An nós imeachta ar dhuine a ligean faoi bhannaí : I.R. Uimh. 194 de 2001
Ordú: 18 | District Court

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

No18-S.I. No. 41 Of 2008: District Court (Criminal Justice Act 2007) Rules 2008
No18-S.I. No. 105 Of 2009: District Court (Criminal Justice Act 2006) Rules 2009
No18-S.I. No. 33 Of 2010: District Court (Criminal Justice (Amendment) Act 2009) Rules 2010
No18-S.I. No. 260 Of 2010: District Court (Criminal Justice (Miscellaneous Provisions) Act 2009) Rules 2010

Ligean faoi bhannaí

*1. Faoi réir riail 2 den Ordú seo, ligfidh Breitheamh faoi bhannaí duine a cúisíodh os a chomhair nó os a comhair i gcion más lé ir don Bhreitheamh sin gur cás é inar cheart bannaí a cheadú agus, má tá an duine sin le ligean faoi bhannaí, beidh de rogha ag an mBreitheamh a chinneadh cad é méid na mbannaí agus cibé acu bannaí le hurra nó urraí nó bannaí gan urra ar bith iad agus cad é an tsuim a chuirfear de cheangal ar gach urra.

Bannaí i gcásanna tréasa, dúnmharú, agus cionta áirithe eile

†2. Ní dhéanfar aon duine a bheidh cúisithe in aon cheann de na cionta seo a leanas a ligean faoi bhannaí ach amhá in le hordú ó n Ard-Chúirt:

​(a) tréas,

(b) cion faoi alt 2 agus 3 den Acht Tréasa, 1939,

(c) cion faoi alt 6, 7 agus 8 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939,

(d) sárú tromchú iseach den saghas dá dtagraítear in alt 3 (1) (i) den Acht um Choinbhinsiú in na Ginéive, 1962,

(e) cion faoi alt 9 den Acht um Rúin Oifigiúla, 1963, nó cion faoi Chuid II den Acht sin a rinneadh ar dhóigh ba dhochar do shlándáil nó caomhnú an Stáit,

(f) dúnmharú, iarracht ar dhúnmharú, comhcheilg um dhúnmharú nó píoráideacht, lena n-áirítear cúlpháirtí roimh an ngníomh nó i ndiaidh an ghnímh,

(g) cion faoi alt 7 den Acht um Chinedhíothú, 1973,

(h) cion faoin Acht um Cheartas (Coinbhinsiú n na Náisiún Aontaithe i gcoinne Céastóireachta), 2000.

3. Deimhneoidh an Chúirt di féin i ngach cás, sula dtógfaidh sí cúirtbhanna, gur duine leormhaith oiriúnach aon duine a mholtar a ghlacadh mar urra chun críche bannaí.

‡4. Má dhiúltaítear duine a ligean faoi bhannaí ag láithriú áirithe os comhair na Cúirte, ní chuirfidh sin cosc le hathnuachan an iarratais chun é nó í a ligean faoi bhannaí ag láithriú ina dhiaidh sin nó le linn don chúisí bheith faoi choimeád ag fanacht lena thriail nó lena triail.

§5. (1) I gcás ina ligfidh cúirt faoi bhannaí duine atá faoi choimeád, ní scaoilfear saor an duine go dtí go mbeidh—

​(a) suim is comhionann le trian, nó

(b) cibé méid is mó ná sin a chinnfidh an Chúirt,

d’aon Chúirtbhanna ina mbeidh duine dulta i dtaca leis sin íoctha isteach sa Chúirt.

Urrú s in ionad airgid

​(2) (a) I gcás ina ligfidh an Chúirt duine faoi bhannaí, féadfaidh an Chúirt, in ionad an duine, nó, más rud é go n-é ileoidh an Chúirt urra nó urraí, a urraí nó a hurraí, d’íoc airgid isteach sa Chúirt, glacadh mar urrú s le cibé ionstraim is fianaise ar theideal duine chun maoine (seachas talamh nó aon eastát, ceart nó leas i dtalamh nó thar talamh) is leor lé i.

Ordú alt 5(2)(b)

​(b) I gcás ina nglacfaidh cúirt le leabhar taisce bainc, cumainn foirgníochta, comhair creidmheasa nó postoifige mar urrú s, déanfaidh an Chúirt ordú á ordú don bhanc, don chumann foirgníochta nó don chomhar creidmheasa lena mbaineann, nó don Phost, de réir mar a bheidh, gan a cheadú an t-airgead a bheidh ar taisceadh a laghdú faoi bhun—    

(i) suime is comhionann leis an tsuim a cheanglaítear a íoc isteach sa Chúirt, nó

(ii) na suime a bheidh ar taisceadh an tráth sin

 

cibé acu is lú.

