1. Coimeádfaidh an Cléireach leabhar dá ngairfear Clár na gCeadúnas (Foirm 82.1, Sceideal C) agus déanfaidh sé nó sí, nó cuirfidh sé nó sí faoi deara go ndéanfar, sonraí i dtaobh na gceadúnas go léir chun deochanna meisciúla a dhíol atá i bhfeidhm i leith áitreabh sa cheantar cúirte, agus i dtaobh na n-athnuachaintí, na n-aistrithe agus na n-imeachtaí eile go léir a bhaineann leis na ceadúnais sin, nó le haon cheann acu, a thaifeadadh sa Chlár sin, agus coinneoidh sé nó sí na léarscáileanna, na pleananna nó na doiciméid eile go léir a thaiscfear agus a bhaineann leis na ceadúnais nó na háitribh sin.
Fógra i dtaobh shonraí an áitribh cheadúnaithe
2. Laistigh de dheich lá tar éis dó nó di ceadúnas den sórt sin a fháil, déanfaidh gach sealbhóir air, nó cuirfidh sé nó sí faoi deara go ndéanfar, nó ta scríofa (Foirm 82.2, Sceideal C), arna shíniú ag an sealbhóir, a sheachadadh ar an gCléireach ina sonrófar ainm agus seoladh iomlán an tsealbhóra, agus tuairisc agus suíomh an tí nó an áitribh ina bhfuil sé ceadúnaithe deochanna meisciúla a dhíol, agus ainm agus seoladh iomlán úinéir an tí nó an áitribh sin de réir fhorálacha alt 10 den Licensing (Ireland) Act, 1833, arna leasú.