Tiobraid Árann - An Chúirt Dúiche - Athrú ar an Oifig Riaracháin

Tipperary District Court

Is mian leis an tSeirbhís Chúirteanna a chur in iúl d'úsáideoirí cúirte go n-aistreoidh oifig riaracháin Chúirt Dúiche Thiobraid Árann, le héifeacht ón 1 Deireadh Fómhair 2026, ó Theach Cúirte Chluain Meala go Teach Cúirte an Aonaigh.

Ón dáta seo, déanfar gach ábhar do Dhúiche Uimh. 8, Contae Thiobraid Árann, a riaradh agus déileálfar leo trí Oifig Cúirte Dúiche an Aonaigh.

Iarrtar ar úsáideoirí cúirte, cleachtóirí dlí agus páirtithe leasmhara eile an t-athrú seo a thabhairt faoi deara agus fiosrúcháin á ndéanamh acu, doiciméid á gcomhdú acu nó gnó á dhéanamh acu a bhaineann le Dúiche Uimh. 8, Contae Thiobraid Árann.

Tabhair faoi deara le do thoil:

  • Leanfaidh Cúirt Dúiche Thiobraid Árann ag suí i nDurlas ar an gcéad agus an ceathrú Céadaoin agus an dara Luan i ngach mí mar is gnáth.

Sonraí Teagmhála:

Teach Cúirte Dúiche an Aonaigh
Teach na Cúirte,
Cearnóg Bhanba,
An tAonach,
Co. Thiobraid Árann E45 TY36.

Uimhir fhóin: 06731319
Ríomhphost:
NenaghDC@courts.ie
Suíomh idirlín:
https://www.courts.ie/offices/nenagh-district-court-office

Cuid de

Foilsitheoir

Dlínse

  • District Court