Is sa Chúirt Dúiche a thionscnaítear gach ionchúiseamh coiriúil seachas cionta áirithe a bpléann an Chúirt Choiriúil Speisialta leo (cionta i gcoinne an Stáit de ghnáth).

Is féidir cinntí na Cúirte Dúiche a achomharc sa Chúirt Chuarda seachas roinnt eisceachtaí (m.sh. ordú a dhíbheann gearán agus ina dtreoraítear don ghearánach costais a íoc; nó diúltú cúnamh dlí a íoc). Is athéisteacht na ngnóthaí os comhair na Cúirte Cuarda é an t-achomharc.

Conas cinneadh de chuid na Cúirte Dúiche a achomharc

Ba chóir duit an fógra achomhairc a thaisceadh le cois dearbhú reachtúil seirbhíse le Cléireach na Cúirte Dúiche sa limistéar cúirte mar a ndearnadh an cinneadh faoi cheann 14 lá de dháta an chinnidh. Má ordaíonn an breitheamh go bhfuil an t-airgead le taisceadh leis an achomharc, ní mór duit an t-airgead a thaisceadh leis na doiciméid achomhairc.

Conas is féidir am a shíneadh chun achomharc a thaisceadh mura dtaisctear é faoi cheann 14 lá?

Is féidir iarratas a chur chuig an gCúirt Dúiche ar shíneadh ama chun achomharc a thaisceadh. Ní mór duit a chur in iúl don ionchúisitheoir sa ghnó go bhfuil sé beartaithe agat cur isteach ar shíneadh ama.

Conas bannaí/cúirtbhanna a shocrú

Is iondúil go socraítear banna achomhairc le linn éisteacht cáis. Mura socraítear, is féidir iarratas ex-parte (.i. gan fógra a thabhairt don pháirtí eile) a chur faoi bhráid na cúirte chun banna achomhairc a shocrú chun a chur ar do chumas achomharc a thaisceadh.

Seirbheálann an fhoirm cúirtbhanna le bac a chur ar fhorfheidhmiú (oibriú) an ordaithe Cúirt Dúiche. Mar shampla, má dhícháilíonn an Chúirt Dúiche ar thiomáint thú agus mura dtaisctear achomharc faoi cheann 14 lá ó dháta an chinnidh, tá tú dícháilithe gan cheist ón 15ú lá.

Féadann tú iarratas a chur faoi bhráid na cúirte chun banna achomhairc a shocrú le hachomharc a thaisceadh i ndiaidh an 14ú lá ó dháta an chinnidh.