(c) Is i bhFoirm 18.9  a bheidh Ordú a dhéanfar faoi alt 5(2)(b) den Acht um Bannaí, 1997, agus déanfaidh an Cléireach é a sheirbheáil ar an mbanc, cumann foirgníochta nó comhar creidmheasa iomchuí, nó ar an bPost, leis an ngnáthphost réamhíoctha.

(d) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt ordú mar a dúradh, déanfar an ionstraim a choinneáil faoi choimeád an chléirigh cúirte dúiche go dtí go n-urscaoilfear an t-ordú .

(3) I gcás ina gcinnfidh cúirt duine a ligean faoi bhannaí le hurra amhá in nó níos mó, féadfaidh sí a ordú go nglacfar le suim airgid, có imhé id le suim an bhanna, in ionad an urra sin nó na n-urraí sin. Is suim é sin de bhreis ar an méid a shonraítear i Riail 5(2).

(4) Ar na suimeanna a é ilítear nó ar an urrús a éilítear a thaisceadh—

​(a) le cléireach an cheantair cúirte ina ndearnadh an t-ordú ag ligean an duine faoi bhannaí,

(b) nó le Rialtóir an phríosú in ina bhfuil an cúisí faoi choimeád,

agus ar an gcúirtbhanna (i bhFoirm 18.1, 18.2 nó 18.3) a chomhlánú scaoilfear saor an duine mura mbeidh de chúis lena bheith nó lena beith i gcoimeád ach an cion ar ina leith a ligfear faoi bhannaí é nó í.

(5) Déanfaidh an Cléireach nó an Rialtóir a mbeidh an t-airgead sin á fháil aige nó aici admháil a eisiúint i leith gach taiscthe agus comhlánóidh sé nó sí an deimhniú i dtaobh an taiscthe sin ar an gcúirtbhanna.

¶6. Ordóidh an Chúirt cóip den Chúirtbhanna ina mbeidh coinníollacha an Chúirtbhanna a thabhairt don chúisí agus d’aon urra nó urraí.

7. Déanfaidh an Rialtóir a mbeidh aon airgead den sórt sin á fháil aige nó aici an t-airgead a thaisceadh le Cléireach an cheantair cúirte ina bhfuil an Chúirt a bhfuil an duine sin le láithriú os a comhair.

8. Más rud é go mbeidh an cúirtbhanna faoi choinníoll go láithreoidh an duine sin os comhair cúirte seachas suí den Chúirt Dúiche, déanfaidh an Cléireach nó an Rialtóir a mbeidh an t-airgead á fháil aige nó aici an t-airgead a thaisceadh leis an gCláraitheoir Contae cuí nó leis an oifigeach cuí don PhríomhChúirt Choiriúil nó don Chúirt Choiriúil Speisialta, de réir mar a bheidh.

9. Tabharfaidh an Cléireach nó an Rialtóir, de réir mar a bheidh, admháil ar an airgead a thaiscfear don pháirtí a bheidh ag dul sa Chúirtbhanna.

Airgead arna thaisceadh a aisíoc

10. I gcás ina ndéanfaidh cúirt duine a cúisíodh i gcion a ligean faoi bhannaí agus—

​(a) go ndéanfar é nó í a scaoileadh i ndáil leis an gcion sin de bhun alt 8(5) d’Acht 1967 nó ar shlí eile,

(b) go ndéanfaidh an t-ionchúisitheoir nolle prosequi a thaifeadadh i leith an chiona, nó

(c) go gciontófar é nó í nó go gcinnfear é nó í a bheith neamhchiontach sa chion a bhí sa chúiseamh nó i gcion éigin eile a bhféadfaí an cúisí a chiontú ann ar an gcúiseamh sin,

agus más rud é go mbeidh coinníollacha an Chúirtbhanna ina mbeidh duine dulta i dtaca leis sin comhlíonta go cuí, déanfaidh an Chúirt a raibh ceangal ar an gcúisí faoina Chúirtbhanna nó faoina cúirtbhanna láithriú os a comhair ordú (Foirm 18.6) go ndéanfar méid aon Chúirtbhanna a bheidh íoctha isteach sa Chúirt ag aon duine i dtaca leis sin a aisíoc leis an duine agus déanfaidh sí aon ordú a bheidh déanta faoi alt 5(2) den Acht um Bannaí, 1997, a urscaoileadh agus aon urrú s a bheidh glactha ag an gcúirt faoin bhfoalt sin a fhuascailt.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt ordú ag urscaoileadh ordachá in faoi alt 5(2)(b) déanfaidh an cléireach cóip den ordú sin i bhFoirm 18.10 a sheirbheáil leis an ngnáthphost réamhíoctha ar an mbanc, cumann foirgníochta nó comhar creidmheasa iomchuí nó ar an bPost.

Toiliú le bannú ar an mbarántas cimithe

11. Más rud é nach ndéanfar an cúirtbhanna a chomhlánú láithreach, féadfaidh an Breitheamh a dheimhniú ar an mbarántas cimithe go dtoilíonn sé nó sí an duine sin a bhannú, agus méid na mbannaí is gá a lua.

