Tabhair do d'aire, le do thoil, go
gcuirfear na seirbhísí seo a leanas sa rannán Sibhialta agus Probháide i gCé na
gCeannaithe, Luimneach, ar fionraí ón 13 Iúil go dtí go bhfógrófar a mhalairt:
Probháid
Iarratais Phrobháide Nua
Ón 13 Iúil 2026, ní
ghlacfaidh an oifig le hiarratais nua phrobháide.
Is féidir leat fós:
- iarratais
a thaisceadh i mBaile Átha Cliath,
nó - iarratas a dhéanamh
tríd an tairseach ar líne
Chun clárú don tairseach ar líne, seol ríomhphost chuig: portal@courts.ie
Iarratais a cuireadh isteach cheana féin
Leanfaidh an Oifig ar
aghaidh ag próiseáil na n-iarratas go léir atá sa chóras cheana féin.
Cóipeanna de Dheonuithe a Ordú
Ón 13 Iúil 2026, ní ghlacfaidh an oifig le hiarratais ar chóipeanna de
Dheonuithe.
Leanfaimid orainn ag próiseáil na n-iarratas go léir atá sa chóras cheana féin.
Probháid & Sibhialta
Seirbhís Chuntair
Ón 13 Iúil 2026, ní osclófar an cuntar poiblí ach amháin idir:
- 10.00 r.n to 12.30 i.n amháin
Seirbhís teileafóin
Ón 13 Iúil 2026,
ní fhreagrófar ceisteanna teileafóin ach amháin idir:
- 10.00 r.n to 12.30 i.n amháin