1. Sna Rialacha seo, mura bhfuil aon ní san ábhar nó sa chomhthéacs atá aimhréireach leis sin, beidh leis na focail agus leis na habairtí uile agus faoi seach a luaitear anseo ina dhiaidh seo, nó folóidh siad, na bríonna seo a leanas:
folóidh ‘‘ábhar’’ gach imeacht sa Chúirt nach imeacht i gcúis;
folaíonn ‘‘achainíoch’’ aon duine a mbeidh iarratas á dhéanamh aige chun na Cúirte, le hachainí nó foriarratas, ar shlí seachas amhail i gcoinne cosantóra;
ciallaíonn ‘‘na hAchtanna’’ Acht na gCúirteanna (Bunú agus Comhdhéanamh), 1961, agus Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1981;
folaíonn ‘‘agra’’ caingean;
ciallaíonn ‘‘áit chláraithe ghnó’’ áit ghnó arna clárú go cuí faoi na hAchtanna Aturnaetha, 1954 agus 1960;
ciallaíonn ‘‘an Banc’’ Gobharnóir agus Cuideachta Bhanc na hÉireann nó banc an Ghobharnóra agus na Cuideachta sin, de réir mar a éilíonn an comhthéacs;
ciallaíonn ‘‘an Bunreacht’’ Bunreacht na hÉ ireann a d’achtaigh an pobal ar an 1ú lá d’Iúil, 1937;
ciallaíonn ‘‘caingean’’ imeacht sibhialta arna thionscnamh le toghairm thionscnaimh nó i cibé slí eile a údarófar leis na Rialacha seo, ach ní fholaíonn sé imeacht coiriúil ar agra an Ard-Aighne;
tá le ‘‘caingean aimiréalachta’’ an bhrí a thugtar dó le hOrdú 64, riail 1;
ciallaíonn ‘‘caingean phrobháide’’ aon imeacht arna thionscnamh le toghairm thionscnaimh agus ina mbeifear ag iarraidh go ndeonófar nó go n-aisghairfear probháid, nó litreacha riaracháin, nó faoiseamh dá samhail;
ciallaíonn ‘‘cóip fhianaithe’’ cóip arna fianú ag Maoirseoir na gClóscríobhaithe, nó ag cibé oifigeach nó oifigigh a ainmneoidh Uachtarán na hArd-Chúirte;
tá le ‘‘corparáid iontaobhais’’ an bhrí a thugtar dó le fo-alt (4) d’alt 30 den Acht Comharbais, 1965;
folaíonn ‘‘cosantóir’’ gach duine ar a seirbheálfar toghairm thionscnaimh, nó ar a seirbheálfar fógra faoi aon imeachtaí, nó a bheidh i dteideal freastal ar aon imeachtaí;
ciallaíonn ‘‘an Chúirt’’ an Ard-Chúirt nó Breitheamh nó Breithiúna den Chúirt sin, de réir mar a éilíonn an comhthéacs, agus folaíonn sé an Máistir, an Scrúdaitheoir agus an tOifigeach Probháide, i gcás ina mbeidh dlínse acu faoi seach;
folaíonn ‘‘cúis’’ aon chaingean, agra nó imeacht bunaidh eile idir gearánaí agus cosantóir, agus aon imeacht coiriúil;
ciallaíonn ‘‘an Cuntasóir’’ an Cuntasóir a bheidh ag gabháil leis an Ard-Chúirt nó ionadaí dó arna cheapadh ag an Aire Dlí agus Cirt;
folaíonn ‘‘duine’’ comhlacht corpraithe (cibé acu is ilchorparáid nó corparáid aonair é) agus comhlacht neamhchorpraithe daoine;
folaíonn ‘‘gearánaí’’ aon duine a mbeidh aon fhaoiseamh á lorg aige (ar shlí seachas mar fhrithéileamh mar chosantóir) i gcoinne aon duine eile le haon chineál imeachta shibhialta;
ciallaíonn ‘‘an Máistir’’ Máistir na hArd-Chúirte;
i gcás duine a gceadófar dó de réir dlí dearbhascadh in ionad mionnú, folaíonn ‘‘mionn’’ dearbhascadh;
i gcás duine a gceadófar dó de réir dlí dearbhú in ionad mionnú, folaíonn ‘‘mionnscríbhinn’’ dearbhú;
folaíonn ‘‘páirtí’’ gach duine ar a seirbheálfar fógra faoi aon imeachtaí nó a bheidh ag freastal ar aon imeachtaí, bíodh nach mbeidh sé ainmnithe ar an taifead;
folaíonn ‘‘pléadáil’’ toghairm thionscnaimh, ráiteas éilimh, cosaint, frithéileamh, freagra ar fhreagra, achainí nó freagra;
ciallaíonn ‘‘an Phríomh-Oifig’’ an Phríomh-Oifig arna bunú le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961;
folaíonn ‘‘scríbhneoireacht’’ clódóireacht, clóscríbhneoireacht, liteagrafaíocht, fótagrafaíocht agus modhanna eile chun focail a léiriú nó a atáirgeadh i bhfoirm infheicthe agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;
folaíonn ‘‘sirriam’’ Cláraitheoir Contae le linn dó bheith ag feidhmiú cumhachtaí agus feidhmeanna sirriam;
folaíonn ‘‘talamh’’ measáistí, tionóntáin, oidhreachtáin, tithe agus foirgnimh faoi aon tionacht;
ciallaíonn ‘‘na hUaschúirteanna’’ an Chúirt Uachtarach, an Ard-Chúirt, an Chúirt Achomhairc Choiriúil agus an Phríomh-Chúirt Choiriúil;
ciallaíonn ‘‘urrúis údaraithe’’ aon infheistíocht ina bhféadfar airgead a bheidh faoi rialú aon chúirte, nó faoi réir ordú aon chúirte, a infheistiú de bhun fhorálacha an Achta Iontaobhaithe (Infheistíochtaí Údaraithe), 1958, alt 3;
forléireofar focail lena ngabhann brí an uatha mar fhocail lena ngabhann brí an iolra agus vice versa;
forléireofar focail lena ngabhann brí na firinscne mar fhocail lena ngabhann brí na baininscne.
2. Measfar gur cuid de na Rialacha seo na Foscríbhinní uile agus faoi seach a ghabhann leis na hOrduithe seo.
3. Úsáidfear na foirmeacha faoi seach sna Foscríbhinní sin, i gcás inarb infheidhme nó inar cuí iad, fara cibé athruithe nó modhnuithe is gá sna himthosca. I gcás ina mbeidh na foirmeacha sin infheidhme nó cuí, titfidh aon chostais a thiocfaidh d’aon fhoirmeacha eile, nó foirmeacha níos fadálaí, a úsáid ar an bpáirtí a bheidh á n-úsáid, nó dícheadófar na costais sin dó, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.