Back

Fógra ón Uachtarán - Tionscadal Píolótach Ard-Chúirte do Shaoire Fhada 2025
Thursday 27th March 2025
UACHTARÁN NA hARD-CHÚIRTE
Fógra ón Uachtarán
Tionscadal Píolótach Ard-Chúirte do Shaoire Fhada 2025
Cúlra
- Reáchtáil an Ard-Chúirt Tionscadal Píolótach le haghaidh na Saoire Fada in 2024 (an ‘Tionscadal Píolótach 2024’) ina raibh an Saoire Fhada le haghaidh cúigear breithiúna de chuid na hArd-Chúirte a chumhdaíonn na liostaí seo a leanas de chuid na hArd-Chúirte (a) Teaghlach, (b) Neamhghiúiré / Athbhreithniú Breithiúnach /Tearmann agus Inimirce, agus (c) Pleanáil agus Comhshaol tuislithe agus ar siúl le haghaidh mhí Iúil agus mhí Lúnasa seachas an Ghnáthshaoire Fhada lena gcumhdaítear mí Lúnasa agus mí Mheán Fómhair. Thug na breithiúna a ghlac páirt i dTionscadal Píolótach 2024 faoi ghnáthshuíonna saoire le linn na tréimhse sin chomh maith le hobair bhreithiúnach eile agus oiliúint bhreithiúnach eile. Bhí gá le Tionscadal Píolótach 2024 chun éifeacht a thabhairt do mholtaí na Meithle um Pleanáil Bhreithiúnach (‘JPWG’) i mí Feabhra 2023.
- Leagadh amach cúlra iomlán Thionscadal Píolótach 2024 i bhFógraí Uachtarán na hArd-Chúirte dar dáta 21 Nollaig 2023, 5 Márta 2024 agus 1 Iúil 2024.
Aiseolas ar Thionscadal Píolótach 2024
- Fuarthas aiseolas ó chleachtóirí, ó ghrúpaí cleachtóirí, ó na comhlachtaí ionadaíocha gairmiúla, ó chláraitheoirí, ó fhoireann chúirte agus ó bhreithiúna i ndáil le hoibriú Thionscadal Píolótach 2024. Rinneadh roinnt pointí luachmhara agus tábhachtacha maidir leis an Tionscadal Píolótach sin. I bhfianaise an aiseolais sin, cinneadh an Tionscadal Píolótach a reáchtáil don dara bliain sa Saoire Fhada in 2025 (‘Tionscadal Píolótach 2025’). Glactar leis go raibh fadhbanna tosaigh in oibriú Thionscadal Píolótach 2024 nár oibrigh chomh réidh agus a beartaíodh i gcuid de na liostaí a chumhdaítear. Bunaithe ar an aiseolas a fuarthas, táthar ag súil gur tugadh aghaidh ar na fadhbanna sin le haghaidh Thionscadal Píolótach 2025.
- Cinneadh Tionscadal Píolótach 2025 a reáchtáil ar na liostaí céanna Ard-Chúirte mar a cumhdaíodh le Tionscadal Píolótach 2024. Is é is cúis leis sin ualach oibre méadaitheach na liostaí a chumhdaítear, tábhacht straitéiseach na liostaí sin agus an gá atá le cumhdach breithiúnach leordhóthanach a áirithiú le linn na Saoire Fada sna liostaí sin. Agus an Tionscadal Píolótach a reáchtáil don dara bliain ar na liostaí céanna, beifear in ann measúnú níos fearr a dhéanamh ar thionchar an Tionscadail Phíolótaigh.
Sonraí Thionscadal Píolótach 2025
- Is iad liostaí na hArd-Chúirte atá clúdaithe ag Tionscadal Píolótach 2025 ná (a) Teaghlach, (b) Neamhghiúiré / Athbhreithniú Breithiúnach /Tearmann agus Inimirce, agus (c) Pleanáil agus Comhshaol.
- Glacfaidh cúigear Breithiúna Ard-Chúirte páirt i dTionscadal Píolótach 2025. Suífidh breitheamh amháin i dTeaghlach, suífidh breitheamh amháin i bPleanáil agus Comhshaol agus suífidh triúr breithiúna in Neamhghiúiré / Athbhreithniú Breithiúnach /Tearmann agus Inimirce.
