Tá nósanna imeachta speisialta i bhfeidhm d'aon pháirtí ar mian leis iarratas a dhéanamh ar rochtain ar thaifeadadh imeachtaí cúirte (ar a dtugtar taifeadadh DAR freisin). Tá na Rialacha Cúirte lena rialaítear an nós imeachta a bheidh le leanúint agus rochtain á lorg ar aon taifeadadh ar imeachtaí cúirte agus na téarmaí ar a bhféadfar rochtain a cheadú forordaithe sna hIonstraimí Reachtúla seo a leanas:
- I.R. Uimh. 99 de 2013 - Na Rialacha Cúirte Dúiche (Imeachtaí a Thaifeadadh), 2013
- I.R. Uimh. 100 de 2013 - Rialacha na Cúirte Cuarda (Imeachtaí a Thaifeadadh), 2013
- I.R. Uimh. 101 de 2013 - Rialacha na nUaschúirteanna (Imeachtaí a Thaifeadadh), 2013
Ní mór aon iarraidh ar rochtain ar thaifeadadh imeachtaí cúirte a dhéanamh trí iarratas foirmiúil chuig breitheamh na trialach sna himeachtaí, agus ar fhógra a thabhairt don pháirtí eile nó do na páirtithe eile sna himeachtaí.
Is faoin mbreitheamh atá sé cinneadh a dhéanamh an soláthraítear rochtain ar thaifeadadh imeachtaí cúirte agus cén fhormáid ina soláthraítear an rochtain sin. Má tá iarratas ar thaifeadtaí cúirte deonaithe ag an mbreitheamh, ní mór don iarratasóir na costais tras-scríbhinne a íoc (mura n-ordaíonn an breitheamh a mhalairt). Is é an costas a bhaineann le tras-scríbhinn de thaifead a tháirgeadh ná thart ar €200 in aghaidh na huaire de thaifeadadh fuaime.
Má tá rochtain á lorg agat ar thaifeadtaí agus ar thras-scríbhinní, déan teagmháil go díreach leis an oifig chúirte chuí.
Tá liosta cuimsitheach d'oifigí cúirte ar fud na tíre le fáil anseo.