Más rud é go gcimeofar duine chun príosúin gan bhannaí — féadfar é nó í a ligean faoi bhannaí ina dhiaidh sin

12. Más rud é, ar dhuine a bheith arna athchur nó arna hathchur nó ar é nó í a chur ar aghaidh chun trialach nó i gcomhair pianbhreithe, go gcimeofar é nó í chun príosúin gan bhannaí, féadfaidh an Breitheamh a chinneadh, aon tráth roimh lá na héisteachta atrátha nó roimh an gcéad lá de shuíonna na Cúirte a mbeidh an duine sin curtha ar aghaidh chuici chun trialach nó i gcomhair pianbhreithe, go ligfear an duine sin faoi bhannaí, agus féadfaidh sé nó sí, le barántas coirp (Foirm 18.7 , Sceideal B), a chur faoi deara an duine sin a thabhairt os a chomhair nó os a comhair chun é nó í a ligean faoi bhannaí amhlaidh, nó, le deimhniú (Foirm 18.8, Sceideal B), a chur in iúl do Rialtóir an phríosúin go dtoilíonn sé nó sí an duine sin a bhannú, agus méid na mbannaí is gá a lua.

Féadfaidh Feidhmeannach Síochána duine a ligean faoi bhannaí sa phríosún

13. Más rud é go ndeonófar deimhniú toilithe le bannú, déanfaidh Feidhmeannach Síochána sa phríosún nó san áit eile ina bhfuil an duine faoi choimeád, ar an deimhniú a thabhairt ar aird, an duine sin a ligean faoi bhannaí mar a bheidh treoraithe leis an deimhniú, aon tráth roimh lá na héisteachta atrátha, más ar a athchur nó ar a hathchur atá an duine sin, nó roimh an gcéad lá de shuíonna na Cúirte a bhfuil an duine sin le triail nó a bhfuil pianbhreith le cur air nó uirthi os a comhair, más amhlaidh a cuireadh ar aghaidh chun trialach nó i gcomhair pianbhreithe é nó í.

Cúirtbhanna urraí nach bhfuil in ann freastal a thógáil

14. Aon uair nach caoithiúil d’urra freastal ag an bpríosún ina bhfuil an duine faoi choimeád chun dul sa Chúirtbhanna i dteannta an duine sin, ansin féadfaidh Breitheamh nó Feidhmeannach Síochána ag a bhfuil dlínse san áit ina bhfuil cónaí ar an duine atá le bheith ina urra nó ina hurra an cúirtbhanna a thógáil agus cuirfidh sé nó sí faoi deara ansin an cúirtbhanna a tharchur chuig Cléireach an cheantair Chúirte ina ndearnadh an t-ordú chun an duine a chimiú. Tarchuirfidh an Cléireach sin cúirtbhanna an urra chuig Rialtóir an phríosúin ina bhfuil an duine faoi choimeád agus, air sin, féadfaidh Feidhmeannach Síochána a thiocfaidh go dtí an príosún sin (ar an gcúirtbhanna a tógadh cheana ón urra a thabhairt ar aird) cúirtbhanna an duine sin a thógáil agus é nó í a ligean faoi bhannaí.

Déanfaidh Rialtóir duine a scaoileadh saor ar chúirtbhanna a chomhlánú dó nó di

15. Nuair a ligfidh Feidhmeannach Síochána i bpríosún faoi bhannaí duine atá faoi choimeád ansin, agus ar deonaíodh deimhniú toilithe le bannú ina leith, déanfaidh an Rialtóir an duine sin a scaoileadh saor air sin mura bhfuil sé nó sí faoi choimeád ar chúis seachas an cion ar ina leith a ligfear faoi bhannaí é nó í.

Cúirtbhanna a tharchur chuig an gCléireach

16. Déanfar cúirtbhanna a thógfaidh Feidhmeannach Síochána a tharchur chuig Cléireach na Cúirte a bhfuil an duine faoi cheangal leis an gcúirtbhanna láithriú os a comhair. 

Beidh feidhm ag forálacha maidir le finné

17. Beidh feidhm ag forálacha an Ordaithe seo, maille le haon oiriúnuithe is gá, maidir le finné a ligfear faoi bhannaí nó a athchuirfear faoi choimeád le toiliú le bannú nó gan toiliú le bannú.

Féadfar cúirtbhanna a thógáil tráth ar bith

18. Féadfar cúirtbhanna cúisí agus na n-urraí, más ann, faoin Ordú seo a thógáil aon lá agus aon tráth.

*An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 [a. 28(1)].
†An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 [a. 29(1)], arna leasú.
‡An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 [a. 28(2)].
§An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 [a. 28(2)].
¶An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 [a. 26].