1. Féadfaidh seiceadóirí nó riarthóirí duine éagtha, nó aon duine díobh, agus na hiontaobhaithe faoi aon ghníomhas nó ionstraim, nó aon duine díobh, agus aon duine a bheidh ag éileamh leas a bheith aige san fhaoiseamh a bheidh á lorg mar chreidiúnaí, réadtiomnaí, leagáidí, neasghaol nó oidhre ginearálta duine éagtha, nó mar cestui que trust faoi iontaobhas aon ghníomhais nó ionstraime, nó a bheidh ag éileamh trí shannadh nó eile faoi aon chreidiúnaí nó duine eile den chineál a dúradh, toghairm speisialta a thógáil amach le haghaidh faoisimh den chineál nó den sórt a shonraítear in Ordú 3 (1) go (7) go huile.
2. Is iad seo a leanas, ar an gcéad ásc, na daoine a bheidh le hainmniú mar chosantóirí in aon toghairm faoi riail 1:—
(i) I gcás an toghairm a bheith á tógáil amach ag seiceadóirí, riarthóirí nó iontaobhaithe, nó ag aon duine díobh:—
(a) chun aon cheist a dhéanfaidh difear do chearta nó do leasanna aon duine a bheidh ag éileamh gur creidiúnaí, réadtiomnaí, leagáidí, neasghaol nó oidhre ginearálta, nó cestui que trust, é, nó aon cheist a bheidh ag teacht chun cinn i riaradh an eastáit nó an iontaobhais, a chinneadh, nó le haghaidh ordacháin do na seiceadóirí, do na riarthóirí nó do na hiontaobhaithe chun aon ghníomh áirithe a dhéanamh, nó gan é a dhéanamh, ina gcáil mar sheiceadóirí, riarthóirí nó iontaobhaithe, nó chun aon díol, ceannach, comhréiteach nó idirbheart eile a fhormheas: na daoine, nó duine de na daoine, a mbeifear ag iarraidh difear a dhéanamh dá gcearta nó dá chearta, nó dá leasanna;
(b) chun aon aicme creidiúnaithe, leagáidithe, réadtiomnaithe, neasghaolta, nó eile a fhionnadh: aon chomhalta nó comhalta líomhnaithe den aicme;
(c) chun go ndéanfaidh na seiceadóirí, na riarthóirí nó na hiontaobhaithe cuntais a thabhairt agus a dheimhniú: aon duine a mbeidh leas aige i dtógáil na gcuntas sin;
(d) chun aon airgead a bheidh ar láimh ag na seiceadóirí, na riarthóirí nó na hiontaobhaithe a íoc isteach sa Chúirt: aon duine a mbeidh leas aige san airgead sin;
(e) chun eastát pearsanta nó talamh ruílse cláraithe a bheidh ag cineachadh mar phearsantas an éagaigh a riaradh: na leagáidithe nó neasghaolta iarmharacha, nó daoine díobh;
(f) chun eastát réadach an éagaigh a riaradh: na réadtiomnaithe nó oidhrí iarmharacha, nó daoine díobh;
(g) chun an t-iontaobhas a riaradh: na cestuis que trustent, nó daoine díobh;
(h) má tá níos mó ná seiceadóir, riarthóir nó iontaobhaí amháin ann agus nach mbeidh siad go léir ag uamadh mar ghearánaithe: na seiceadóirí, riarthóirí nó iontaobhaithe sin nach n-uamfaidh.
(ii) I gcás an toghairm a bheith á tógáil amach ag aon duine seachas na seiceadóirí, na riarthóirí nó na hiontaobhaithe: na seiceadóirí, na riarthóirí nó na hiontaobhaithe sin.
3. Aon mhorgáistí nó aon mhorgáisteoir, cibé acu is morgáistí dlí nó cothromais nó morgáisteoir dlí nó cothromais é, nó aon duine a bheidh i dteideal maoine, nó ag a mbeidh maoin, a bheidh faoi réir muirir dhlí nó chothromais, nó aon duine a mbeidh ceart aige aon mhorgáiste, cibé acu is morgáiste dlí nó cothromais é, a fhoriamh nó a fhuascailt, féadfaidh sé toghairm speisialta a thó gá il amach le haghaidh faoisimh den chineá l nó den só rt a shonraítear in Ordú 3 (15).
4. Is é teideal a chuirfear ar thoghairm speisialta faoi Ordú 3 (8) ná maidir le heastát an duine a mbeidh an dleacht eastáit íoctha nó éilithe ar é d’fháil bháis, agus maidir leis an Finance Act, 1894, agus thairis sin is san fhoirm a fhorordaítear le hOrdú 1, riail 4, a bheidh sí.
5. Ní bheidh d’oibleagáid ar an gCúirt breithiúnas a fhógairt nó ordú a dhéanamh chun aon iontaobhas nó eastát aon daoine éagtha a riaradh más féidir na ceisteanna idir na páirtithe a chinneadh go cuí gan breithiúnas nó ordú den sórt sin.
6. Ar iarratas ar riaradh nó forghníomhú iontaobhas ó chreidiúnaí nó tairbhí faoi uacht, díthiomnacht nó gníomhas iontaobhais, i gcás nach mbeidh aon chuntais tugtha nó go mbeidh cuntais neamhdhóthanacha tugtha, féadfaidh an Chúirt, i dteannta na gcumhachtaí atá ann cheana féin—
(a) a ordú go gcuirfear an t-iarratas ar gcúl ar feadh tréimhse áirithe ama, agus go dtabharfaidh na seiceadóirí, na riarthóirí nó na hiontaobhaithe, idir an dá linn, ráiteas cuí ar a gcuntais don iarratasóir, agus cuirfear in iúl go bhféadfar, mura ndéanfar sin, tabhairt orthu costas na n-imeachtaí a íoc;
(b) nuair is gá sin chun imeachtaí ag creidiúnaithe eile nó ag daoine a mbeidh leas tairbhiúil acu a chosc, an gnáthbhreithiúnas a thabhairt nó an gnáthordú a dhéanamh le haghaidh riaracháin, le coinníoll nach mbeidh aon imeachtaí le tionscnamh faoin mbreithiúnas sin nó faoin ordú sin gan cead ón gCúirt.