- Cuirfear tús le Tionscadal Píolótach 2025 ar 14 Iúil 2025. Cuirfear tús leis an Saoire Fhada don chúigear breithiúna a bheidh rannpháirteach i dTionscadal Píolótach 2025 ar 14 Iúil 2025 agus tiocfaidh deireadh léi ar 14 Meán Fómhair 2025.
- Beidh saoirse ag na breithiúna atá rannpháirteach i dTionscadal Píolótach 2025 a sos samhraidh a ghlacadh le linn na tréimhse sin agus iad ag leanúint dá ndualgais bhreithiúnacha eile a chomhlíonadh, lena n-áirítear a ngnáthoibleagáidí suí saoire, ullmhú agus scríbhneoireacht breithiúnais, freastal ar chomhdhálacha agus tabhairt faoi oiliúint bhreithiúnach. Beidh siad ina suí mar is gnáth ón Luan 15 Meán Fómhair 2025. Ní bheidh Tionscadal Píolótach 2025 ar siúl (faoi réir na n-eisceachtaí teoranta seo a leanas) sa tseachtain dar tús 29 Meán Fómhair 2025 (arb í an tseachtain roimh thosach na Bliana Dlíthiúla Nua í). Tagann an chéad eisceacht theoranta chun cinn ar an liosta Pleanála agus Comhshaoil i gcás ina bhfuil cás amháin liostaithe cheana féin lena éisteacht sa dara cuid den tseachtain sin (2-3 Deireadh Fómhair 2025) le toiliú na bpáirtithe. Is féidir tuilleadh cásanna a liostú ar an liosta sin an tseachtain sin má chomhaontaíonn na páirtithe amhlaidh (ach ní seachain sin). Tá an dara heisceacht theoranta ar an Liosta Teaghlaigh, áit a suífidh an breitheamh ar 29 agus ar 30 Meán Fómhair 2025 (chun cúiteamh a dhéanamh as freastal an bhreithimh ar chomhdháil Eorpach thábhachtach maidir leis an dlí teaghlaigh ar 25 agus ar 26 Meán Fómhair 2025).
- Le linn Thionscadal Píolótach 2025, leanfaidh gach Breitheamh eile den Ard-Chúirt de bheith ag feidhmiú faoi réir na socruithe Saoire Fada atá ann cheana i mí Lúnasa agus i mí Mheán Fómhair 2025. Leanfar den obair bhreithiúnach uile, seachas an obair atá faoi réir Thionscadal Píolótach 2025, i gcomhréir leis na gnáthshocruithe.
- Déanfar aon soiléiriú riachtanach eile maidir leis an gcaoi a n-oibreoidh Tionscadal Píolótach 2025 do na trí liosta Ard-Chúirte a chlúdaítear a fhoilsiú sa Dialann Dlí laistigh de 14 lá ó dháta an Fhógra seo.
- Féachfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte agus na breithiúna eile atá i gceannas ar na liostaí atá rannpháirteach i dTionscadal Píolótach 2025 lena chinntiú go bhfeidhmeoidh na socruithe don Tionscadal Píolótach chomh réidh, chomh cothrom agus chomh héifeachtúil agus is féidir do gach duine lena mbaineann. Tá sé beartaithe gur ar bhonn comhthola a liostófar na cásanna a chumhdaítear le Tionscadal Píolótach 2025 i mí Mheán Fómhair 2025. I ndeireadh na dála, áfach, is faoi rogha an bhreithimh atá i gceannas ar na liostaí a chlúdaítear a bheidh sé dátaí a shocrú.
- Foilseofar tuilleadh sonraí faoi na socruithe maidir le Tionscadal Píolótach 2025 i leith na liostaí a chumhdaítear (i gcás inar gá) sa Dialann Dlí laistigh de 14 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.
- Ar deireadh, ní bheifear ag súil le habhcóidí ná ní cheanglófar orthu amhlaidh a dhéanamh nuair a thagann siad i láthair i gcásanna a chumhdaítear le Tionscadal Píolótach 2025 agus ba cheart dóibh iad féin a ghléasadh de réir mar is mian leo
25 Márta 2025
An tOnórach an Breitheamh David Barniville
Uachtarán na hArd-Chúirte