Fógra Ard-Chúirte – Socruithe le haghaidh Gníomhaíocht Thionsclaíoch an 14 Deireadh Fómhair 2026

High Court Notice  Arrangements for 14 October 2026
Leis seo, cuirtear in iúl do chleachtóirí agus d’Úsáideoirí Cúirte na socruithe seo a leanas maidir le gníomhaíocht stailce ag cumainn foirne ar Chéadaoin, 14 Deireadh Fómhair 2026.

Atráthanna

I bhfianaise gníomhaíocht stailce, cuirfear gach ábhar a liostaítear don Ard-Chúirt ar Chéadaoin, an 14 Deireadh Fómhair 2026 ar atráth. Beidh na socruithe malartacha do gach liosta atrátha sa dialann dlí do ghnó na hArd-Chúirte a foilsíodh ar 13 Deireadh Fómhair 2026.

Iarratais Éigeandála

Faoi mhaolú a deonaíodh i gcomhréir le hAlt 89(2) den Scéim Idir-réitigh agus Eadrána sa Státseirbhís), beidh Breitheamh den Ard-Chúirt ar fáil chun iarratais theoranta éigeandála a éisteacht ar Chéadaoin 14 Deireadh Fómhair 2026 sna Ceithre Cúirteanna.

Tá an maolú sin teoranta go docht do dhéileáil le hiarratais phráinneacha a bhaineann le hurghairí chun beatha, sláinte, sábháilteacht nó leas a chosaint; iarratais ar fhuadach leanaí "gach calafort"; agus iarratais faoi Airteagal 40 den Bhunreacht.

Deimhnithe

Ní liostófar iarratais os comhair an Bhreithimh gan deimhniú ón gCláraitheoir Dualgais go dtagann an t-ábhar faoi raon feidhme an mhaolaithe agus go n-éilítear liostú leis sin. I gcás aon ní den sórt sin, déan teagmháil le Cláraitheoir Dualgais na hArd-Chúirte ar 087 609 1359.

Príomh-Oifig na hArd-Chúirte agus Seomra Liosta

Beidh Príomh-Oifig na hArd-Chúirte agus an Seomra Liosta dúnta don phobal ar Chéadaoin 14 Deireadh Fómhair. Tá an Bosca Fágála atá suite lasmuigh den Phríomh-Oifig ar fáil chun taisceadh páipéar a éascú, tabhair faoi deara go bhfreastalófar ar gach páipéar den sórt sin ar Dhéardaoin 15 Deireadh Fómhair 2026 (tugtar aird freisin ar Ordú 122 Riail 3 Rialacha na nUaschúirteanna maidir le hAm).

Kim Duffy
Príomh-Chláraitheoir
12 Deireadh Fómhair 2026

Cuid de

Foilsitheoir

  • Gach Oifig

Dlínse

  • High Court