Rabhadh Aimsire Oráiste Met Éireann do 11 chontae ar Mháirt, 9 Nollaig 2025

 

Seiceáil courts.ie chun an t-eolas is déanaí a fháil sula dtaistealaíonn tú maidin amárach.

Tá uasghrádú déanta ag Met Éireann ar rabhadh aimsire an lae amárach chuig stádas Oráiste toisc go mbeidh tionchar ag Stoirm Bram ar na 11 chontae seo a leanas: An Clár, Corcaigh, Dún na nGall, Gaillimh, Ciarraí, Liatroim, Luimneach, Maigh Eo, Sligeach, Port Láirge agus Loch Garman ó 7r.n.

Táthar ag súil go mbeidh na cúirteanna ag feidhmiú mar a bhí beartaithe. Moltar d'úsáideoirí cúirte, áfach, seiceáil a dhéanamh ar courts.ie maidin Mháirt, 9 Nollaig 2025 sula dtaistealaíonn siad.

Má thagann oifigí cúirte ar an eolas faoi aon chur isteach a d'fhéadfaí a dhéanamh ar a gcúirteanna agus / nó ar a seirbhísí, eiseofar fógra cúirte chomh luath agus is féidir ar maidin.

Cuid de

Dlínse

  • High Court
  • District Court
  • Circuit Court