Breathnaigh siar ar léachtaí céad bliain inar
tarraingíodh aird ar na hócáidí, ar na gluaiseachtaí agus ar na deacrachtaí
móra a bhain le bunú stát nua-aimseartha na hÉireann a bhí á n-óstáil sna
Ceithre Cúirteanna le blianta beaga anuas.
Taibhse Childers agus na gCeithre Cúirteanna le linn an chogaidh 1916-1922
Tugann an Breitheamh Gerard Hogan caint
thochtmhar ar cheann de na tréimhsí is luainí i Stair na hÉireann agus é ag plé
Taibhse Childers agus na gCeithre Cúirteanna le linn an chogaidh 1916-1922.
Téann The Irish Law Times chun cogaidh 1914-1918
Tugann an Dr Myles Dungan léargas domhain ar
an gCogadh Mór trí phriosma na sainirise dlí aitheanta ‘The Irish Law Times’.
Saighdiúirí agus Dlí i Réabhlóid na hÉireann
Déanann an tOllamh Charles Townshend anailís
ar thrialacha na reibiliúnach in 1916 agus ar an gcaoi a raibh coimhlint idir
an dlí agus an gá a mheastar a bhí le hordú mar thoradh ar dhlí airm in
1920/21.
Éirí Amach na Cásca 1916 - ‘’Na Trialacha’’
Tugann an Breitheamh Seán Enright ó Chúirt
Chuarda Shasana léacht bunaithe ar a leabhar den teideal céanna, staidéar
ceannródaíoch ar na trialacha míleata i mBealtaine 1916, tar éis Éirí Amach na
Cásca.
Abhcóidí ag Cogadh - Gallipoli 1915
Scrúdaíonn David Nolan S.C. Ról abhcóidí na
hÉireann agus na hAstráile san fheachtas míleata i Gallipoli in 1915 i léacht
mhachnamhach.
‘’Scrambling for the bones of the Patriot Dead’’ - Comóradh a dhéanamh ar an Éirí Amach
Fiosraíonn an tOllamh Diarmaid Ferriter an
chaoi ar comóradh Éirí Amach 1916 le 100 bliain anuas.
Gairm Dlí na hÉireann agus Cath an Somme
Meabhraíonn David Nolan SC, aturnae Ciaran
O’Mara agus Gerry McAlinden QC baill de ghairm dlí na hÉireann a fuair bás i
ndálaí uafásacha láithreacha catha na Beilge in 1916.

Scriosadh Oifig na dTaifead Poiblí in 1922
Pléann an Dr. Catriona Crowe, Ceann na
dTionscadal Speisialta i gCartlann Náisiúnta na hÉireann an trua a bhí mar
scrios ar Oifig na dTaifead Poiblí in 1922.
An tSráid Thiar Thoir -Scéalta Pearsanta na Coireachta Idirnáisiúnta
Scrúdaíonn an dlíodóir agus an scríbhneoir
Philippe Sands QC na naisc idir a chuid oibre ar 'choireanna in aghaidh na
daonnachta’ agus ‘cinedhíothú’, imeachtaí le linn an Dara Cogadh Domhanda agus
scéal gan fasach i gcroílár Thriail Nuremberg.