oifig, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh aon scríbhinn ina seilbh. Is i bhFoirm Uimh. 22 i bhFoscríbhinn C a bheidh an mhionnscríbhinn sin.

28. Déanfar gach scríbhinn a bheidh déanta ag an tiomnóir nó faoi threoir an tiomnóra, tráth ar bith, cibé acu is uacht, codaisíl, dréacht d’uacht nó de chodaisíl, nó treoracha scríofa le haghaidh an chéanna í, agus a mbeidh eolas, faisnéis nó tuairim ar bith ag an teisteoir fúithi, a shonrú ina mhionnscríbhinn scríbhinní, agus déanfar gach scríbhinn a bheidh i gcoimeád nó faoi rialú an pháirtí a mbeidh an mhionnscríbhinn á déanamh aige a chur i gceangal leis an mionnscríbhinn agus a thaisceadh ina teannta sa Phróomh-Oifig.

29. Ní bheidh de chead ag aon pháirtí san imeacht, ná ag a aturnae, ach amháin le cead ón gCúirt, iniúchadh a dhéanamh ar an mionnscríbhinn i dtaobh scríbhinní, nó ar na scríbhinní a bheidh i gceangal léi, a bheidh comhdaithe ag aon pháirtí sa chúis, go dtí go gcomhdófar a mhionnscríbhinn féin i dtaobh scríbhinní.